
Gairm ar Pháipéir - Call for Papers
21 November 2022Beidh comhdháil ina gcuirfear Teangeolaíocht na Gaeilge/Cananachas na Gàidhlig/Linguistics of the Gaelic languages faoi chaibidil, á reáchtáil in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 9ú lá de Mheitheamh 2023, faoi choimirce Foclóir Stairiúil na Gaeilge.
Cuirfear fáilte roimh pháipéir (25 nóiméad) i nGaeilge nó i mBéarla ar aon ghné de theangeolaíocht na Gaeilge. Papers of 25 minutes' duration are invited in Irish or in English on the following topics:
- an teangeolaíocht stairiúil
- léacseolaíocht, sanasaíocht agus foclóireacht
- canúineolaíocht
- gramadach agus comhréir
- fraseolaíocht
- an ríomh-theangeolaíocht agus an teangeolaíocht chorpais
Iarrtar orthu siúd ar mian leo páipéar a thairiscint achoimre 250 focal a chur chuig fng@ria.ie faoin Aoine an 27ú Eanáir 2023.
Abstracts of 250 words from those interested in presenting a paper should be sent by email to fng@ria.ie by the closing date of Friday the 27th of January 2023.