THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

Siúlach scéalach: Ag taisteal le Mícheál Ó Cléirigh 1627-1629

Staraí agus scríobhaí ba ea Mícheál Ó Cléirigh, agus sa bhliain 1627 d’imigh sé ar chuairt fhada ar fud na hÉireann agus an rún aige ábhar a chruinniú chun saothar mór a scríobh ar bheathaí na Naomh. Is féidir anois turas Mhíchíl a leanúint thart ar na háiteanna a raibh sé, agus eolas a chur ar chuid de na seanleabhair agus na lámhscríbhinní a fuair sé agus a chóipeáil sé le linn a chuairte.

Tá an StoryMap idirghníomhach seo, arna fhorbairt ag Foclóir Stairiúil na Gaeilge agus ag Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann mar léiriú ar obair scríobhaí de chuid an 17ú haois, a shiúil an tír in aimsir achrannach chun teacht ar fhoinsí lamhscríbhinne a bhí i dtithe agus i mainistreacha ar fud na hÉireann, agus atá anois ar caomhnú in Acadamh Ríoga na hÉireann, UCD, Leabharlann Ríoga na Bruiséile, agus institiúidí eile.

Is féidir an taispeántas idirghníomhach seo a fheiceáil ina iomláine ach cliceáil anseo

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now