Léacht Phoiblí - Athrú Teanga agus Tráma in Éirinn
When
Tuesday, October 3, 2017, 18:30Where
Tickets
An tOllamh Michael Cronin, MRIA. Á eagrú ag Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach, Acadamh Ríoga na hÉireann.
Agus cúrsaí teanga arís i mbéal an phobail ó thuaidh agus ó theas in Éirinn ba mhaith liom fréamhacha síceolaíocha an athraithe teanga a phlé. Cén tionchar a bhíonn ag athrú teanga ar fhéinmheas agus ar fhéiníomhá an phobail agus an bhfuil naimhdeas don Ghaeilge i measc tráchtairí áirithe ceangailte le féinfhuath an spleáchais? An gcaithfimid níos mó béime a chur ar iarsmaí síceolaíocha tréigean na teanga chun teacht ar thuiscint níos réadúla maidir le sealbhú agus cur chun cinn na teanga as seo amach?
Is féidir le baill an Acadaimh ticéid a chur in áirithe trí ríomhphost a chur go e.nimhearrai@ria.ie
Beidh An tOllamh Máirín Nic Eoin, MRIA (Ollamh Emerita, OCBÁC), sa chathaoir. Cuirfear tae / caife ar fáil nuair a bheidh sé thart.