THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

‘Cuir aingilín anois fúithe’: Put an ember under it

30 March 2022

Déanann Conchúr Mag Eacháin, iniúchadh ar ‘an tAingeal’ teanga agus béaloidis agus an fhianaise atá air ar fud na hÉireann agus na hAlban.

I gcló in Feasta, Márta, 1950, tá léacht a thug Máirtín Ó Cadhain do Chumann na Scríbhneoirí i mí Feabhra na bliana céanna ar chúrsaí béaloidis. Luann sé tógáil a sheanathara féin san aiste:

Bean ghlún a raibh deasghnátha traidisiúnta na mílte bliain aici a chuidigh leis le amharc a fháil ar a dhúiche bhéaloideasúil an chéad uair. Cuireadh ‘aingeal’ ina bhrollach gach oíche lena chosaint ar ‘an láimh mhór fhada’ a thig anuas an simléar.

Rith sé liom go raibh an focal sin ‘aingeal’ feicthe agam i measc ábhar béaloidis a bhailigh an Cadhnach ina cheantar dúchais féin i gCois Fharaige in 1930 agus atá ar www.duchas.ie. Agus é ag scríobh ar nósanna baiste deir sé:

Chuirtí “aingeal” in éadach a’ pháiste nuair a bhítí dhá thabhairt amach dhá bhaiste(adh) – smiochóidín mhúchta an “t-aingeal” agus nuair a bhítí dhá gcur a chodladh ’san oíche, chuirtí an “t-aingeal” faoi chrios phluideoigín a’ pháiste, agus choisrictí an páiste leis an smiochóidín ... Cuirtear “aingeal” freisin in uisge a bhéarfaidhe isteach deireannach san oidhche. Cosaint ar a’ sluagh sidhe é go’n pháiste nú go’n uisge.

I mórshaothar foclóra an Duinnínigh a foilsíodh in 1927, déantar nasc idir an focal seo agus aingeal ‘angel’ agus iad beirt faoi aon cheannfhocal amháin:

Aingeal, -gil, pl. id. and aingle, m., an angel; a burnt-out cinder taken from the fire, sometimes given in their hands as a protection to children going out at night, is called aingeal, as it is supposed to represent an angel.

Níor smaoinigh mé a mhalairt nuair a roinn mé an focal ar na meáin shóisialta tamall ó shin go dtí go bhfuair mé freagraí ó Ghaeil Alban agus Mhanann ag rá go raibh an focal céanna in úsáid agus an chiall aithinne nó tine leis faoi seach. Músclaíodh tuilleadh spéise ionam san fhocal seo ansin. San fhoclóir Manainnise Fockleyr Manninagh as Baarlagh a foilsíodh in 1866 tá an méid seo ag John Kelly faoin cheannfhocal Aile, ainle (léirionn aile glórú -ng- i lár aingeal, comhartha sóirt de chuid Ghaeilge Oirthear Uladh fosta):

Aile, ainle, s.pl. YN. fire, one of the four elements, a fire, an angel. We have here the same word for fire and angel, ... and may justly conclude that the Celts considered fire as divine; that the Deity appeared and operated by and in fire; that his ‘angels and ministers’ were a ‘flaming fire;’.

I nGaeilge na hAlban, seo thíos an iontráil in Faclair Dwelly a cuireadh i gcló i dtús na haoise seo caite agus atá ar fáil ar line:

Aingeal pl -il, -gle, -glean, -glich, (AC) sm Angel. 2 Messenger. 3 Fire. 4 Light. 5 Sunshine.

Ag fanacht thall, is spéisiúil an iontráil atá ag an Ath. Allan Mac Donald in Gaelic Words and Expressions from South Uist and Eriskay (1958). Dúirt an faisnéiseoir gurbh é aingeal an focal a bhí aige ar thine in áith agus ar thine sa teallach. Sheachain sé an focal teine ar fhaitíos go ndéanfadh sí dochar don teach ar bhealach éigin – trácht ar an diabhal agus taispeánfaidh sé é féin.

Ar ais in Éirinn, murab ionann is foclóir an Duinnínigh, tá dhá cheannfhocal ar leith do aingeal i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977) ar líne: ‘angel’; agus ‘fire; lighted coal’. Sa chéad fhoclóir Gaeilge, Foclóir nó Sanasan Nua leis an mhórscríobhaí Michél Ó Cléirigh a foilsíodh in 1643, tá an aidiacht: Aingeal . i. gríanda, solasda, nó fáoilidh “sunny, light, or glad”’. In Archaeologia Britannica (1707), ‘sunshine, light’ atá ag Edward Lhuyd. Is i bhfoclóir Uí Bhriain, Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla a foilsíodh in 1768 a fhaightear an sampla is luaithe den ainmfhocal seo agus an bhrí tine luaite leis: Aingeal, sun- shine, light, fire.’

Ina fhoclóir de Ghaeilge na Gaillimhe, Foirisiún Focal as Gaillimh (1985), tá an focal gaolmhar aingilín ann a bhailigh Tomás de Bhaldraithe i gCois Fharraige ach aibhleog bheo nó sop lasta atá i gceist:
‘smeachóid dhearg le cur faoin gcuinneog le linn maistridh ... sop lasta le cur timpeall ar ál uibheacha á gcur síos’. Dála aingeal Uí Chadhain, cleachtais phiseogacha iad seo leis an im agus na huibheacha a thabhairt slán.  Tá tuilleadh ar shlip a chuir de Bhaldraithe le chéile d’Fhoclóir Stairiúil an Acadaimh. Aingeal, aingilín an ceannfhocal agus an míniú seo leis i dtosach: ‘something burning or burnt used as a charm in superstitious practices.’ Sop nó fód lasta ó thine Oíche Fhéile Eoin atá i gceist, aibhleog bheo nó mhúchta.


Slip ó Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann

Bhí na piseoga seo coitianta fud fad na hÉireann ach ní léir go bhfuil an focal seo in úsáid i gceantracha eile. I gcomhthéacs an chosanta i gcoinne an tslua sí agus fórsaí dorcha eile, is féidir an nasc idir seo agus aingeal ‘angela shamhlú. Ar an láimh eile, tá aingel mar aidiacht in eDIL agus ‘very bright’ an bhrí atá leis. Feictear na cosúlachtaí idir an chiall a fuarthas as Sanas Cormaic agus iontráil Uí Chléirigh thuas: ‘solus nō grīanda nō fāilid’; an + gel dar le eDIL.


On the metrical glossaries of the mediæval Irish (1893) le Whitley Stokes

Ní mór a rá go bhfuil an t-ainmfhocal ong in eDIL agus tine nó teallach an chiall atá luaite leis; sampla amháin atá ann ó ghluaiseanna meánaoise áit a bhfuil nóta ag maíomh gur dócha go bhfuil sé gaolta le focal Sanscraite aṅgāra ‘gual’. Ina fhoclóir sanasaíochta Ind-Eorpaise, Indogermanisches etymologisches Wörterbuch, a foilsíodh in 1959, tá tuilleadh eolais ag Julius Pokorny faoin iontráil ong/angelo- ‘gual’ agus nascann sé an focal sin le aingeal na Gaeilge agus le focail eile i roinnt teangacha Baltach-Slavacha.


Indogermanisches etymologisches Wörterbuch (1959) le Julius Pokorny

Tá sé suimiúil fosta gurbh fhéidir gur shíolraigh an focal Béarla ingle ‘tine, teallach, aibhleog nó móin dhearg’ ó aingeal ‘tine’, focal atá in úsáid in Albain go háirithe, agus in Ultaibh fosta is dócha, dar leis na foclóirí Albainise ar líne (Dictionary of the Scots Language). Is ón fhocal sin a tháinig an focal ingle- nook ‘clúid na tine’. Is díol suime é go raibh piseog ag baint le húsáid an fhocail ingle in áit fire in Albain fosta, rud a bhí luaite thuas i gcás aingeal in áit tine in Uibhist a Deas. Deir John Jamieson ina fhoclóir sanasaíochta Albainise (1808) i dtaobh ingle – atá mar chuid den iontráil ar DSL :

Some silly superstition is connected with the use of this term in relation to a kiln. For the fire kindled in it is always called the ingle, in the southern parts of Scotland at least. The miller is offended, if it be called the fire.

Tá seans láidir ann mar sin gurb ionann aingeal ‘aibhleog bheo/mhúchta’ Uí Chadhain agus Chois Fharraige agus aingeal ‘tine’ atá le fáil i nGaeilgí eile agus an bhrí leathnaithe le rudaí lasta eile a chur san áireamh, sop nó fód mar shampla. D’fhéadfaí an méid sin a shamhlú in éineacht leis an phiseog gur aingeal é an rud a chosnaíonn duine, im, ál uibheacha nó barra ar dhochar nó ar fhórsaí dorcha, aingeal coimhdeachta de shaghas éigin. Cé gur creideadh go forleathan sa phiseog seo agus an chumhacht a bhain le haibhleog mar chosaint ar an tslua sí agus eile, níor thángthas ar aon samplaí eile i gcorpas Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 nó i leabhair chanúnacha eile ach tá obair idir lámha faoi láthair leis an chorpas sin a fhairsingiú; beidh le feiceáil mar sin.

Íomhá sa cheanntásc: Tinteán i nGort na gCros, Co. Luimnigh (1940). Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair, Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now