
Fionntán De Brún
Ollscoil Mhá Nuad
Ceapadh Fionntan de Brún ina ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i Meán Fómhair 2017. Roimhe sin bhí sé ina léachtóir sinsearach in Ollscoil Uladh (2006-17) agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste (1998-2006). Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (1992) agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air in 2002. D'fhoilsigh an Clóchomhar a thráchtas dochtúireachta in 2002 faoin teideal Seosamh Mac Grianna – an mhéin rúin.
I measc na bhfoilseachán is déanaí leis tá an monagraf Revivalism and Modern Irish Literature: the anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press 2019) a bunaíodh ar an tionscnamh AHRC ‘Rethinking Revivalism – a conceptual case study in Modern Irish Literature’ (2016-17). Bhí sé ina chomheagarthóir/eagarthóir ar thrí cinn d’eagráin den tsraith bhliantúil Léachtaí Cholm Cille – LCC XLIX: Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen – saol agus saothar mhuintir Nualláin (2019); LCC 52 –‘Scríobhaithe an Tuaiscirt 1650-1900 (2021) agus LCC 53 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach (2022). Bhí sé ina stiúrthóir ar thionscnamh digiteach beathaisnéisí ‘Scríobhaithe an Tuaiscirt 1650-1900’ bunaithe ar thráchtas PhD Fintan Keegan ina ndearnadh bunachar inchuardaithe de breis is 230 beathaisnéis https://atlasnagaeilge.maynoothuniversity.ie/Home
Chomh maith lena shaothar acadúil tá cnuasach gearrscéalta leis, dar teideal Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín 2005), agus foilseofar úrscéal staire leis go luath.