Liam Ó hAisibéil
Ollscoil na Gaillimhe
Is Léachtóir le Gaeilge é an Dr Liam Ó hAisibéil i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr ag Ollscoil na Gaillimhe. Sular ceapadh sa phost sin é, chaith sé tréimhsí ag obair agus i mbun taighde in ollscoileanna éagsúla in Éirinn, sa Bhreatain, agus i gCeanada. Faoi láthair, múineann sé cúrsaí san ainmeolaíocht agus i litríocht mheánaoiseach na hÉireann ar chláir fochéime agus iarchéime Ollscoil na Gaillimhe. Tá spéis ar leith aige sna logainmneacha agus in úsáid na n-ainmneacha sin sa litríocht, agus tá taighde suntasach déanta aige in éineacht lena chomhúdar, an Dr Kay Muhr, ar shloinnte na hÉireann, mar atá san Oxford Dictionary of Family Names of Ireland, foilsithe ag Oxford University Press in 2021.