THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Michelle O Riordan

DIAS

Staraí is ea Michelle O Riordan: stair na hÉireann sa tréimhse 1300–1750 is mó atá mar ábhar taighde aici. Baintear leas, go príomha, sa taighde sin as ábhar sa Ghaeilge a cumadh le linn na tréimhse sin.
Tá leabhair, monagraif agus ailt foilsithe aici – i nGaeilge agus i mBéarla – le foilsitheoirí aithnidiúla agus in irisí acadúla piarmheasúnaithe. Orthusan tá trí leabhar ar ghnéithe stairiúla agus litríochta d'fhilíocht na scol agus d'amhráin an tseachtú haois déag:  Poetics and Polemics: Reading seventeenth-century Irish political verse (Cork University Press, 2021), Irish Bardic Poetry: Rhetorical Reality (Cork University Press, 2007), The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World (Cork University Press, 1994). Pléann a leabhar, Múinidh dom Glao: Éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge (Leabhar Breac, 2016), gnéithe d'úsáid agus d'éifeacht an tuisil ghairmigh i bhfilíocht na Gaeilge i gcaitheamh na n-aoiseanna.
Ollamh is ea Michelle O Riordan i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Tabhair tacaíocht do thodhchaí an léinn in Éirinn

Make a donation