
Ríona Ní Churtáin
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Is léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í an Dr Ríona Ní Churtáin. Is as Mainistir na Féile i gCo. Luimnigh ó dhúchas di. Bhain sí a dochtúireacht amach in Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2018. Is iad smaointeoireacht an eiseachais agus saothar Sheáin Uí Ríordáin na príomhábhair taighde atá aici, agus tá cuid mhaith foilsithe aici ar na hábhair seo. Bhí sí ina comheagarthóir, i dteannta an Ollaimh Tríona Ní Shíocháin, ar an gcnuasach aistí Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, 2019). Cuireann sí suim sa litríocht chomparáideach, i dteoiric na litríochta agus sa cheol (clasaiceach agus traidisiúnta) chomh maith, agus tá cúpla dioplóma sa cheol clasaiceach bainte amach aici.