
Téarma nua na gcoistí ildisciplíneacha 2022-2026
04 February 2022Tá iarratas á lorg ó bhaill coistí nua do coistí ildisciplíneacha an Acadaimh don téarma 2022- 2026.
Tá deich gcoistí ildisciplíneacha ag an Acadaimh, cúig cinn sna heolaíochataí and cúig cinn sna daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta. Tugann na coistí comhairle and saineolas don Acadamh ar ghnéithe a bhaineann leis na disciplín and tá mór-chuid clár phoiblí an Acadaimh ag braith ar shaothar na gcoistí.
Coistí na hEolaíochtaí:
- Climate Change and Environmental Sciences
- Engineering and Computer Science
- Geosciences and Geographical Sciences
- Life and Medical Sciences
- Physical, Chemical and Mathematical Sciences
Tuilleadh eolas ar Coistí na hEolaíochtaí
Coistí na nDaonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta:
- Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach
- Ethical, Political, Legal and Philosophical Studies
- Historical Studies
- Social Sciences
- Study of Languages, Literature, Culture and Communication
- Tá iarratas á lorg freisin ó bhaill choistí nua do Bhuanchoiste Gnóthaí Idirnáisiúnta.
Tuilleadh eolas ar Coistí na nDaonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta
Déanfaidh an painéal roghnaithe moltaí ar bhonn eolais ón bhfoirm iarratais agus ón CV, agus na critéir seo a leanas i bhfeidhm:
- Saineolas léirithe sa /sna disciplín(í) a bhaineann leis an gcoiste
- Taithí léirithe i rannphairtíócht agus caidreamh gníomhach poiblí
- Tuiscint léirithe ar thosaíochtaí a d'fhéadfadh bheith ag an gCoiste, bunaithe ar ráiteas gairid faoin méid a dhéanfaidh an t-iarrthóir chun iad a bhaint amach
Tá tuilleadh sonraí ar an bpróiséis roghnaithe are fáil anseo
Táthar ag súil go mbeidh cinneadh déanta maidir leis na ceapacháin faoi Mhí Aibreán agus tionólfar na coistí nua i Mí Meán Fómhair 2022.
Cuirfear fáilte roimh iarratais trín bhfoirm iarratais, go dtí 00:00 Aoine, 25 Feabhra 2022.
Tá 20 bhall, de ghnáth, ar gach coiste, meascán de MRIAs agus baill seachtracha. Tá ríthábhacht ag baint le ballraíocht an coiste ó thaobh comhmheas cheart a bheith ann a chlúdaíonn éagsúlacht thíreolaíoch, institiúide, earnála agus ábhair, mar aon lenár gcoimitmint i leith comhionannas, ilchineálacht agus cuimsiú.
Tionólfar na coistí trí uair sa bhlian de ghnáth, go hiondúil mar chruinniú hibride, agus tá fáilte roimh baill part a ghlacadh i ngrupaí oibre ar leith. Téarma ceithre bhliana atá i gceist agus tá seans ag baill ceapachán a fháil don dara théarma.
Tá tuilleadh eolais ar gníomhaíochatái na gcoistí ar fáil sna Tearmaí Thagartha
Seol aon cheist to dtí info@ria.ie