THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Seachtain na Gaeilge: Ernie O'Malley

13 March 2020

I gcomhar le Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus Foclóir Stairiúil na Gaeilge, tá beathaisnéis Ernie O'Malley aistrithe mar chomóradh ar Sheachtain na Gaeilge 2020. 

Scríofa ag Richard English

Rugadh Ernest Bernard (‘Ernie’) O’Malley, réabhlóidí agus scríbhneoir, ar an 26 Bealtaine 1897 i Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, agus é ar an dara duine clainne de naonúr mac agus beirt iníonacha a rugadh do Luke Malley cléireach dlíodóra, agus Marion Malley (née Kearney) as Co. Ros Comáin. Ernest Bernard Malley a baisteadh air, ach is léir ó na leaganacha éagsúla den ainm a d’úsáid sé (Earnán O Máille, Earnán O'Malley, agus, den chuid is mó, Ernie O'Malley) go mbíodh sé sa tóir ar fhéiniúlacht Éireannach, agus ba í an tóir chéanna sin a bhí mar chroíchuid dá réim agus dá dhearcadh poblachtach.

In 1906 d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath, áit ar fhreastail O’Malley ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Richmond Thuaidh. Chuaigh sé le staidéar an leighis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1915. Bhí an rún i dtosach aige dul bealach a dhearthár isteach in arm na Breataine, ach is amhlaidh a chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann tar éis Éirí Amach 1916 (mar bhall de Chomplacht F, 1ú Chathlán, Briogáid Átha Cliath). Chuaigh an tÉirí Amach i bhfeidhm go láidir ar a chuid smaointeoireachta, agus bhí sé chun tosaigh go mór san IRA le linn réabhlóid sin na hÉireann a lean. In 1918, tar éis gur theip faoi dhó air ina scrúdú ollscoile dara bliana, d’fhág O’Malley an baile ina dhiaidh go ndeachaigh sé go hiomlán leis an gcúis phoblachtach. Ar dtús, bhí sé ina eagraí ar na hÓglaigh agus é ina Dhara Leifteanant (faoi stiúir Risteáird Uí Mhaolchatha), ar obair i dTír Eoghain, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus i nDún na nGall. Sa bhliain 1918 bhí sé ag cur atheagair ar ghrúpaí Óglach sna ceantair nó chuir sé grúpaí úra ar bun iontu. Le linn 1919 d’oibir sé ina chaptaen foirne IRA ceangailte leis an Ard-Cheanncheathrú, agus chuir sé eagar agus oiliúint ar Óglaigh i gcontaetha an Chláir, Thiobraid Árann agus Bhaile Átha Cliath. Ba shuntasach an taifead míleata a bhí aige leis an IRA le linn Chogadh na Saoirse, agus bhí sé chun tosaigh sna hionsaithe ar bheairic Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann (Bealtaine 1920), beairic Dhrongáin, Co. Thiobraid Árann (Meitheamh 1920) agus beairic Chrois na Rae, Co. Thiobraid Árann (Iúil 1920). Le linn a laethanta san IRA bhí mar chomrádaithe aige Dan Breen, Séamus Robinson agus Seán Treacy. I mí na Nollag 1920 ghabh fórsaí na Corónach O’Malley i gCo. Chill Chainnigh. D’éalaigh sé ó phríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath mí Feabhra 1921, agus chuaigh sé i gceannas ar Dhara Rannán Theas an IRA (agus é ina cheannfort-ghinearál).

Bhí fréamhacha polaitiúla ag an tiomantas poblachtach a bhí ag O’Malley, sa mhéid gur chreid sé go diongbháilte gur chóir go mbeadh Éire iomlán neamhspleách ar an Bhreatain, agus go raibh gá leis an bhforéigean chun sin a bhaint amach. Ach bhí cúiseanna éagsúla leis an mian réabhlóideach a bhí ina chroí. Bhí súil ag a theaghlach go mbeadh fostaíocht ghairmiúil mheasúil aige, agus idir sin agus cúlra reiligiúnda agus dúil sa tsaighdiúireacht, bhí dúshraith leagtha le haghaidh a ghairme san IRA: mar oifigeach san IRA bhí sé in ann a náisiúnachas fíochmhar Caitliceach a chur i bhfeidhm go gairmiúil míleata. Ba chorraitheach an saol é fosta, fuair sé saoirse ó leadrán a shaoil sa bhaile, bhí sé ag cur suas go dána dá thuismitheoirí nár phoblachtánaigh iad, agus thug sé bealach éalaithe dó ón ngairm stadach fochéime. Bhí sé in ann réiteach a fháil chomh maith, tríd an gcreideamh a bhí aige sa scarúnachas Éireannach ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de, ar an teannas dian a mhothaigh sé idir an dúil a bhí aige i gcultúr Shasana (mar shampla an tionchar liteartha agus intleachtúil a bhí aige air) agus an ghráin a bhí aige air san am céanna.

Dhiúltaigh O’Malley don chonradh Angla-Éireannach in 1921 mar chomhréiteach nárbh fhéidir glacadh leis. Chaith sé tréimhse an tsosa chogaidh in 1921 ag cur oiliúint ar oifigigh IRA i gceantar a rannáin, agus é ag déanamh go gcuirfí tús arís leis an troid. Mar a tharla, bhí sé chun tosaigh sa dream a bhí in aghaidh an chonartha sa Chogadh Cathartha 1921-1923. Ina thús sin, in 1922, gabhadh é ag na Ceithre Cúirteanna nuair a ghéill na poblachtánaigh ar an 30 Meitheamh ach d’éirigh leis éalú. Ceapadh é ina dhiaidh sin mar leascheann foirne ar an IRA in aghaidh an chonartha, agus bhí sé fosta ar an gcúigear ball de chomhairle airm in aghaidh an chonartha (le Liam Lynch, Liam Deasy, Frank Aiken agus Tomás Ó Deirg).

Gortaíodh O’Malley go dona nuair a ghabh fórsaí an tSaorstáit é i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 1922. Bhí sé sa phríosún go dtí Iúil 1924, agus lena linn sin toghadh é ina TD i mBaile Átha Cliath Thuaidh i dtoghchán 1923, agus chaith sé 41 lá ar stailc ocrais na bpoblachtánach níos déanaí an bhliain sin. Nuair a scaoileadh saor ón bpríosún é, d’fhill sé ar an mbaile agus rinne sé cónaí lena thuismitheoirí i mBaile Átha Cliath. Shocraigh sé gan dul leis an bpolaitíocht sa tréimhse seo tar éis na réabhlóide. Le linn 1926-8 agus 1935-7 bhí sé ag iarraidh críoch a chur lena chéim sa leigheas i gColáiste na hOllscoile, ach níor éirigh leis. Bhí sé ag díriú níba mhó tar éis 1924 ar an saol mar scríbhneoir boihéamach agus taistealaí. Chaith sé an chuid is mó den tréimhse 1924-6 ar thuras téarnaimh tríd an bhFrainc, an Spáinn agus an Iodáil; agus idir 1929 agus 1935 bhí sé ag taisteal thart ar Mheiriceá Thuaidh. Le linn na tréimhse 1929–32 chaith sé seal i New Mexico agus i gCathair Mheicsiceo; in Taos, New Mexico casadh scríbhneoirí agus ealaíontóirí air a chuaigh i gcion air agus é ag scríobh ceann de dhírbheathaisnéisí clasaiceacha na réabhlóide: On another man’s wound (1936) agus The singing flame (1978).

Casadh Helen Hooker (iníon Elon agus Blanche Hooker) ar O’Malley in Connecticut in 1933. Pósadh iad i Londain in 1935, agus bhí an bheirt acu ag tabhairt cúil do chodanna dá saol leis sin: d’fhág seisean a phoblachtánachas ina dhaidh tríd an bpósadh le duine nach raibh aon bhaint aici leis an saol sin, agus bhí sise ag imeacht óna tógáil shaibhir mheasúil tríd an bpósadh seo le hiar-réabhlóidí boihéamach Éireannach, Caitliceach, agus é dífhostaithe. Lonnaigh siad ar dtús i mBaile Átha Cliath agus, tar éis 1938, is i gCo. Mhaigh Eo is mó a bhí siad lonnaithe. Ba é Lóiste Bhuiríos Umhaill sa Chorrán Buí, gar do Bhaile Uí Fhiacháin, áit chónaí O’Malley go dtí 1954, tráth a d’imigh sé go Baile Átha Cliath. Rugadh triúr clainne dóibh: Cahal (1936), Etaín (1940) agus Cormac (1942). Bhí dúil ag an mbeirt sna healaíona, agus bhí sonas ar feadh roinnt blianta ag Ernie agus Helen, ach faoi thús na 1940idí bhí a gcaidreamh ag titim as a chéile. In 1950 d’fhuadaigh Helen an bheirt pháistí ba shine (mar ‘fhuadach’ a chuir an bheirt tuismitheoirí agus an triúr páistí síos air) gur thug go dtí na Stáit Aontaithe iad. Ansin rinne sí colscaradh le O’Malley in 1952. D’fhan Cormac lena athair.

Tar éis bhlianta sin Mheiriceá bhí O’Malley gafa le roinnt tionscadal. Is mór an méid a scríobh sé, ar a n-áirítear saothair do The Bell agus Horizon; bhí sé gafa leis an stiúrthóir scannán John Ford agus é i mbun a scannán Éireannach (lena n-áirítear The quiet man [1952]); rinne sé craoltaí raidió (faoin bpéintéireacht i Meicsiceo do Third Programme an BBC [1947] agus ar a eachtraí san IRA do Raidió Éireann [1953]). Sa bhliain chéanna sin bhí taom croí aige, agus bhí an drochshláinte ina leannán aige an chuid eile dá shaol. Fuair sé bás le cliseadh croí ar an 25 Márta 1957 i mBinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath, i dteach a dheirféar Kathleen. Dhá lá ina dhiaidh sin bhí sochraid stáit aige faoi lánonóracha míleata. Adhlacadh é in uaigh mhuintir Malley i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Tá saol O’Malley ina eiseamláir ar roinnt téamaí tábhachtacha i stair nua-aimseartha pholaitiúil agus intleachtúil na hÉireann. Sna cuimhní cinn cumhachtacha a scríobh sé, mar shampla, feictear an traidisiún bheith ag scríobh go paiteanta faoi Éirinn ainneoin tionchar sainiúil na hiasachta bheith ar an scríobhaí, a fhágann lorg tréithiúil ar an scríbhneoireacht. Ba phoblachtánach treallúsach é, rud atá ina eiseamláir ar an bpolaitíocht sheasmach phoblachtach sin nár éirigh leis an IRA a chur i gcrích, sa deireadh. Chomh maith leis sin, ba dhuine tiomanta diongbháilte é agus is iomaí beart cróga misniúil a rinne sé, agus d’fhulaing sé féin crá chomh maith le bheith ina chúis le crá bheith ar dhaoine eile. Duine liteartha intleachtúil easaontach go smior a bhí in O’Malley – an réabhlóidí boihéamach ina steillbheatha. Tá tábhacht stairiúil leis óir ba réabhlóidí ceannasach é ach in éineacht leis sin scríobh sé cuntais láidre dírbheathaisnéise faoi na blianta sin. Ní hionann a chuimhní cinn agus cuimhní cinn eile, óir tá siad caolchúiseach, féin-chomhfhiosach agus tá uaillmhian liteartha le brath orthu. Is mór an luach stairiúil atá lena scríbhinní óir déanann sé iarracht an spreagadh a aithint a bhí ann don ghníomhaíocht réabhlóideach, seachas chun críche sofheicthe an phoblachtánachais amháin. Chomh maith leis sin, d’fhág sé méid mór ábhar cartlainne le huacht ar mór an luach scolártha atá leis (go háirithe iad siúd atá i gcartlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus iad siúd atá i seilbh phríobháideach a chuid páistí). Ar na híomhánna is suntasaí agus is cumhachtaí de O’Malley tá na grianghraif phortráide a thóg Edward Weston in 1929, atá ar coinneáil sa Centre for Creative Photography in Arizona; tá iontu léiriú cruinn ar dháiríreacht agus ar dhianmhachnamh O’Malley, chomh maith leis an déine corraithe sin a bhain leis.

E. O'Malley, On another man's wound (1936); id., The singing flame (1978); R. English, Ernie O'Malley: IRA intellectual (1998); C. K. H. O'Malley and A. Dolan (ed.), No surrender here: the civil war papers of Ernie O'Malley 1922–1924 (2007)

The image above is of a bust of Ernie O'Malley by Helen Hooker O’Malley Roelofs. Presented to UCD Archives by Cormac O'Malley. Many thanks to UCD Archives for sharing this image.

Is féidir an bheathaisnéis seo a léamh fosta ar ainm.ie.

 

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now