THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Liam O'Connor

TMA/TCDÉ

I mí Lúnasa 2019, ceapadh Liam O’Connor ina Stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA/TCDÉ). Tá an bailiúchán is mó d’ábhar ceoil, amhránaíochta agus damhsa thraidisiúnta na hÉireann dá bhfuil ann á choinneáil ag TCDÉ, a bhfuil glactha go fonnmhar aige leis an aistriú ó bheith ag cur rochtain ar fáil ar an láthair chuig rochtain dhigiteach a chur ar fáil d’os cionn milliún úsáideoir in aghaidh na bliana. Gné d’obair TCDÉ le linn na paindéime ba ea dea-chleachtas cartlainne idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm fad a bhí ábhar ealaíne digiteach tarraingteach á chur ar fáil dá chuid úsáideoirí ar líne. “Ealaíontóirí a cheangal le hábhar cartlainne chun saothar nua ealaíne a spreagadh” an fhealsúnacht ba bhunús le sraitheanna amhail Drawing from the Well, dár tugadh ardmholadh forleathan. Tá méadú suntasach tagtha ar bhuiséad maoinithe TCDÉ ó bhí an bhliain 2019 ann. Sa bhliain 2021, d’fhoilsigh TCDÉ Bailiúchán Forde ó lámhscríbhinní a bhí á choinneáil in Acadamh Ríoga na hÉireann. I bhfianaise an spéis atá ag Liam i gceol traidisiúnta, i mbéaloideas agus sna healaíona i gcoitinne, agus an taithí atá aige leo, d’oibrigh Liam ina Rúnaí ar an gCumann le Béaloideas Éireann, ar bhord Ghradam Ceoil TG4 agus ar phainéil éagsúla de chuid na Comhairle Ealaíon. Tá sé an-bhródúil as taithí a fháil agus é ina intéirneach ag obair ar Thionscadal Doegan de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2010. Tá cáil mhór ar Liam ina fhidléir, agus is iomaí clár ceoil thraidisiúnta ar RTÉ, TG4 agus RnaG ar ghlac sé páirt iontu le linn dó a bheith ag casadh ceoil le cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is mó cáil in Éirinn, Noel Hill, Liam O’Flynn agus Cormac Begley ina measc.

Support the future of sciences & humanities in Ireland

Make a donation