THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

‘Níl éinní is fearr chuige ná braon don mháighistir’

01 December 2022

Déanann Conchúr Mag Eacháin spléachadh ar an fhocal maistir/máistir ‘mún’ agus an úsáid a bhaintí as i gcúrsaí éadaigh agus pisreogachta 

An uair dheireanach anseo bhí mé ag amharc ar an fhocal aingeal, aibhleog bheo a mbaintí úsáid aisti mar chosaint ar na sióga. Agus Oíche Shamhna curtha dínn, bhí mé ag smaointiú ar ghnásanna eile a bhíodh ag an tseandream leis an ruaig a chur ar an aos sí agus eile. Bhí scéal béaloidis as Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, léite agam ar dúchas.ie fá chailín óg a bhí cráite ag bean sí nuair a chuaigh sí thar lios lá agus í ag dul chun na scoile. Nuair a tháinig sí abhaile dúirt sí lena máthair fán méid a bhain di. Cha dtearn an mháthair ach an cailín a ní le fual agus char bhac an bhean sí léi arís. I gcás Oíche Shamhna féin, deirtear in Superstitions of the Highlands & Islands of Scotland go scaiptí seanfhual nó steámar – nó maistir mar a thugtaí air – ar an eallach agus ar ursaineacha an tí ar na hoícheanta cinn ráithe mar chosaint ar na sióga agus ar gach uile olc.

D'aithin mé an focal úd maistir as píosa béaloidis a bhailigh an bailitheoir béaloidis Seán Ó Flannagáin in 1937 i ndeisceart na Gaillimhe, buailte le contae an Chláir, agus atá ar dúchas.ie. Baineann sé le leigheas fá choinne bó a dtearnadh drochshúil uirthi agus is é an rud a bhí i gceist: ‘buidéal do’n Mhaighistear* agus salann agus uisge thríd … *Maighistear = Urine’. Déanann sé tagairt don ‘Maighistear’ cúpla uair sa phíosa chéanna mar chosaint ar na sióga agus mar chosaint ar thinneas fosta: ‘Dhá dtéightheá isteach i dtigh fiabhrais agus trí bhraon do’n Mhaighistear ól ní thógfá an fiabhras’.

Ina aiste ‘Pregnancy and Childbirth in Blasket Island Tradition’ (Women’s Studies Review, iml. 5), pléann Pádraig Ó Héalaí úsáid an tseanmhúin leis an bhean thorrach a chosaint ar na sióga agus ar shúil an chiorraithe go háirithe agus an bhean ina leaba luí seoil. I measc na míreanna béaloidis a bailíodh san Oileán Tiar, luaitear máistir cupla uair, cuir i gcás: ‘Gheofaí buidéilín uisce coisreactha ansan agus do buailfí féna ceann é agus gheofaí buidéilín den máistir agus sháfaí isteach sa leabaidh ag cosa na mná é’. I measc na nótaí deiridh, deir sé, ‘the common word for stale urine is máistir’. Más ea, tá sé aistíoch nach bhfuil aon tagairt dó i bhfoclóirí móra an chéid seo caite, i bhfoclóirí Uí Dhuinnín, foclóir Uí Dhónaill ná i bhfoclóir de Bhaldraithe, cuir i gcás. Is i bhfoclóir Uí Raghallaigh a foilsíodh den chéad uair in 1817 atá an chéad tagairt dó: ‘maistir, s. f. urine’ (An Irish-English Dictionary). Anuas air sin, tá sé i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Thomas de Vere Coneys a foilsíodh in 1849. Focal baininscneach atá ann arís eile agus tá foirm an ghinidigh aige fosta, maistre.

Diomaite de na téacsanna béaloidis a luadh thuas, tá trácht ar an fhocal i roinnt foinsí eile ón chéad seo caite. Tá liosta focal i gcló ag Seán Ó Súilleabháin, an béaloideasaí cáiliúil, in Éigse 4 (1943–45), agus is focail iad seo a bhailigh sé ina cheantar dúchais féin i dTuath Ó Siosta, Co. Chiarraí. Rinne Seán athrá ar na focail mar a chuala sé iad agus rinne R.B. Breathnach tras-scríobh foghraíochta orthu. Sa chás seo, tá ‘á’ san fhocal: ‘Máighistir [ˈma:ʃdjirj] colloquial name applied to urine in folk medicine. “Níl éinní is fearr chuige ná braon don mh.”’. I measc focail a thiomsaigh Séamus Ó Maolchathaigh i ndeisceart Thiobraid Árann – agus atá anois mar chuid de Focail Fholaithe Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge – tá an méid seo aige: ‘“an maighistir” = ainm ar fhual nuair dheintear aon úsáid de, dheineadh na figheadóirí úsáid de ag dathughadh an éadaigh’. Ba choir a rá go bhfuil an sainmhíniú sin ag teacht le Gaeilge na hAlban agus an iontráil atá in Faclair Dwelly a cuireadh i gcló i dtús na haoise seo caite agus atá ar fáil ar line: ‘maistir sm Urine prepared for dyeing’. Baineann na samplaí eile le Co. na Gaillimhe agus luaitear éadach le cuid acu, nó úrú bréidín, le bheith níos cruinne. Sa leabhar Airneán: ein sammlung von texten aus Carna (1996), cnuasach téacsanna a bailíodh i gCarna in 1964, tá gluais ann agus an píosa seo ann: ‘máistir m. urine (for scouring tweed)’. Seo an téacs lena mbaineann sé sa leabhar chéanna:

… ní ligfí duine ar bith bean, fear, gasúr nó páiste tao’ amach de dhoras, beag ná mór, ach chaithfeadh sé goil go dtí an dabhach sin agus a chuid uisce a dhíonamh síos insa dabhach. Agus ’sé an seanainm Gaeilge a bhí acub ar an uisce sin ná rud a dtugaidís máistir air. Agus ’sé an máistir a bhí acub le haighidh úr an bhréidín a bhaint.

Sa leabhar Cois Fharraige le mo linnse (1974) le Seán Ó Conghaile, tá an leagan gaolmhar seanmháistir aige: ‘Bhíodh seanmháistir (fual) le húrú a dhéanamh agus ba mhinic á oibriú é. Mura mbeadh sé úraithe go maith ní thógfadh sé an dath’. Ní luaitear úsáid an mhúin sa tsampla atá in Foirisiún Focal as Gaillimh (1985) le Tomás de Bhaldraithe. Tá sé spéisiúil go mbaineann an sampla seo le ceantar Charna arís agus le Cois Fharraige fosta, agus go bhfuil sé curtha le chéile le máistir, ‘master’ is dócha aige: ‘máistir f. ~ damhsa 20, bréagán adhmaid, cruth duine air is na géaga sochorraithe. 2. Seanfhual 20 [Cois Fharraige], 19 [Carna]’. Sa leabhar chéanna, tá an iontráil seanmháistir ann, agus sa chás seo luaitear níochán agus cúrsaí pisreog leis agus baineann sé le Cois Fharraige an uair seo: ‘seanmháistir f. Seanfhual a choinnítí le haghaidh níocháin, agus i gcúrsaí pisreoga 20. Buail an ~ uirthi 20.’ Tá tuilleadh eolais agus leagan foghraíochta ag de Bhaldraithe in ‘Cainteannaí as Cois Fhairrge’ a foilsíodh in Éigse 5 (1945–47) agus sa chás seo tá na daoine maithe luaite go sonrach: ‘sean-mháistir [ˈʃæ:n ˈwɑ:ʃdjirj] a.f. .i. sean-fhual (i gceist i gcúrsaí nígheacháin agus le daoine a chosaint ar shídheógaí)’.

Ó thaobh na sanasaíochta de, tá an méid seo ag Whitley Stokes in Beiträge zur Kunde der indogermanischen Sprachen

(1899): ‘maistir “urine”, from *madstri, √mad, whence Lat. madeo’. Ina alt ar bhéaloideas an Bhlascaoid atá luaite thuas, tá neart eolais ag Pádraig Ó Héalaí agus luann sé alt a scríobhadh ar an fhocal in Tocher – iris chartlann Sgoil Eòlais na h-Alba – agus roinneann sé féin a chuid tuairimí i dtaobh an fhocail:

The common Irish word for stale urine is máistir. The cognate Scots Gaelic maighistir, is tentatively explained in Tocher, 50 (1995), 25, as ‘a Gaelic borrowing from Latin mixture [“mixture”] or old French mistur, assimilated to the better known word for “master” (from magister)’. A more likely derivation for máistir/maighistir, however, may be from medieval Latin magisterium, [‘the philosopher’s stone’], English ‘magistery’, a term applied to a specially prepared medicine or any substance capable of healing; see OED s.v. ‘magistery’.

Cinnte, tá úsáid an mhúin nó maistir/máistir i gcúrsaí leighis luaite i roinnt samplaí ach níl i gcás an-chuid cásanna eile. Mar gheall air sin, ní gá go mbeadh dealramh leis an mhéid sin ag an deireadh. Mar a dúirt mé cheana, tá an focal in úsáid in Albain chomh maith, i nGaeilge agus in Albainis fosta. Sa Dictionary of the Scots Language ar líne tá: ‘MAISTER, n.2 Also master, mester. Stale urine … [ˈmestər]’. Ag bun na hiontrála, deirtear: ‘Appar. a deriv. from Mid.Du. mest, dung, Ger. mist, id., cogn. with Du. dial. miegen, O.E. mīgan, to make water, O.Fris. mēse, urine’ – is é sin Próta-Ind-Eorpais, *meigh- ‘to urinate’ a bhfuil baint ag micturate an Bhéarla leis.

Tá sé spéisiúil nach bhfuarthas sampla ar bith den fhocal in Ultaibh – go fóill ar dhóigh ar bith – cé go bhfuil sé le fáil in Albain, i gConnachta, agus i gCúige Mumhan. Is dócha go dtiocfar ar shamplaí eile agus an Foclóir Stairiúil na Gaeilge á thiomsú againn. Idir an dá linn, más fual, mún, maothachán, steámarmaistir/máistir a thugann tú ar an uisce sin, ní mholann muid é a chaitheamh ar na páistí fiú má tá na sióga ag cur isteach oraibh.

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now