THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Focal ar fhocal

24 October 2017

Fáilte go dtí blag nua seo Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge. Sa chéad mhír seo tabharfaidh muid spléachadh ar stair agus ar chuspóir an tionscnaimh taighde seo, agus caithfidh muid súil fosta ar an scéal is déanaí maidir leis an dul chun cinn atá déanta le deireanas.

'Foclóir an Acadaimh'

Tá stair agus traidisiún fada ag Acadamh Ríoga na hÉireann i dtaca le scoláireacht na Gaeilge, agus le foclóireacht na Gaeilge go háirithe. Is faoi choimirce an Acadaimh a tiomsaíodh an foclóir mór Gaeilge 'Dictionary of the Irish Language, Based Mainly on Early and Middle Irish Materials'. Is iomaí scoláire iomráiteach Gaeilge a chaith seal ag obair ar fhascúil éagsúla an fhoclóra sin sular foilsíodh sa deireadh é ina iomláine i 1976. Is dócha gur fearr an t-eolas atá anois air mar eDIL; is leagan digiteach é sin den fhoclóir, agus tá foireann eDIL ag leanúint den taighde ar an bhfoclóir, á leasú agus ag cur leis mar is gá.

Tar éis gur foilsíodh an Dictionary of the Irish Language, cinneadh mar chéad chéim eile Foclóir dá leithéid don Nua-Ghaeilge a chur á dhéanamh san Acadamh. Ba é a bhí i gceist ná an obair chuimsitheach a rinneadh i dtaca leis na foinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge a dhéanamh leis na foinsí Nua-Ghaeilge (.i. ó c.1600 anall go dtínár linn féin) agus tosaíodh láithreach ar fheachtas léitheoireachta agus cruinnithe sliopanna foclóireachta. Is ionann sliopanna (slips) agus nótaí gearra a léiríonn focail roghnaithe ina gcomhthéacs, agus an fhoinse breactha in éineacht leo. Le linn na tréimhse 20 bliain ina dhiaidh sin, cruinníodh breis agus aon mhilliún díobh seo.

Chonacthas ansin, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige an Fhoclóra nua seo, go raibh gá aird a thabhairt ar mhodhanna nua-theicneolaíochta a bhí tagtha i réim i saol na foclóireachta ó ceapadh tionscnamh an Acadaimh i 1976. Bhí gá anois le corpas teanga ollmhór digiteach, rud a bhféadfaí comhchordachtaí a bhunú air agus a léireodh samplaí d'úsáid na teanga, maille le dáta, údar agus sonraí ábhartha eile, ar bhealach tapaidh cuimsitheach a bheadh inoibrithe ag ríomhchláir. Cuireadh tús le téacsanna stairiúla ilchineálacha a dhigitiú agus leanann an obair sin ar aghaidh go dtí an lá inniu. Faoi láthair tá corpas timpeall 70 milliún focal againn.

Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926

Is dócha go mbeidh an léitheoir eolach ar an CD-ROM Corpas na Gaeilge 1600-1882. Ba é sin an chéad fhoilseachán ag an Acadamh a bhí bunaithe ar na téacsanna a bhí réidh san fhormáid nua dhigiteach faoin bhliain 2004. Nuair a eisíodh é, bhíothas ábalta téarma cuardaigh a aimsiú i gcorpas ina bhfuil breis agus 700 téacs de chuid na tréimhse. Ba iontach an léiriú cuardach dá leithéid ar acmhainn na teicneolaíochta cabhrú le taighde ar fhoclóireacht agus ar theangeolaíocht na Gaeilge. Mar sin féin, tá ar ár gcumas anois, i ngeall ar fhorbairtí suntasacha i saol na ríomhtheangeolaíochta, cur leis an acmhainn seo. Tá corpas ar líne á sheoladh anois againn ina bhfuil na leasuithe seo a leanas:

  • tá síneadh curtha le tréimhse ama na dtéacsanna, a fhad le 1926, agus le líon na dtéacsanna dá reir;
  • tá filíocht, prós, agus tréimhseacháin san áireamh;
  • is féidir cuardaigh éagsúla a dhéanamh - bunaithe ar cheannfhocal, ar an bhunfhoirm, nó ar fhocal caighdeánach.

Is é an cuardach ceannfhocail an t-athrú is suntasaí – mar shampla, ach cuardach amháin a dhéanamh ar an cheannfhocal 'bád' tiocfaidh torthaí a chuimseoidh 'bád' chomh maith leis na foirmeacha infhillte agus neamhchaighdeánacha go léir a d'fhéadfadh bheith sa chorpas: báid, bádaí, mbád, bhád, bháid, bádaibh, seanbhád, báidín, drochbhád srl. Is féidir cliceáil ar thoradh ar bith agus seolfar thú go dtí an téacs ina bhfuil an focal, le go bhfeicfear comhthéacs iomlán an fhocail de réir mar is mian.

Is forbairt shuntasach atá i gceist anseo agus táimid lánchinnte go mbeidh ráchairt ag teangeolaithe, ag foclóirithe agus ag an phobal i gcoitinne air. Bhí dúshláin mhóra le sárú le go mbeadh an cuardach chomh cruinn agus chomh cuimsitheach agus atá, mar a thuigfeadh éinne a bhíonn ag plé le foinsí Gaeilge na coda luaithe den tréimhse seo, ina mbíonn éagsúlachtaí móra sna coinbhinsiúin litrithe ó théacs go téacs. Sáraíodh na dúshláin chéanna trí uirlisí den scoth domhanda a úsáid, agus is mór atáimid faoi chomaoin ag an Ollamh Kevin Scannell (Ollscoil St. Louis) agus ag an Dr Elaine Nic Dhonnchadha (Coláiste na Tríonóide) as na huirlisí atá forbartha acu a chur in oiriúint agus ar fáil dúinn. Táimid buíoch freisin de Choiste Eagarthóireachta an Fhoclóra Stairiúil as an dua a caitheadh leis an dearbhú cáilíochta a chur i gcrích. Faighimid maoiniú ón Roinn Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus táimid faoi chomaoin mhór ag an Roinn as sin a chur ar fáil.

Na chéad cheimeanna eile

Tá an corpas stairiúil iomlán (1600-c2000), a bheidh mar bhunús don obair ar an Fhoclóir Stairiúil, á réiteach i gcónaí le go mbeidh sé leordhóthanach don obair sin. Tá timpeall 70 milliún focal cruinn ann faoi láthair, agus is é 90 milliún an sprioc atá againn. Mar sin féin, is féidir tosú ar iontrálacha samplacha a dhréachtú agus tá súil cuid díobh sin a fhoilsiú ar an suíomh seo gan mhoill. Anuas air sin, beifear ag foilsiú dhá mhionchorpas eile go leictreonach - is é Corpas an Bhlascaoid an chéad cheann díobh sin, agus beidh Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ag teacht fosta. Cuirfidh an dá áis seo go mór leis an mhéid atá ann cheana, idir an Corpas Stairiúil seo atá seolta anois agus an dá mhionchorpas eile, Irisleabhar na Gaedhilge (2016) agus Focail Fholaithe (2014).

Dr Charles Dillon

Eagarthóir, Foclóir Stairiúil na Gaeilge

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now