
Seoladh Irisleabhar na Gaedhilge, bronntanas ar líne chun athbheochan na Gaeilge a chomóradh
23 March 2016Downloads

Tréimhseachán tábhachtach do lucht athbheochan na Gaeilge sa tréimhse roimh bhunú Shaorstát Éireann a bhí ann.
Sheol an Dr Regina Uí Chollatáin Corpas ar líne Irisleabhar na Gaedhilge (1882-1909) i dTeach an Acadaimh ar an gCéadaoin 23 Márta ag 5:30 i.n.
Mar chuid den obair ar Corpas na Gaeilge 1882-1926, tá digitiú déanta ag foireann Fhoclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) in Acadamh Ríoga na hÉireann ar na hailt Ghaeilge as Irisleabhar na Gaedhilge (imleabhair 1-19).
Tugann an saothar seo aitheantas cuí do na heagarthóirí - Dáithí Coimín, Seán Pléimeann, Eoghan Ó Gramhnaigh, Eoin Mac Néill, Seosamh Laoide agus Tadhg Ó Donnchadha, do na scríbhneoirí go léir, cuid acu a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca 1916, agus do gach duine eile a bhí bainteach leis an iris seo a choinneáil beo in aimsir na hathbheochana.
Tá Irisleabhar na Gaedhilge ar fáil saor in aisce mar chorpas inchuardaithe ar irisleabharnagaedhilge.fng.ie.