
Tracey Ní Mhaonaigh
Rúnaí Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr CeilteachOllscoil Mhá Nuad
Is Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Tracey Ní Mhaonaigh, agus eagarthóir Irisleabhar Mhá Nuad. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí foclóireachta agus aistritheoireachta, i saol agus i litríocht Chorca Dhuibhne, agus i scéal na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bronnadh an dochtúireacht uirthi as an obair a rinne sí ar an ollsaothar foclóireachta 'Croidhe Cainnte Ciarraighe' a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh. Tá roinnt leabhar curtha amach aici le tamall de bhlianta anuas, As Tobar an Doibhlinigh (2015), Tháinig do Litir... (2017), agus Ó Chófra Chuallacht Cholm Cille (2021), agus roinnt eagrán de Léachtaí Cholm Cille curtha in eagar, lena n-áirítear LCC XLIV Oidhreacht Uí Ghramhnaigh. Chuir sí alt i gcló ar an Athair Ó Gramhnaigh in Ríocht na Mídhe (2019) agus bunaíodh leabhrán speisialta Chomhairle Chontae na Mí, The Life and Legacy of An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (2021), air.