THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

History of the Academy

The contents of this piece are based on an entry in the Encyclopaedia of Ireland*, reproduced with kind permission from the publisher and author.

Is é Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ/RIA) príomhfhoras léinn na hÉireann. Is i 1785 a bunaíodh é, agus an Tiarna Charlemont ina chéad Uachtarán air. Bronnadh cairt ríoga air an bhliain ina dhiaidh sin, agus ar na haidhmeanna luaite ansin bhí fiosrú agus cur chun cinn na n-eolaíochtaí, na dea-litríochta agus na seaniarsmaí, chomh maith leis an gcomhrá agus leis an díospóireacht a spreagadh idir scoláirí ó réimsí difriúla spéise. Bhí aird faoi leith ag an acadamh i dtosach ar dheis a chur ar fáil d'fhorbairt léann na hársaíochta agus bhí sé ar an chéad chumann Éireannach a bhain cothromaíocht amach idir na heolaíochtaí agus na daonnachtaí. Ón tús, bhí aon bhall déag ar chomhairle an acadaimh ó réimsí na heolaíochta agus deichniúr ó réimsí na ndaonnachtaí, agus uachtarán mar cheann uirthi. Déantar sealaíocht san uachtaránacht idir na daonnachtaí agus na heolaíochtaí, babhta trí bliana an ceann. Ag an gcruinniú cinn bliana, toghann na baill an t-uachtarán, na hoifigigh agus baill na comhairle a dhéanann maoirseacht ar ghnó an Acadaimh. Is foras uile-Éireann é an tAcadamh, agus eagraíonn sé comhdhálacha, reachtálann dioscúrsaí agus léachtaí poiblí, agus stiúrann sé taighde, agus foireann c.80 duine ann. Anuas ar na baill reatha (c.400) tá breis agus 60 ball oirearc oinigh, ar a n-áirítear go dtí seo Edmund Burke, Charles Darwin, Enrico Fermi, Max Planck, Maria Edgeworth, Theodor Mommsen, Albert Einstein agus Max Born.

Charlemont


Iarla Charlemont, an chéad uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann

Is ag 114 Sráid Ghrafton a bhí an t-acadamh ag an tús (béal dorais leis an Royal Dublin Society ag an am), ach i ngeall go mór ar an gcnuasach seaniarsmaí a bhí ag méadú leis gan staonadh, bhog sé i 1851 go dtí an t-áitreabh níos fairsinge ina bhfuil sé anois, 19 Sráid Dhásain, teach breá de chuid lár an 18ú céad a thóg an Tiarna Northland. Cuireadh an Seomra Léitheoireachta agus an Seomra Cruinnithe leis an gcúl i 1852-4. Agus súil leis an British Association teacht go Baile Átha Cliath sa bhliain 1857, reáchtáil William Wilde taispeántas nua do na iarsmaí agus réitigh sé catalóg cheannródaíoch ársaíochtaí. Aistríodh an bailiúchán ar fad i 1890 chuig an Dublin Science and Art Museum (Músaem Náisiúnta na hÉireann mar atá anois), ach iad faoi choimirce an acadaimh i gcaitheamh an ama, faoi choinníollacha áirithe. Chuimsigh an t-ábhar seo cuid de na seoda is aitheanta in Éireann, ar nós Chros Chonga, Dhealg na Teamhrach agus Cailís Ardach; le huacht a fágadh cuid díobh seo ag an acadamh, ceannaíodh roinnt eile le síntiúis de chuid na mball aonair.


An Seomra Léitheoireachta a cuireadh le Teach an Acadaimh i 1852-4

Bhí Wilde ar dhuine de na pearsana oirearca iomadúla a chuir le clú an acadaimh le linn an naoú céad déag; ina measc bhí George Petrie, 'an té a bhunaigh an tseandálaíocht Éireannach', Edward Hincks, a rinne dul chun cinn suntasach maidir le hiairiglifí agus le script dhingchruthach a thuiscint, agus Seán Ó Donnabháin, mórscoláire na hÉireann agus an té a chuir eagar ar Annála na gCeithre Máistrí. Bhí spéis faoi leith i gcónaí sa Mhatamaitic agus san Fhisic, go háirithe le linn an naoú céad déag, nuair a rinne Sir William Rowan Hamilton dul chun cinn suntasach i réimse na n-optaicí agus na ndiminicí agus sa teoiric ailgéabrach, nuair a d'aimsigh sé an ceathariníon. Foilsíodh saothar Hamilton faoi choimirce an acadaimh. Ba iad J.L Synge, a rinne obair thábhachtach ar an gcoibhneasacht agus A.W. Conway, a dhírigh fosta ar an gcoibhneasacht, na chéad eagarthóirí. Bhí Ernest Walton, an t-aon bhuaiteoir suntasach Éireannach duais Nobel, ar dhuine de na fisiceoirí ab iomráití de chuid an acadaimh, agus ba bhall oinigh é an teoiriceoir candamach Erwin Schrödinger (1887-1961), a bhí ina chónaí seal in Éirinn - ba é a thug an fhisic nua-aimseartha go hÉirinn lena léachtaí san Acadamh le linn 1939-40.


Ag ceiliúradh bhreithlá William Rowan Hamilton roimh Lá Hamilton 2013

Ó bunaíodh an tAcadamh, tá an leabharlann mar mhóracmhainn taighde dóibh siúd a bhfuil spéis acu i ngnéithe de stair, ársaíocht, teanga, cultúr agus stair dhúlra na hÉireann. Ar na nithe uathúla sa stoc seo, tá an cnuasach, nach bhfuil ceannach air, de phaimfléid ón 17ú go dtí an 19ú haois a d'fhág an ceannaí as Baile Átha Cliath Charles Haliday agus leabharlann Thomas Moore, a thug a bhaintreach don leabharlann. Tá cnuasach luachmhar leathan ag an leabharlann freisin de thréimhseacháin idirnáisiúnta, agus an iomad teideal ina measc sin ar le hÉirinn a bhaineann. Tá an cnuasach lámhscríbhinní níos luachmhaire arís - ina measc siúd tá Cathach iomráiteach Cholm Cille. Go deimhin tá an cnuasach is mó lámhscríbhinní Gaeilge sa leabharlann atá in aon leabharlann ar bith, agus ar na cinn is tábhachtaí tá Lebor na hUidhre (c.1100), an Leabhar Breac, Leabhar Bhaile an Mhóta agus Annála na gCeithre Máistrí. I ngeall ar an spreagadh a thug an tAcadamh na lámhscríbhinní a chaomhnú, agus ar na scríobhaithe a fostaíodh ann le lamhscríbhinní a chóipeáil ina dhiaidh sin, bhí bláthú ar an léann Éireannach a thóg ar an dúshraith a leagadh le toghadh na mball Éireannach, ar nós Chathail Uí Chonchubhair, sna luathbhlianta. Chuaigh scoláirí a tháinig ina ndiaidh, ar nós Eoghain Uí Chomhraidhe agus Sheáin Uí Dhonnabháin, i ngleic arís leis na lámhscríbhinní seo tríd an obair cheannródaíoch a rinne siad i gcomhar leis an Acadamh. Bhí páirt lárnach ag an acadamh fosta sa spéis a cuireadh sa Ghaeilge arís sa 20ú haois leis a obair a rinne Rudolf Thurneysen, Kuno Meyer agus Carl Marstrander. Tá cur síos cuimsitheach ar an leabharlann agus a cuid cnuasach ar fáil in Treasures of the Royal Irish Academy (2009).


Thomas Moore, Hon. MRIA, 1779-1852

Tá spéis leanúnach an acadaimh sa léann Éireannach le feiceáil fosta ina chuid saothar foilsithe thar na blianta, ar a n-áirítear sraith lámhscríbhinní macasamhlacha, sraith Léachtaí Todd, an iris Ériu (a thóg an t-acadamh ar láimh ó Scoil an Ard-Léinn i 1926) Atlas of Ireland (1979) agus Foclóir na Gaeilge (1913-76). Is é Transactions (1787-1907) an chéad fhoilseachán, agus cuireadh Proceedings leis i 1836, a fhoilsítear anois ina dtrí chuid: Roinn A: Matamaitic; Bitheolaíocht agus Comhshaol agus Roinn C, a chlúdaíonn an léann daonna. Ar na hirisí eile tá an Irish Journal of Earth Sciences agus Irish Studies in International Affairs. Tá gach foilseachán de chuid an acadaimh ar fáil anois go leictreonach. Chuir an t-acadamh amach monagraif ar réimse ábhar, ar nós an New Survey of Clare Island, a rinne nuashonrú ar an staidéar dian a rinneadh i 1909-11 faoi stiúir acadúil Robert Lloyd Praeger. Ar na foilseacháin eile le tamall anuas tá sraith monagraf a dhéanann luacháil ar stair roinnt pearsana iomráiteacha polaitiúla in Éirinn (Judging Dev, Judging Lemass) chomh maith le teidil eile ar sheandálaíocht agus ar stair na hÉireann (e.g. Our war, Historical Knowth...).


Griangraf clúdaigh Dublin 1911 le Catríona Crowe   

Tá roinnt tionscnamh tábhachtach ar siúl i dTeach an Acadaimh, ar nós Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, an Dictionary of Irish Biography (9 n-imleabhar arna fhoilsiú ag Cambridge University Press i 2009); Documents on Irish Foreign Policy, comhthionscnamh leis an Roinn Ghnóthaí Eachtracha; Origins of the Irish Constitution (i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne); an Dictionary of Medieval Latin from Celtic Sources; agus an Irish Historical Towns Atlas (a bhfuil fiche ceann foilsithe den 44 fascúl atá beartaithe). Le deireanas, cuireadh tús le dhá thionscnamh thábhachtacha - Art and Architecture in Ireland (a beartaíodh a fhoilsiú i 2014), agus an Digital Humanities Observatory (DHO), tionscnamh cuibhreannais arna mhaoiniú ag an HEA/PRTLI (Programme for Research in Third Level Institutions).


Seamus Heaney ag seoladh an Dictionary of Irish Biography i mBéal Feirste an 16ú Nollaig 2009

Ba í obair Chomhairle Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta an acadaimh ba chionsiocair le bunú An Chomhairle um Thaighde sna Dána i 1999.

Tá deich gcoiste i réimse ábhar a thógann le chéile scoláirí ón uile chearn d'Éirinn le cúrsaí a phlé ag an leibhéal is airde. Tá naisc ag an acadamh le hinstitiúidí dá leithéid i dtíortha eile agus is é an t-ionadaí é ar chuid mhór cumann idirnáisiúnta léinn, chomh maith le páirt a ghlacadh i roinnt tionscnamh tábhachtach idirnáisiúnta. Tugann sé comhairle bheartais don Rialtas agus d'fhoilsigh sé tuarascálacha tábhachtacha agus cáipéisí plé - Developing Key Performance Indicators for the Humanities (2009) agus Making the best of Third Level Science (2009). Is é an tÚdarás um Ard-Oideachais a mhaoiníonn an t-acadamh agus fuarthas maoiniú fosta ó réimse urraitheoirí agus fondúireachtaí príobháideacha a chuir ar a chumas an taighde a chur cinn agus dul i dteagmháil le lucht oideachais, lucht taighde agus leis an bpobal chun leas oileán na hÉireann ar fad.

* Peter Harbison, ‘Royal Irish Academy’, i Brian Lalor (eag.), Encyclopaedia of Ireland (Dublin: Gill & Macmillan, 2003), 948-9.

Fan ar an eolas le nuachtlitir Acadamh Ríoga na hÉireann

Sign up now