Gordon Ó Riain
Ollscoil Luimnigh
Léachtóir agus Ceann Ábhair, Léann na Gaeilge, Scoil na Gaeilge, an Bhéarla agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh. Stiúrthóir an chúrsa MA sa Ghaeilge san ollscoil chéana. É ina chomheagarthóir ar an irisleabhar Zeitschrift für celtische Philologie ón mbliain 2022 amach.
Bhain Gordon BA agus PhD (2004, 2008) amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá taighde agus teagasc ar bun aige i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge agus den Léann Ceilteach, go mórmhór i dteanga agus i litríocht na Nua-Ghaeilge Moiche.
Tá tréimhsí caite aige in Ollscoil Uppsala na Sualainne (2009-12) mar léachtóir agus mar cheann ar Rannóg na dTeangacha Ceilteacha agus i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (2012-16) mar chomhalta taighde.
I measc a chuid foilseachán, tá Lorg na Leabhar: A Festschrift for Pádraig A. Breatnach (2019) agus Dá dTrian Feasa Fiafraighidh: Essays on the Irish Grammatical and Metrical Tradition (2017).