THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest Academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach

Is é aidhm Choiste Léann na Gaeilge ná fóram a thabhairt chun gurbh fhéidir do na baill a ghlacann páirt ann Léann na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta, agus údarás an Acadaimh leo.

Is cuid de dhualgas an Choiste é bheith i dteagmháil leis na forais Stáit i gcoitinne, agus leis an Údarás um Ard-Oideachas go sonrach, le hinstitiúidí acadúla, agus le heagraíochtaí agus cumainn éagsúla eile, ar cheisteanna a bhaineann le Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na Cultúir Cheiltigh. Is ceann dá chúraimí, leis, é aighneachtaí a réiteach ar ghnéithe ar leith de Léann na Gaeilge, agus ráitis phoiblí a dhéanamh ina dtaobh, do réir mar is cuí.

Is trí Ghaeilge a reáchtálfar cruinnithe an Choiste agus a dhéanfar gnó an Choiste.

Toisc sainchumas a bheith ag baill an Choiste i réimse Léann na Gaeilge, agus taithí fhairsing acu ar theagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal, ní miste a cheapadh go nglacfaidh an Coiste páirt ghníomhach, do réir mar is cuí, i dtionscnaimh a bhunófaí chun na buntéacsanna agus na téacsleabhair Ghaeilge atá riachtanach do Léann na Gaeilge ag an tríú leibhéal a sholáthar.

Tionscnaimh Reatha

Chomh maith le gnáthobair an Choiste a reachtáil, tá grúpaí oibre curtha ar bun le díriú ar na hábhair seo a leanas:

  • Maoiniú a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí chun buntéacsanna agus téacsleabhair Ghaeilge atá riachtanach do Léann na Gaeilge ag an tríú leibhéal a sholáthar
  • Ceardlann um Dhigitiú a eagrú san Acadamh ar an 22 Eanáir 2016
  • Comóradh 2016

Irish Language, Literature and Celtic Cultures Committee

The purpose of Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach is to provide a forum whereby the members can promote the study of Irish, Literature in Irish and the Celtic Cultures, nationally and internationally with the authority of the Academy.

As part of its duty, the committee maintains contact with state agencies and in particular with the Higher Education Authority, with academic institutions and with various organizations and associations on issues relating to the study of Irish, Irish Language Literature and the Celtic Cultures. One of its duties is to prepare submissions relating to these areas of study and to make public statements relating to them as appropriate.

Committee meetings and all of the business of the committee is conducted through Irish.

As committee members are specialists in these areas, with wide experience of teaching Irish at third level, it is expected that the committee will take an active part in projects established to provide texts and textbooks that are necessary for the study of Irish at third level, as appropriate.

Current Projects

As well as organising the day to day work of the Committee, working groups have been established to concentrate on the following projects: 

  • Providing financial assistance to publishers supplying necessary Irish language texts and textbooks for use at third level
  • Organising a workshop on the digitisation of Irish language material in the Royal Irish Academy on 22nd January 2016 and publication of report by the end of 2016 ·
  • Commemoration of 1916

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now