THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Scoláireachtaí Foilsitheoireachta

15 May 2019

Tá dhá scoláireacht le bronnadh faoi scéim nua a ceapadh d’fhonn tacaíocht a thabhairt d’fhoilsitheoireacht acadúil na Gaeilge.

Fógraíodh Scoláireachtaí Foilsitheoireachta sa bhliain 2018 agus tá Fochoiste na bhFoilseachán de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach, Acadamh Ríoga na hÉireann, an-bhuíoch den Údarás um Ard-Oideachas as an tacaíocht airgid a sholáthar chun an scéim a chur ar bun. Is é aidhm na scoláireachtaí tacaíocht airgid a chur ar fáil do bhaill foirne acadúla in institiúidí ardoideachais na hÉireann chun cuidiú leo leabhar taighde i nGaeilge (monagraf nó cnuasach aistí acadúla, mar shampla) a bhfuil siad ag obair air a thabhairt chun críche lena fhoilsiú.

Fógraíodh na scoláireachtaí i bhfómhar na bliana seo caite agus ba é 1 Feabhra 2019 an sprioc a luadh le hiarratais. Ceapadh coiste athbhreithnithe chun na hiarratais a mheas agus ag deireadh an phróisis sin, cinneadh scoláireacht an duine a bhronnadh ar an Dr Róisín Ní Ghairbhí, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, agus ar an Dr Pádraig Ó Liatháin, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
 

An Dr Róisín Ní Ghairbhí (Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál) 

Tionscadal: Breith na hÉigse: Freagraí cruthaitheacha ar dhá théacs Fiannaíochta 

‘Is iad ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’ agus ‘Laoi Oisín ar Thír na nÓg’ an dá théacs Fiannaíochta atá i gceist sa teideal thuas. Pléifidh an monagraf seo na téacsanna sin agus na freagraí atá tugtha ag lucht éigse na nua-ré (drámadóirí, filí, úrscéalaithe, ealaíontóirí, amhránaithe, dealbhadóirí, lucht déanta scannán agus fealsaimh) orthu. An plé seo ar fhreagraí cruthaitheacha lucht éigse, athraíonn sé ár dtuiscint ar na ‘buntéacsanna’ agus spreagann sé sinn le machnamh a dhéanamh ar ionad agus ar bhríonna iomadúla na dtéacsanna sa ré chomhaimseartha. Thóg Eoin Mac Néill ceann de nádúr síorathnuaiteach na Fiannaíochta agus dúirt (sa réamhrá le Duanaire Finn) gur dhein gach glúin a gcuid féin de théacsanna Fiannaíochta. Tuiscint den saghas céanna (An Fhiannaíocht mar litríocht scriptible, litríocht nach bhfuil teora lena brí), is fráma don mhonagraf ach go gcuirtear loighic ráiteas Mhic Néill i bhfeidhm ar an gcruthaitheacht nua-aimseartha’.

An Dr Pádraig Ó Liatháin (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU)

Tionscadal: Dialann Sheáin Uí Ríordáin (Imleabhar II)

‘Sa bhliain 1984 cheannaigh Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, páipéir  Sheáin Uí Ríordáin. Is i 49 cóipleabhar atá na dialanna a choimeád Seán Ó Ríordáin go rialta ó 1940 go dtí 1977 le fáil anois. Braithim féin go bhfuil sé rí-thábhachtach an t-ábhar seo a fhoilsiú ina iomláine le go bhfaighidh pobal na Gaeilge tuiscint cheart ar an saothar mórthaibhseach seo, saothar a thugann éachtaint ar aigne scríbhneora bhisiúil agus é mar fhianaise ar ré chorrach i stair na hÉireann agus an domhain mhóir. Chuige sin, tá Imleabhar I curtha i gcrích cheana féin agus le foilsiú go luath ag Cló Iar-Chonnacht. Faoin scéim foilsitheoireachta seo ag Acadamh Ríoga na hÉireann, beidh mé in ann tabhairt faoi Imleabhar II a chur i gcló mar chuid den mhorthogra atá idir lámha agam. Cuirfidh na dialanna seo leis an meas atá ar Sheán Ó Ríordáin mar scríbhneoir agus mar smaointeoir scóipiúil agus é ag cíoradh imeachtaí pearsanta agus poiblí de chuid lár an fichiú haois’.

Tréaslaíonn Fochoiste na bhFoilseachán a gcuid éachtaí leis an mbeirt údar. Beidh an scéim scoláireachta á foilsiú arís i bhfómhar na bliana seo agus 1 Feabhra 2020 mar sprioc d’iarratais. https://www.ria.ie/sceim-na-bhfoilseachan

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now