
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Bhain an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh céim chéadonóracha amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar aon le MA sa Nua-Ghaeilge agus PhD sa Léann Éireannach. Tréimhsí caite aici ag staidéar in Université de Rennes 2 agus ag teagasc in Université de Bordeaux III. Chaith sí bliain ar scoláireacht Fulbright ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Lehman, Ollscoil Chathair Nua Eabhrac (CUNY). Bronnadh scoláireacht de chuid an IRCHSS uirthi chun tabhairt faoi dhochtúireacht sa Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 'An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922' an teideal a bhí ar a tráchtas dochtúireachta. Bronnadh Duais Adele Dalsimer air don tráchtas is fearr ag Comhdháil ACIS chomh maith le Mention du Jury 2017 de chuid an Franco-Irish Dissertation Award, urraithe ag Ambasáid na Fraince in Éirinn.
Is léachtóir í i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Suim aici i dtréimhse na hAthbheochana, sa Nualitríocht agus san Éicichritic. Is Ball í de Bhord Éigse Éireann.