THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Foclóir Gaeilge Mháirtín Uí Chadhain

19 December 2019

‘Suigh síos agus déan do chuairt.  Is iomaí lá sa reilig orainn...’

Idir 1937 agus 1946 bhí an scríbhneoir Connachtach Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid An Gúm ag cnuasach focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig An Gúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1000 ceannfhocal. 

Cuireadh síos ar scéim seo na Roinne in alt ar an Irish Independent i mí na Bealtaine 1937, tráth a rabhthas ag iarraidh daoine a mhealladh chun cabhrú le An Gúm bailiúcháin a dhéanamh de ‘liostaí focal agus leaganacha cainnte a bhaineas le gnáth-shaoghal na Gaeltachta agus le gach céird agus gach slighe bheatha ar leith’. Dá bharr, cuireadh daoine ar obair ar fud na gceantar Gaeltachta gur cruthaíodh stóras mór focal agus samplaí a bheadh mar dhúshraith ar ball do Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977).

Ba bheacht an treoir a chuir Oifigeach Foilseacháin An Gúm, Seán Mac Lellan, ar fáil dóibh siúd a bheadh ag bailiú an ábhair:

‘Caithfear an focal nó an téarma atá i gceist a mhíniú agus a chur le h-obair ins an leagan (nó na leaganacha) nádúrtha Gaedhilge a ghabhann leis de ghnáth. Chuige sin béidh sé riachtanach abairteacha agus samplaí a thabhairt chun an chiall atá leis a chur i n-iúl go soiléir...’

Chuaigh Máirtín Ó Cadhain i mbun an chúraim go dícheallach, óir bhí sé ag obair ar chnuasach leaganacha dá leithéid, as a stuaim féin, le cúig bliana déag an t-am sin! Is ón chaint bheo is mó a tharraing sé na samplaí a chuir sé ar fáil mar léiriú ar leagan cainte a úsáid, agus tá doimhneacht agus téagar sna leaganacha uaidh a thugann léargas dúinn, ní amháin ar an chur amach a bhí aige ar an teanga, ach ar fhorbairt a intinne agus a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach chomh maith. Chomh maith leis sin tharraing sé ar a stór amhrán agus seanchais nuair a bhí sampla oiriúnach ar fáil ansin. Tá an greann i gcuid mhaith de na leaganacha, agus tá an ghaois i gcuid mhaith eile, ach thar aon rud eile, tá gus agus gearradh na Gaeilge iontu.

Tá foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, ag obair ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne, óir tá luach as cuimse leis an ábhar i dtaca leis an fhoclóireacht. Táimid buíoch de An Gúm agus d’Iontaobhas Uí Chadhain as a dtacaíocht maidir leis an obair seo.

Mar chomóradh le linn 2020 ar 50 bliain ó d’éag Máirtín Ó Cadhain, beidh samplaí spéisiúla á gcur amach againn tríd an chuntas Twitter @OCadhain_RIA.

Leantar muid, caithfear muid a leanacht!

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now