THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

Cuireann Acadamh Ríoga na hÉireann an taighde chun cinn. Tugaimid aitheantas do scoth taighdeoirí na hÉireann. Tugaimid tacaíocht don scoláireacht agus cuirimid an pobal ar an eolas faoin leas atá le baint as an eolaíocht agus as na daonnachtaí. Creidimid gur gá an dea-thaighde a chur chun cinn, a chothú agus a chur in iúl don phobal. Comhairle dá chuid ball a reachtálann an tAcadamh. Déantar baill a thoghadh agus meastar gurb é an gradam acadúil is airde in Éirinn é.

Read more about the RIA

'Flash Fiction' i bhFoclóir Mháirtín Uí Chadhain

16 October 2020

San fhoclóir a réitigh Máirtín Ó Cadhain, is minic féith na scéalaíochta le brath ar na samplaí a bhí aige ar úsáid focal. Tá spléachadh thíos ar chuid de na samplaí ar geall le ‘flash fiction’ iad...

Mar chomóradh ar 50 bliain ó d'éag Máirtín Ó Cadhain, tá eagar á chur ag foireann Acadamh Ríoga na hÉireann ar an bhfoclóir mór canúnach a chuir sé i dtoll a chéile. Ón gcaint bheo a bhí le cloisteáil ina thimpeall a tharraing Ó Cadhain bunús na samplaí a chuir sé ar fáil mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid focal, agus is rímhinic a chuir sé comhthéacs ar fáil thar mar ba ghá, dar leat, le brí an fhocail a léiriú go gonta. Fágtar dá bharr go bhfuil scéalta agus scéilíní toirtiúla mearfhicisin againn óna pheann a thugann dúinn léargas ar ghnáthshaol na Gaeltachta trí shúile an mhórúdair seo ar a bhfuil clú as an chaoi ar léirigh sé an saol sin ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Tá roinnt samplaí thíos, faoin gceannfhocal lena mbaineann siad, a léiríonn an chaoi a ndeachaigh sé i mbun na ceirde….

Drochóirí 

drochthráth; an tráth contráilte; tráth na geise nó na teire; tráth na tubaiste, an droch-chuir, an mhí-ádh; míthráthúlacht; antráth. 

Chuaigh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrúigh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosaigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath is ar theangmhaigh an teas leis an gcois ag N. d'éirigh sé ina bhruithshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin ab áil leis é a ídiú a bhí chomh saor air leis an bhfear nár rugadh. D'éirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brí é, ach tá sé sách tinn. Bhí an dream eile dhá shaighdeadh — muintir S. Mh. Bhí N. i bhfiántas ceart. 'Déanfaidh mé do lá,' adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó tháinig mé chomh saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartaíochta orm fhéin. 

Díbheirgeach 

an-doghrainneach; drochmhúinte; te bruite feargach; brúisciúil; coilgneach; fraochmhar; fealltach; díoltasach; francaithe; madrúil; gadhrúil; oilbhéasach; aiciseach. 

Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne. Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse bhur gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di. 

Daidhce

meargántacht; stuaic; olc; mosán; domheanmna. 

Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach… 

Dia shúlach 

duine ar bith; ginealach an bhéil bheo; mac na sceiche; mac an aoin bheo; gein. 

Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis …

... Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh 

Dallán 

poll nó bealach an bhainne i sine na bó, nó i sine ar bith.

Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an dumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách símplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh "freeáilte" agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus "haway" leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"se ar ball? 

Dúrúch

súnás fiántais; leathshaochan; luainíl éigéilleach; a bheith ag imeacht go han-luaineach; daolanna, treallanna nó teas an aithinne a bheith i nduine nó i mbeithíoch ar an gcaoi a mbeadh sé ag imeacht; fleasc a bheith ar rud de réir a imeachta; seachmall 

Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scoraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna.

 Grianghraf le caoinchead Iontaobhas Uí Chadhain: Máirtín Ó Cadhain a d'éag ar an 18ú Deireadh Fómhair 1970.

Fan ar an eolas le nuachtlitir Acadamh Ríoga na hÉireann

Sign up now