Peig Sayers (1873-1958) agus Scéalaíocht na mBan
When
Thursday, December 13, 2018, 09:30 - 14:00Where
Tickets
Déanfar oidhreacht Pheig mar bhanscéalaí a phlé i gcomhthéacs scéalaíocht thraidisiúnta na mban i gcoitinne.
Seasca bliain tar éis bhás an scéalaí cháiliúil Peig Sayers, déanfar a hoidhreacht mar bhanscéalaí a phlé i gcomhthéacs scéalaíocht thraidisiúnta na mban i gcoitinne. Beidh taispeántas a bheidh dírithe ar bhanscéalaithe agus ar an bpróiseas bailithe féin mar chuid den chomhdháil, a chríochnóidh le seisiún scéalaíochta leis an scéalaí iomráiteach Eithne Ní Ghallchobhair.
I measc na gcainteoirí beidh -
- Eilís Ní Dhuibhne (scríbhneoir agus béaloideasóir)
- Pádraig Ó Héalaí (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
- Máiréad Ní Loingsigh (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh)
- Lillis Ó Laoire (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
- Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (Ollscoil Luimnigh)
Chomh maith leis sin beidh taispeántas á eagrú ag Críostóir Mac Cárthaigh (Cnuasach Bhéaloideas Éireann) agus scéalaíocht ó Eithne Ní Ghallchobhair (Acadamh Ríoga na hÉireann).
Tá fáilte roimh chách, ach moltar duit clárú roimh ré.