Skip to main content

Mar chuid d’obair an Fhoclóra, déanaimid fothionscadail a fhoilsiú a bheidh úsáideach ag lucht taighde agus a mbeidh spéis ag an phobal iontu. Tá eolas ar dhá cheann díobh seo thíos, agus naisc chuig na suímh.

Focail Fholaithe(link is external)

Thaisteal bailitheoirí ar fud na hÉireann san fhichiú haois le focail agus frásaí Gaeilge a bhailiú ó chainteoirí dúchasacha na Gaeilge.  Theastaigh uathu an saibhreas seo a chaomhnú ar bhealach éigin.  Rinne foireann an tionscadail seo na bailiúcháin a eagrú i bhfoirm inchuardaithe, ionas go mbeidh teacht ag an bpobal orthu, agus go mbeidh úsáideoirí in ann iad a chuardach de réir chritéir éagsúla.  Chomh maith leis sin, rinneadh taighde ar na hiontrálacha, agus aimsíodh “focail fholaithe”, i.e. iontrálacha nach bhfuil luaite i bhfoclóirí clóite na fichiú haoise, agus atá, mar sin, i mbaol a gcaillte.

Irisleabhar na Gaedhilge(link is external)

Bhíodh Irisleabhar na Gaedhilge á foilsiú ón mbliain 1882 go dtí 1909. Conradh na Gaeilge a bhí freagrach as an bhfoilseachán i ndiaidh 1894. I measc na scríbhneoirí a bhíodh ag scríobh ann bhí Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Úna Ní Fhaircheallaigh, An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh agus Eoin Mac Néill. I measc na n-ábhar a foilsíodh bhí filíocht, gearrscéalta, stair, béaloideas, amhráin, léirmheasanna leabhar, dinnseanchas, seanfhocail, ábhar d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus cur síos ar obair Chonradh na Gaeilge. Tréimhseachán tábhachtach do lucht athbheochan na Gaeilge sa tréimhse roimh bhunú Shaorstát Éireann a bhí ann.

Mar chuid den chomóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca, táimid ag foilsiú an ábhair Ghaeilge ón Irisleabhar go digiteach i gcorpas atá inchuardaithe ag an phobal. Tá seo ar fáil saor in aisce ach an nasc thuas a leanúint. Tá innéacs na n-alt ann, chomh maith le beathaisnéisí na nEagarthóirí.