
Sorcha de Brún
Ollscoil Luimnigh
Is léachtóir le Gaeilge agus Stiúrthóir Cúrsa ar Léann na hEorpa in Ollscoil Luimnigh í an Dr. Sorcha de Brún. Bhain sí bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Pholaitíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; céim MA sa i dTeoiric agus Fealsúnacht na Polaitíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; céim MA sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus céim PhD sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Béal Féirste. Tá mórán alt foilsithe aici ar an bprós comhaimseartha agus ar chultúr na Gaeilge, agus is iad na réimsí taighde atá aici ná fireannachtaí i bprós-scríbhneoireacht na Gaeilge agus léann an aistriúcháin. Tá sí mar Chomhcheannaire Dánnerstag, togra filíochta Gearmáinis-Gaeilge. Ghnóthaigh sí Scoláireacht John agus Pat Hume in Ollscoil Mhá Nuad 2007-2010. Bronnadh Duais Foras na Gaeilge uirthi in 2007 agus Duais Ghearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain in 2008. Tá sí mar dhuine d’eagarthóirí na hirise EuropeNow Campus atá lonnaithe in Ollscoil Columbia, Meiriceá.