Skip to main content

‘Ní fear go dtí é’ – ba é sin mar a rinne Tomás Ó Criomhthain cur síos ar Carl Marstrander agus é ag caint leis an scoláire D.A. Binchy sa bhliain 1926,[i] beagnach 20 bliain tar éis don ‘Lochlannach’ – mar a thugtaí air – cos a leagan ar an Oileán Tiar. Níor chaith sé ach 5 mhí ar an oileán agus níor fhill sé ina dhiaidh sin, ach ba léir gur cothaíodh dlúthchaidreamh idir an bheirt le linn an ama sin.

Rugadh Carl Marstrander in Kristiansand, i ndeisceart na hIorua, in 1883. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois thug sé a aghaidh ar Ollscoil Osló, áit ar cothaíodh a spéis i dteangacha – an tSean-Ghaeilge san áireamh – agus é ina mhac léinn ag Sophus Bugge, Ollamh le Teangeolaíocht Chomparáideach agus an tSean-Lochlainnis, agus Alf Torp, Ollamh le Sanscrait. Lúthchleasaí den scoth a bhí ann agus in 1907 fuair sé cuireadh le bheith ar fhoireann Oilimpeach na hIorua mar léimneoir cuaille. San am chéanna bhí scoláireacht faighte aige dul go hÉirinn agus staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an teanga labhartha. D’áitigh Bugge air dul go hÉirinn agus sin a rinne sé i samhradh na bliana sin.

I mBaile Átha Cliath dó, d’fhan sé le Richard Irvine Best a bhí ina leabharlannaí sa Leabharlann Náisiúnta ag an am, sular thug sé faoin turas fhada go Ciarraí agus Baile an Fheirtéaraigh. Thaitin an tréimhse ansin leis agus é ag stopadh le muintir Lúing ach shocraigh sé dul chuig an Bhlascaod Mhór agus an iomarca Béarla le cluinstin fríd an Ghaeilge ar an tír mór dar leis – ‘ba mhór liom an Béarla bhí ar siubhal tríd an nGhaedhlaing’, ar sé i litir go Best i Meán Fómhair, 1907, agus é ar an oileán le roinnt mhaith seachtainí.[ii]

I mí Lúnasa 1907, bhain Marstrander an tOileán Tiar amach. D’insíodh Marstrander féin scéilín faoina theacht i dtír an chéad uair agus é ag caitheamh aníos rud beag ar léann na leabhar agus an easpa eolais ar an teanga bheo. Bhí cuid de na hoileánaigh cruinn ar an ché agus thug an Rí, Pádraig Ó Catháin, caint uaidh agus é ag cur fáilte roimhe. Nuair a bhí sé críochnaithe, shocraigh Marstrander go dtabharfadh sé féin óráid uaidh i nGaeilge, ach faraor ba í an tSean-Ghaeilge an t-aon Ghaeilge a bhí aige. Agus a chuid focal ráite aige, d’amharc sé ar an Rí agus é ag dúil le freagra uaidh, agus dhearbhaigh an Rí gur teanga álainn go deimhin í an Ioruais![iii]

‘Fear lom árd geal-chroicinn glas-shúlach dob’ eadh é’ Marstrander arsa Tomás Ó Criomhthain ina leabhar dírbheathaisnéise. Bhí duine ó Marstrander leis an Ghaeilge a mhúineadh dó agus bheartaigh an Rí gurbh é Tomás an duine ceart. Casadh ar a chéile iad agus thug sé leabhar leis an Ath. Peadar do Thomás, nó dá ‘mháistir’, mar a bhaist sé air. Seo mar a chuireann Tomás síos ar chúrsaí:

Do ghaibh sé chugham gan ró mhoill agus do cheistigh mé. Do chuir leabhar chugham, “Niamh.” “Táir go maith, ach a’ bhfuil Béarla agat?” ar seisean. “Níl Béarla mór agam, a dhuine uasail,” arsa mise leis. “Déanfaidh san,” ar seisean.

An chéad lá do chuamair le chéile thug sé an teideal máighistir dom!

Carl Marstrandar dob’ é é. Fear breagh dob’ eadh é, uasal, íseal agus, dar ndóigh, is sin mar bhíonn a lán d’á sórt go mbíonn an fhoghluim go léir ortha. Chúig mhí do chaith sé insa Bhlascaod. Téarma insa ló do bhímís le ‘chéile ar feadh leath na h-aimsire, a dó nó a trí huaire ‘chluig gach lá …’[iv]

Bhí tobar glan na Gaeilge aimsithe ag Marstrander dar leis: ‘Is dóigh liom gur glainne i bhfaid an chaint ’tá ’ghá labhairt ann so ná in-aon áit eile do bhuail liom ar mo shiubhal’, deir sé i litir i mí Mheán Fómhair go dtí Best. Bhíodh sé i measc na ndaoine i rith an lae agus bhí feabhas mór i ndiaidh teacht ar a chuid Gaeilge dar leis. Ní raibh an saol chomh compordach aige ar an oileán is mar a bhí sé i mBaile Átha Cliath ach bhí sé i Márta a trí mar is léir ón méid seo sa litir chéanna: ‘Caithfead a rádh gurab é an rud is breághtha a chuala agus do chonnac i n-Éirin an teanga Éireannach, an ceol Éireannach, an t-amhrán Éireannach agus an rinnce Éireannach, do fuaras i measc na ndaoine anabhocht anso’.[v]

A fhad is a bhí sé ar an oileán, bhí Marstrander ag stopadh leis an Rí agus seomra dá chuid féin aige sa ‘Phálás’. Bhí sé ar intinn aige tréimhse fhada a chaitheamh ann ach bhí air filleadh abhaile i dtrátha na Nollag 1907. Rinne sé cur síos ar a sheal ar an Bhlascaod Mhór in ‘Lidt af hvert fra Irland’ san iris Det Norske Geografiske Selskabs Aarbog (20, 1908-9). Anuas ar fhoghlaim na Gaeilge, bhí saothar eile idir lámha aige agus é ann cé nár fhoilsigh sé aon staidéar ar Ghaeilge an Bhlascaoid. Thángthas ar lámhscríbhinn roinnt blianta ó shin i measc pháipéir Marstrander i Leabharlann Náisiúnta na hIorua – ‘Fra Blasket (Nedtegninger under et opphold paa Great Blasket Isl. sommeren 1907)’ – nó ‘Ón Bhlascaod (nótaí a breacadh síos ar an Bhlascaod Mhór, samhradh 1907)’. Tá liosta de na focail ó  A go Aimhréidhe ó fhoclóir an Duinnínigh (Foclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904) aige mar aon leis an fhuaimniú Bhlascaodach, comhchiallaigh agus nótaí eile a bhaineas le Gaeilge an oileáin. Tá sé scríofa sa teanga chaighdeánach a bhí in úsáid san Iorua lena linn sin. Tá an lámhscríbhinn tras-scríofa ag Mads Haga mar chuid de thráchtas máistreachta a rinneadh ar Ollscoil Osló: ‘Liosta focal ón mBlascaod agus a údar, Carl Marstrander’ (2005) an teideal atá air sin.[vi] Tá an foclóir féin digitithe agus ar fáil anseo(link is external).

handwriting in Irish on a yellowing page
Leathanach ó fhoclóir Marstrander, MS 4702, Leabharlann Náisiúnta na hIorua. Le caoinchead ó mhuintir Marstrander agus ón Leabharlann.

Nuair a d’fhág Marstrander an Blascaod Mór in 1907, is dócha nár shíl sé nach gcasfaí a chara Tomás agus an t-oileán leis arís choíche, ach tá an chuma ar an scéal gurbh amhlaidh a tharla. Níor tháinig deireadh leis an chairdeas áfach agus bhíodh an Lochlannach agus an máistir ag scríobh litreacha chuig a chéile agus sheoladh Marstrander síntiúis airgid agus eile chuig a sheanchara ó am go chéile. I measc na rudaí a chuir sé chuig Tomás bhí beart leathanach agus é ag iarraidh air liosta ainmhithe agus plandaí ina chanúint féin a chur chuige. Seo mar a chuireann Tomás féin síos air:

Tháinig litir chugham ó’n Lochlannach lán de pháipéar chun ainm gach ainmhidhe ar an dtalamh, ainm gach éin sa spéir, ainm gach éisc sa bhfairrge agus ainm gach luibhe ag fás a chur chuige anonn go Lochlainn agus órdú agam gan baint le h-aon leabhar ach iad a litriú insa bhlas do bhí agam féin.[vii]

Níor shíl Tomás go mbeadh sé in ann an obair seo a dhéanamh ina aonar óir ní raibh sé ar a chompord ó thaobh litriú na Gaeilge de agus d’iarr sé cúnamh ar Thadhg Ó Ceallaigh, múinteoir Gaeilge, a bhí díreach tar éis teacht chun an oileáin:

Seadh, ní rabhas ró oilte ar an dteangain a bhreacadh san am so agus, a bhuachaill mhaith, níor mhór dom a bheith go sár-mhaith chun na h-ainmneacha so go léir a litriú ceart. Do thagras an scéal le Tadhg. “Ó!” arsa Tadhg, “déanfam le cabhair a chéile iad go rábach.” Ní raibh aon leisce ar Thadhg chun an ghnótha mar do thaithin an obair leis féin thar barr. Do bhíodh tamall gach lá againn ortha nó go rabhadar críochnaithe againn agus gur seoladh chuige anonn iad.[viii]

Maireann an liosta i gcónaí agus é i measc pháipéir Marstrander i Leabharlann Náisiúnta na hIorua. Is i lámh an Chriomhthanaigh féin atá sé cé go bhfuil corrnóta i ndúch eile ag Marstrander féin is dócha. Tá sé roinnte ina rannóga: Na h-éunlaighthe fairge, planndaí, na h-éanluighthe míne, na h-éanluighthe talmhan (móra), na h-éanluighthe talmhan (beaga), na h-éisgeanna, éisgeanna sliogán, insects. Bíonn an focal Gaeilge ann agus an Béarla in éineacht leis nó míniú i mBéarla nuair nach raibh sé sin aige (nó ag Tadhg), is cosúil. Seo roinnt samplaí den dara cás:

Lóma Larger than the féuch mara; has the same habbits; the under feathers are white in the lóma.

Bradhal The same as the cormorant almost – but the bradhal has a white throat, and is something larger.

Fionán “bog-grass” – long white grass used for making súgáin or hay-ropes.

Néunartach A kind of bulb with a few bare leaves and a bluish flower, it was formerly used for tanning leather.

Gobachán The little sparrow that’s seen about the cuckoo.

Gealún buidhe The yellow-hammer (is not here – but is out on the mainland).

Cráinn dubh A smaller kind of whale – very plentiful here some years ago – used to annoy the fishermen very much. She always used to keep around the shoals of mackeral.

Sliogán-bó-leid A hard brown small kind of shell – it is very rare.

Méuracán óir a’s airgid A small little shell with gold and silver streaks.

Sighle an phíce A slender brownish insect with little wings. It is found under stones and runs quickly for the little holes when the stone is lifted.

a handwritten list of Irish words with English definitions on yellowing paper
Leathanach ó liosta an Chriomhthanaigh, MS 4702, Leabharlann Náisiúnta na hIorua. Le caoinchead ón Leabharlann.

Formhór an ama, is féidir teacht ar an leagan canúnach agus an leagan caighdeánach in Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB) (1977) Uí Dhónaill, i bhfoclóir an Duinnínigh, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinn.) (1927) nó i bhfoclóirí eile, rud atá úsáideach nuair atá an leagan Béarla in easnamh, cé nach mbíonn siad ag teacht le chéile i gcónaí. Pléifear roinnt samplaí thíos:

Culúr teine Rock-pigeon.

Colúr tuinne ‘a kind of sea-pigeon’ (Dinn; iarthar Chiarraí); colúr teanna, ‘a rock-pigeon’ (Dinn.); colúr toinne, ‘black guillemot’ (FGB).

Úrlais chríona A bulky kind of herb growing among potatoes. It is gluey to the touch.

Níl an focal seo sna gnáthfhoclóirí ach tá sé i measc bailiúchán ainmneacha plandaí a bhailigh Éamonn Ó hÓgáin i gCorca Dhuibhne agus atá ar fáil ar an tsuíomh Focail Fholaithe: uirlis chríonna, an, ‘Galium aparine / robin-run-the-hedge’.[ix]

Pléann Nicholas Williams an t-ainm seo in alt ar COMHARTaighde 5 (2019).[x]

Amhráin-gléusta A plant with its leaves almost resembling the ivy – but not quite so smooth.

In Focail Fholaithe, tá an méid seo ag an Ógánach: na hamhráin, ‘Heracleum sphondylium’;[xi] odhrán, ‘cow parsley’;[xii] geamhrán gléasta, an, ‘Angelica sylvestrus / angelica’.[xiii]

Leagan malartach é odhrán de feabhrán, ‘Cow-parsnip, hogweed’ in FGB.

Gurradh-préachán A plant growing among potatoes. It is like the fuillig but it is hard.

In Focail Fholaithe, tá na foirmeacha seo i measc chnuasach Uí Ógáin: gora préacháin,[xiv] ach níl aon Bhéarla ná Laidin leis; agus cora préacháin ‘crowsfoot’;[xv] agus tá goradh préacháin ‘(of plant) crowsfoot’ i gcnuasach eile a chuir Seosamh Ó Dálaigh i dtoll a chéile.

Crobh préacháin ‘crowfoot’ an leagan atá in FGB.

Dearg-a-bear A kind of Connor fish, it is quite red, and more slender than the Connor.

In Dinn. tá, ‘dearga-bear a small species of fish found on the beach’, focal a bhfuil Seán Mac Murchadha Caomhánach (‘Seán a Chóta’) luaite leis. Tá tagairt do dearg-bhearg san iontráil chéanna – ‘a bream’ atá i gceist leis sin. Tá sé ag an Chóta ina fhoclóir Croidhe Cainnte Ciarraighe agus dearga-bhear an litriú atá air: ‘éiscín airceach, clipeach a lonnuigheas ameasc log ar an dtráigh (cottas bubalis). Ó n-a dhath a’s a chlipdhe an ainm’.[xvi] Ní dóigh liom go dtagann an cur síos sin leis an méid atá ag an Chriomhthanach. Tá an focal céanna in Uíbh Ráthach agus deirtear gurb ionann é agus ballach Muire nó ‘cuckoo wrasse’ ach luaitear an deargán fosta: ‘Tá breac eile un go dtugann siad an deargadh beara air. Ó mhuise, déanamh an bhallaigh atá ar slí air, ach go ndéarfá gur caoile sa róg siar é ná an ballach; …. An deargadh bear. Goinne garbh air, ar nós an deargáin’.[xvii]

Leathbhíd A very large kind of fish; it goes on the top of the water with the gills on its back in the form of a sail – this gill is about two feet in length.

Tá an focal seo san aguisín ag an Duinníneach agus is cosúil gur focal é nach bhfaightear ach ar an Bhlascaod: Leath-bhíd ‘a sunfish (Blask.)’.

Miothagán An insect similar to the cuil or fly, but a little longer and two yellow wings.

In Dinn. tá an focal meithiagán ‘an insect that appears about 1st of June; cf. meagán’. Faoin iontráil meagán tá ‘the green fly (?)’.

Liosta an-spéisiúil atá ann gan amhras agus is mór an gar é go bhfuil digitiú déanta ar an liosta iomlán fosta agus é ar fáil anseo(link is external).

Níor fhill Marstrander ar an Bhlascaod ach d’fhág sé a lorg ar an oileán ar go leor bealaí. Ba é a mhol do Robin Flower, mar shampla, an t-oileán a thabhairt air féin agus dul i mbun fhoghlaim na Gaeilge ag Tomás Ó Criomhthain. Bhí cara sa chúirt ag Bláithín gan amhras agus é ag dul chuig an Bhlascaod. Bhí an-chion go deo ag Tomás ar an ‘Lochlannach’. Chuir sé an méid sin in iúl dó i bhfoirm véarsaíochta, agus cuireadh an méid céanna i gcló fosta mar chuid den dán ‘Is fada mé im stad’:

Marstrander is ainm don Tréan-Fhear, go raibh

beannacht gheal Dé chuige uaim;

Guidhim feasta saoghal fada óm béal do, gan easba

gan déislin na buadhairt.[xviii]

[i] M. Oftedal, ‘Professor Carl Marstrander’, Studia Celtica 2 (1967), 202-4.
[ii] M. Nic Craith, An tOileánach Léannta (Baile Átha Cliath, 1988), lch. 32.
[iii] M. Oftedal, ‘Carl J. S. Marstrander 1883–1965’, Lochlann 4 (1969), 299-303.
[iv] T. Ó Criomhthain, An tOileánach, An Seabhac (eag.) (1929), lgh. 244-5.
[v] Nic Craith, An tOileánach Léannta, lgh. 34-5.
[vi] Féach fosta J. E. Rekdal, ‘Carl Marstrander’s encounter with the Great Blasket’, Proceedings of the eighth symposium of Societas Celtologica Nordica (2007), 15-20.

[vii] Ó Criomhthain, An tOileánach, lch. 245.

[viii] Ó Criomhthain, An tOileánach, lgh. 245-6.

[ix] http://focailfholaithe.fng.ie/content/uirlis-chr%C3%ADonna(link is external) [ceadaithe 23/08/2023].

[x] N. Williams, ‘Ainmneacha Gaeilge ar Dhá Phlanda Dhúchasacha’, COMHARTaighde 5 (2019) ar fáil anseo: https://comhartaighde.ie/eagrain/5/williams/(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xi] http://focailfholaithe.fng.ie/content/na-hamhr%C3%A1in(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xii] http://focailfholaithe.fng.ie/content/odhr%C3%A1n(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xiii] http://focailfholaithe.fng.ie/content/geamhr%C3%A1n-gl%C3%A9asta(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xiv] http://focailfholaithe.fng.ie/content/gora-pr%C3%A9ach%C3%A1in(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xv] http://focailfholaithe.fng.ie/content/cora-pr%C3%A9ach%C3%A1in(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xvi] Ar fáil anseo: https://www.forasnagaeilge.ie/angum/croidhe-cainnte-ciarraighe/(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

[xvii] C. Nic Pháidín, Cnuasach Focal ó Uíbh Ráthach (Baile Átha Cliath, 1987).

[xviii] S. Laoide, Tonn Tóime (Baile Átha Cliath, 1915), lch. 68; An tOileánach Léannta, lch. 37.

Féach fosta MARSTRANDER, Carl (1883–1965), Ainm.ie, https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=460(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023]; Marstrander, Carl, Dictionary of Irish Biography, https://www.dib.ie/biography/marstrander-carl-a5468(link is external) [ceadaíodh 23/08/2023].

An uair dheireanach anseo bhí mé ag amharc ar an fhocal aingeal, aibhleog bheo a mbaintí úsáid aisti mar chosaint ar na sióga. Agus Oíche Shamhna curtha dínn, bhí mé ag smaointiú ar ghnásanna eile a bhíodh ag an tseandream leis an ruaig a chur ar an aos sí agus eile. Bhí scéal béaloidis as Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, léite agam ar dúchas.ie fá chailín óg a bhí cráite ag bean sí nuair a chuaigh sí thar lios lá agus í ag dul chun na scoile. Nuair a tháinig sí abhaile dúirt sí lena máthair fán méid a bhain di. Cha dtearn an mháthair ach an cailín a ní le fual agus char bhac an bhean sí léi arís. I gcás Oíche Shamhna féin, deirtear in Superstitions of the Highlands & Islands of Scotland go scaiptí seanfhual nó steámar – nó maistir mar a thugtaí air – ar an eallach agus ar ursaineacha an tí ar na hoícheanta cinn ráithe mar chosaint ar na sióga agus ar gach uile olc.

D’aithin mé an focal úd maistir as píosa béaloidis a bhailigh an bailitheoir béaloidis Seán Ó Flannagáin in 1937 i ndeisceart na Gaillimhe, buailte le contae an Chláir, agus atá ar dúchas.ie. Baineann sé le leigheas fá choinne bó a dtearnadh drochshúil uirthi agus is é an rud a bhí i gceist: ‘buidéal do’n Mhaighistear* agus salann agus uisge thríd … *Maighistear = Urine’. Déanann sé tagairt don ‘Maighistear’ cúpla uair sa phíosa chéanna mar chosaint ar na sióga agus mar chosaint ar thinneas fosta: ‘Dhá dtéightheá isteach i dtigh fiabhrais agus trí bhraon do’n Mhaighistear ól ní thógfá an fiabhras’.

Ina aiste ‘Pregnancy and Childbirth in Blasket Island Tradition’ (Women’s Studies Review, iml. 5), pléann Pádraig Ó Héalaí úsáid an tseanmhúin leis an bhean thorrach a chosaint ar na sióga agus ar shúil an chiorraithe go háirithe agus an bhean ina leaba luí seoil. I measc na míreanna béaloidis a bailíodh san Oileán Tiar, luaitear máistir cupla uair, cuir i gcás: ‘Gheofaí buidéilín uisce coisreactha ansan agus do buailfí féna ceann é agus gheofaí buidéilín den máistir agus sháfaí isteach sa leabaidh ag cosa na mná é’. I measc na nótaí deiridh, deir sé, ‘the common word for stale urine is máistir’. Más ea, tá sé aistíoch nach bhfuil aon tagairt dó i bhfoclóirí móra an chéid seo caite, i bhfoclóirí Uí Dhuinnín, foclóir Uí Dhónaill ná i bhfoclóir de Bhaldraithe, cuir i gcás. Is i bhfoclóir Uí Raghallaigh a foilsíodh den chéad uair in 1817 atá an chéad tagairt dó: ‘maistir, s. f. urine’ (An Irish-English Dictionary). Anuas air sin, tá sé i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Thomas de Vere Coneys a foilsíodh in 1849. Focal baininscneach atá ann arís eile agus tá foirm an ghinidigh aige fosta, maistre.

Diomaite de na téacsanna béaloidis a luadh thuas, tá trácht ar an fhocal i roinnt foinsí eile ón chéad seo caite. Tá liosta focal i gcló ag Seán Ó Súilleabháin, an béaloideasaí cáiliúil, in Éigse 4 (1943–45), agus is focail iad seo a bhailigh sé ina cheantar dúchais féin i dTuath Ó Siosta, Co. Chiarraí. Rinne Seán athrá ar na focail mar a chuala sé iad agus rinne R.B. Breathnach tras-scríobh foghraíochta orthu. Sa chás seo, tá ‘á’ san fhocal: ‘Máighistir [ˈma:ʃdjirj] colloquial name applied to urine in folk medicine. “Níl éinní is fearr chuige ná braon don mh.”’. I measc focail a thiomsaigh Séamus Ó Maolchathaigh i ndeisceart Thiobraid Árann – agus atá anois mar chuid de Focail Fholaithe Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge – tá an méid seo aige: ‘“an maighistir” = ainm ar fhual nuair dheintear aon úsáid de, dheineadh na figheadóirí úsáid de ag dathughadh an éadaigh’. Ba choir a rá go bhfuil an sainmhíniú sin ag teacht le Gaeilge na hAlban agus an iontráil atá in Faclair Dwelly a cuireadh i gcló i dtús na haoise seo caite agus atá ar fáil ar line: ‘maistir sm Urine prepared for dyeing’. Baineann na samplaí eile le Co. na Gaillimhe agus luaitear éadach le cuid acu, nó úrú bréidín, le bheith níos cruinne. Sa leabhar Airneán: ein sammlung von texten aus Carna (1996), cnuasach téacsanna a bailíodh i gCarna in 1964, tá gluais ann agus an píosa seo ann: ‘máistir m. urine (for scouring tweed)’. Seo an téacs lena mbaineann sé sa leabhar chéanna:

… ní ligfí duine ar bith bean, fear, gasúr nó páiste tao’ amach de dhoras, beag ná mór, ach chaithfeadh sé goil go dtí an dabhach sin agus a chuid uisce a dhíonamh síos insa dabhach. Agus ’sé an seanainm Gaeilge a bhí acub ar an uisce sin ná rud a dtugaidís máistir air. Agus ’sé an máistir a bhí acub le haighidh úr an bhréidín a bhaint.

Sa leabhar Cois Fharraige le mo linnse (1974) le Seán Ó Conghaile, tá an leagan gaolmhar seanmháistir aige: ‘Bhíodh seanmháistir (fual) le húrú a dhéanamh agus ba mhinic á oibriú é. Mura mbeadh sé úraithe go maith ní thógfadh sé an dath’. Ní luaitear úsáid an mhúin sa tsampla atá in Foirisiún Focal as Gaillimh (1985) le Tomás de Bhaldraithe. Tá sé spéisiúil go mbaineann an sampla seo le ceantar Charna arís agus le Cois Fharraige fosta, agus go bhfuil sé curtha le chéile le máistir, ‘master’ is dócha aige: ‘máistir f. ~ damhsa 20, bréagán adhmaid, cruth duine air is na géaga sochorraithe. 2. Seanfhual 20 [Cois Fharraige], 19 [Carna]’. Sa leabhar chéanna, tá an iontráil seanmháistir ann, agus sa chás seo luaitear níochán agus cúrsaí pisreog leis agus baineann sé le Cois Fharraige an uair seo: ‘seanmháistir f. Seanfhual a choinnítí le haghaidh níocháin, agus i gcúrsaí pisreoga 20. Buail an ~ uirthi 20.’ Tá tuilleadh eolais agus leagan foghraíochta ag de Bhaldraithe in ‘Cainteannaí as Cois Fhairrge’ a foilsíodh in Éigse 5 (1945–47) agus sa chás seo tá na daoine maithe luaite go sonrach: ‘sean-mháistir [ˈʃæ:n ˈwɑ:ʃdjirj] a.f. .i. sean-fhual (i gceist i gcúrsaí nígheacháin agus le daoine a chosaint ar shídheógaí)’.

Ó thaobh na sanasaíochta de, tá an méid seo ag Whitley Stokes in Beiträge zur Kunde der indogermanischen Sprachen

(1899): ‘maistir “urine”, from *madstri, √mad, whence Lat. madeo’. Ina alt ar bhéaloideas an Bhlascaoid atá luaite thuas, tá neart eolais ag Pádraig Ó Héalaí agus luann sé alt a scríobhadh ar an fhocal in Tocher – iris chartlann Sgoil Eòlais na h-Alba – agus roinneann sé féin a chuid tuairimí i dtaobh an fhocail:

The common Irish word for stale urine is máistir. The cognate Scots Gaelic maighistir, is tentatively explained in Tocher, 50 (1995), 25, as ‘a Gaelic borrowing from Latin mixture [“mixture”] or old French mistur, assimilated to the better known word for “master” (from magister)’. A more likely derivation for máistir/maighistir, however, may be from medieval Latin magisterium, [‘the philosopher’s stone’], English ‘magistery’, a term applied to a specially prepared medicine or any substance capable of healing; see OED s.v. ‘magistery’.

Cinnte, tá úsáid an mhúin nó maistir/máistir i gcúrsaí leighis luaite i roinnt samplaí ach níl i gcás an-chuid cásanna eile. Mar gheall air sin, ní gá go mbeadh dealramh leis an mhéid sin ag an deireadh. Mar a dúirt mé cheana, tá an focal in úsáid in Albain chomh maith, i nGaeilge agus in Albainis fosta. Sa Dictionary of the Scots Language ar líne tá: ‘MAISTER, n.2 Also master, mester. Stale urine … [ˈmestər]’. Ag bun na hiontrála, deirtear: ‘Appar. a deriv. from Mid.Du. mest, dung, Ger. mist, id., cogn. with Du. dial. miegen, O.E. mīgan, to make water, O.Fris. mēse, urine’ – is é sin Próta-Ind-Eorpais, *meigh- ‘to urinate’ a bhfuil baint ag micturate an Bhéarla leis.

Tá sé spéisiúil nach bhfuarthas sampla ar bith den fhocal in Ultaibh – go fóill ar dhóigh ar bith – cé go bhfuil sé le fáil in Albain, i gConnachta, agus i gCúige Mumhan. Is dócha go dtiocfar ar shamplaí eile agus an Foclóir Stairiúil na Gaeilge á thiomsú againn. Idir an dá linn, más fual, mún, maothachán, steámarmaistir/máistir a thugann tú ar an uisce sin, ní mholann muid é a chaitheamh ar na páistí fiú má tá na sióga ag cur isteach oraibh.

I gcló in Feasta, Márta, 1950, tá léacht a thug Máirtín Ó Cadhain do Chumann na Scríbhneoirí i mí Feabhra na bliana céanna ar chúrsaí béaloidis. Luann sé tógáil a sheanathara féin san aiste:

Bean ghlún a raibh deasghnátha traidisiúnta na mílte bliain aici a chuidigh leis le amharc a fháil ar a dhúiche bhéaloideasúil an chéad uair. Cuireadh ‘aingeal’ ina bhrollach gach oíche lena chosaint ar ‘an láimh mhór fhada’ a thig anuas an simléar.

Rith sé liom go raibh an focal sin ‘aingeal’ feicthe agam i measc ábhar béaloidis a bhailigh an Cadhnach ina cheantar dúchais féin i gCois Fharaige in 1930 agus atá ar www.duchas.ie. Agus é ag scríobh ar nósanna baiste deir sé:

Chuirtí “aingeal” in éadach a’ pháiste nuair a bhítí dhá thabhairt amach dhá bhaiste(adh) – smiochóidín mhúchta an “t-aingeal” agus nuair a bhítí dhá gcur a chodladh ’san oíche, chuirtí an “t-aingeal” faoi chrios phluideoigín a’ pháiste, agus choisrictí an páiste leis an smiochóidín … Cuirtear “aingeal” freisin in uisge a bhéarfaidhe isteach deireannach san oidhche. Cosaint ar a’ sluagh sidhe é go’n pháiste nú go’n uisge.

I mórshaothar foclóra an Duinnínigh a foilsíodh in 1927, déantar nasc idir an focal seo agus aingeal ‘angel’ agus iad beirt faoi aon cheannfhocal amháin:

Aingeal, -gil, pl. id. and aingle, m., an angel; a burnt-out cinder taken from the fire, sometimes given in their hands as a protection to children going out at night, is called aingeal, as it is supposed to represent an angel.

Níor smaoinigh mé a mhalairt nuair a roinn mé an focal ar na meáin shóisialta tamall ó shin go dtí go bhfuair mé freagraí ó Ghaeil Alban agus Mhanann ag rá go raibh an focal céanna in úsáid agus an chiall aithinne nó tine leis faoi seach. Músclaíodh tuilleadh spéise ionam san fhocal seo ansin. San fhoclóir Manainnise Fockleyr Manninagh as Baarlagh a foilsíodh in 1866 tá an méid seo ag John Kelly faoin cheannfhocal Aile, ainle (léirionn aile glórú -ng- i lár aingeal, comhartha sóirt de chuid Ghaeilge Oirthear Uladh fosta):

Aile, ainle, s.pl. YN. fire, one of the four elements, a fire, an angel. We have here the same word for fire and angel, … and may justly conclude that the Celts considered fire as divine; that the Deity appeared and operated by and in fire; that his ‘angels and ministers’ were a ‘flaming fire;’.

I nGaeilge na hAlban, seo thíos an iontráil in Faclair Dwelly a cuireadh i gcló i dtús na haoise seo caite agus atá ar fáil ar line:

Aingeal pl -il, -gle, -glean, -glich, (AC) sm Angel. 2 Messenger. 3 Fire. 4 Light. 5 Sunshine.

Ag fanacht thall, is spéisiúil an iontráil atá ag an Ath. Allan Mac Donald in Gaelic Words and Expressions from South Uist and Eriskay (1958). Dúirt an faisnéiseoir gurbh é aingeal an focal a bhí aige ar thine in áith agus ar thine sa teallach. Sheachain sé an focal teine ar fhaitíos go ndéanfadh sí dochar don teach ar bhealach éigin – trácht ar an diabhal agus taispeánfaidh sé é féin.

Ar ais in Éirinn, murab ionann is foclóir an Duinnínigh, tá dhá cheannfhocal ar leith do aingeal i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977) ar líne: ‘angel’; agus ‘fire; lighted coal’. Sa chéad fhoclóir Gaeilge, Foclóir nó Sanasan Nua leis an mhórscríobhaí Michél Ó Cléirigh a foilsíodh in 1643, tá an aidiacht: Aingeal . i. gríanda, solasda, nó fáoilidh “sunny, light, or glad”’. In Archaeologia Britannica (1707), ‘sunshine, light’ atá ag Edward Lhuyd. Is i bhfoclóir Uí Bhriain, Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla a foilsíodh in 1768 a fhaightear an sampla is luaithe den ainmfhocal seo agus an bhrí tine luaite leis: Aingeal, sun- shine, light, fire.’

Ina fhoclóir de Ghaeilge na Gaillimhe, Foirisiún Focal as Gaillimh (1985), tá an focal gaolmhar aingilín ann a bhailigh Tomás de Bhaldraithe i gCois Fharraige ach aibhleog bheo nó sop lasta atá i gceist:
‘smeachóid dhearg le cur faoin gcuinneog le linn maistridh … sop lasta le cur timpeall ar ál uibheacha á gcur síos’. Dála aingeal Uí Chadhain, cleachtais phiseogacha iad seo leis an im agus na huibheacha a thabhairt slán. Tá tuilleadh ar shlip a chuir de Bhaldraithe le chéile d’Fhoclóir Stairiúil an Acadaimh. Aingeal, aingilín an ceannfhocal agus an míniú seo leis i dtosach: ‘something burning or burnt used as a charm in superstitious practices.’ Sop nó fód lasta ó thine Oíche Fhéile Eoin atá i gceist, aibhleog bheo nó mhúchta.


Slip ó Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann

Bhí na piseoga seo coitianta fud fad na hÉireann ach ní léir go bhfuil an focal seo in úsáid i gceantracha eile. I gcomhthéacs an chosanta i gcoinne an tslua sí agus fórsaí dorcha eile, is féidir an nasc idir seo agus aingeal ‘angela shamhlú. Ar an láimh eile, tá aingel mar aidiacht in eDIL agus ‘very bright’ an bhrí atá leis. Feictear na cosúlachtaí idir an chiall a fuarthas as Sanas Cormaic agus iontráil Uí Chléirigh thuas: ‘solus nō grīanda nō fāilid’; an + gel dar le eDIL.


On the metrical glossaries of the mediæval Irish (1893) le Whitley Stokes

Ní mór a rá go bhfuil an t-ainmfhocal ong in eDIL agus tine nó teallach an chiall atá luaite leis; sampla amháin atá ann ó ghluaiseanna meánaoise áit a bhfuil nóta ag maíomh gur dócha go bhfuil sé gaolta le focal Sanscraite aṅgāra ‘gual’. Ina fhoclóir sanasaíochta Ind-Eorpaise, Indogermanisches etymologisches Wörterbuch, a foilsíodh in 1959, tá tuilleadh eolais ag Julius Pokorny faoin iontráil ong/angelo- ‘gual’ agus nascann sé an focal sin le aingeal na Gaeilge agus le focail eile i roinnt teangacha Baltach-Slavacha.


Indogermanisches etymologisches Wörterbuch (1959) le Julius Pokorny

Tá sé suimiúil fosta gurbh fhéidir gur shíolraigh an focal Béarla ingle ‘tine, teallach, aibhleog nó móin dhearg’ ó aingeal ‘tine’, focal atá in úsáid in Albain go háirithe, agus in Ultaibh fosta is dócha, dar leis na foclóirí Albainise ar líne (Dictionary of the Scots Language). Is ón fhocal sin a tháinig an focal ingle- nook ‘clúid na tine’. Is díol suime é go raibh piseog ag baint le húsáid an fhocail ingle in áit fire in Albain fosta, rud a bhí luaite thuas i gcás aingeal in áit tine in Uibhist a Deas. Deir John Jamieson ina fhoclóir sanasaíochta Albainise (1808) i dtaobh ingle – atá mar chuid den iontráil ar DSL :

Some silly superstition is connected with the use of this term in relation to a kiln. For the fire kindled in it is always called the ingle, in the southern parts of Scotland at least. The miller is offended, if it be called the fire.

Tá seans láidir ann mar sin gurb ionann aingeal ‘aibhleog bheo/mhúchta’ Uí Chadhain agus Chois Fharraige agus aingeal ‘tine’ atá le fáil i nGaeilgí eile agus an bhrí leathnaithe le rudaí lasta eile a chur san áireamh, sop nó fód mar shampla. D’fhéadfaí an méid sin a shamhlú in éineacht leis an phiseog gur aingeal é an rud a chosnaíonn duine, im, ál uibheacha nó barra ar dhochar nó ar fhórsaí dorcha, aingeal coimhdeachta de shaghas éigin. Cé gur creideadh go forleathan sa phiseog seo agus an chumhacht a bhain le haibhleog mar chosaint ar an tslua sí agus eile, níor thángthas ar aon samplaí eile i gcorpas Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 nó i leabhair chanúnacha eile ach tá obair idir lámha faoi láthair leis an chorpas sin a fhairsingiú; beidh le feiceáil mar sin.

Íomhá sa cheanntásc: Tinteán i nGort na gCros, Co. Luimnigh (1940). Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair, Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Mar chomóradh ar 50 bliain ó d’éag Máirtín Ó Cadhain, tá eagar á chur ag foireann Acadamh Ríoga na hÉireann ar an bhfoclóir mór canúnach a chuir sé i dtoll a chéile. Ón gcaint bheo a bhí le cloisteáil ina thimpeall a tharraing Ó Cadhain bunús na samplaí a chuir sé ar fáil mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid focal, agus is rímhinic a chuir sé comhthéacs ar fáil thar mar ba ghá, dar leat, le brí an fhocail a léiriú go gonta. Fágtar dá bharr go bhfuil scéalta agus scéilíní toirtiúla mearfhicisin againn óna pheann a thugann dúinn léargas ar ghnáthshaol na Gaeltachta trí shúile an mhórúdair seo ar a bhfuil clú as an chaoi ar léirigh sé an saol sin ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Tá roinnt samplaí thíos, faoin gceannfhocal lena mbaineann siad, a léiríonn an chaoi a ndeachaigh sé i mbun na ceirde….

Drochóirí

drochthráth; an tráth contráilte; tráth na geise nó na teire; tráth na tubaiste, an droch-chuir, an mhí-ádh; míthráthúlacht; antráth.

Chuaigh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrúigh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosaigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath is ar theangmhaigh an teas leis an gcois ag N. d’éirigh sé ina bhruithshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin ab áil leis é a ídiú a bhí chomh saor air leis an bhfear nár rugadh. D’éirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brí é, ach tá sé sách tinn. Bhí an dream eile dhá shaighdeadh — muintir S. Mh. Bhí N. i bhfiántas ceart. ‘Déanfaidh mé do lá,’ adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó tháinig mé chomh saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartaíochta orm fhéin.

Díbheirgeach

an-doghrainneach; drochmhúinte; te bruite feargach; brúisciúil; coilgneach; fraochmhar; fealltach; díoltasach; francaithe; madrúil; gadhrúil; oilbhéasach; aiciseach.

Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne. Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d’fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m’anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m’ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. ‘Coinneoidh mise feoil libhse,’ adeir sé ‘mura gcoinní sibhse bhur gcuid cearc uaimse.’ Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di.

Daidhce

meargántacht; stuaic; olc; mosán; domheanmna.

Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil “bicycle” briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb’fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach…

Dia shúlach

duine ar bith; ginealach an bhéil bheo; mac na sceiche; mac an aoin bheo; gein.

Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis …

… Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh

Dallán

poll nó bealach an bhainne i sine na bó, nó i sine ar bith.

Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an dumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách símplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D’fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. ‘Lig do na dalláin,’ adeir an bádóir. ‘Tá na dalláin chomh “freeáilte” agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.’ Tugadh isteach i “ngárd” Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B’éigean buicéad a chur fúithi de léim. ‘Anois,’ adeir an bádóir ‘ab iad na dalláin a bhí dúnta,’ agus “haway” leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb’fhearr é sin ná do “wireen”se ar ball?

Dúrúch

súnás fiántais; leathshaochan; luainíl éigéilleach; a bheith ag imeacht go han-luaineach; daolanna, treallanna nó teas an aithinne a bheith i nduine nó i mbeithíoch ar an gcaoi a mbeadh sé ag imeacht; fleasc a bheith ar rud de réir a imeachta; seachmall

Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scoraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B’fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna.

Grianghraf le caoinchead Iontaobhas Uí Chadhain: Máirtín Ó Cadhain a d’éag ar an 18ú Deireadh Fómhair 1970.

Our modern Irish word díthreabhach, ‘hermit’, has its origins in the early Irish treb ‘household or tribe’ where the compound dí + treb denoted a place away from the dwellings and habitations of others. Voluntary seclusion was of course common in the religious life, and many places where solitude or retreat from the world was sought made their way into our placenames, such as at Coill an Díthreabha (the wood of the solitary place, or Killadeer) near Ballintubber in Co. Mayo. Common also was the element díseart, from Latin desertus, and again there is evidence for this in placenames throughout Ireland. A díthrubach, then, was one who spent time in solitude, away from others, and our literature makes frequent reference to the practice of seeking out such solitude to be closer to God.

A good example of this in Mánas Ó Domhnaill’s Betha Colaim Chille (Life of Colum Cille), completed in 1532, tells of Cormac Ua Liatháin of Durrow, who came with Colum Cille to Scotland, but who then wished to depart: do tindscain … iar sin a dul ar fasach no a n-inadh rouaicnech a mbeith se ag denamh crabuidh gó a bás ‘he purposed to go into a wilderness or solitary place where he might live in piety till his death’.

It is no surprise to find frequent mention of hermits in the voluminous religious literature of Counter-Reformation Ireland in the seventeenth century, and in the Franciscan Antoin Gearnon’s 1645 work Parrthas an Anma (The Paradise of the Soul), written in Louvain, the author gives a version of Liottáin na Naomh (The Litany of Saints) which includes the line A uile naomhmancha agus díthreabhacha, guidhidh orainn ‘every saint and hermit, pray for us’.

It is clear by the early eighteenth century, however, that in the vernacular the concept díthreabh/díthreabhach was beginning to take on further connotations of meaning to do with poverty, rejection, exile and destitution. The poet Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, who is associated with the Cavan/Fermanagh region in the period, wrote complaining of his lodgings which he sarcastically called ‘An Caisleán Cam’:

‘b’fhearr domh claíomh a chur fríd mo thaobh clí,
m’fhágáil sínte agus gan smid i mo cheann
ná mé a bheith mo dhíorfach i measc na ndaoine,
is ag creathnú san oíche insan Chaisleán Cham.’

‘better for me to have a sword pierce my left side
to be left for dead in a state of unconsciousness
than to lie here as a ‘hermit’ among the people,
trembling all night in this Caisleán Cam.’

Disagreements and disputes were a frequent occurrence in eighteenth-century Ireland among poets who were fond of elaborate wordplay and one-upmanship. Ránall Mac Dónaill, a poet who operated in the Louth/Armagh region, took great umbrage at Brian Mac Cuagáin, a poet of Meath who had criticised the northern province and its poets. Towards the end of a 100-line retaliatory ‘take-down’ of the Meathman, we find the following by Mac Dónaill:

‘go dtite go luath do ghruaig ‘s d’ingne,
go mbeire an ghaoth rua is na sluaite sí
tusa leo uainn faoi bhruach i ndíthreabh’

‘May your hair and nails soon fall out,
May the wild wind and the fairy hosts carry you
with them, away from us, to the edge of a wilderness’

This connotation of díthreabhach as not only a hermit, but one who is miserable or destitute was sufficiently embedded in the vernacular for Dinneen to include it in his entry for the word in his dictionary compiled in the early twentieth century, which includes the sense ‘a puny child, chicken, etc.’ in a typically effective use of ‘etc.’ to round off a definition. He makes mention too of the Ulster dialectal form díorfach (which we have encountered in the quotations above) but also dírthreoch and díthreoch – this latter we find in Seóirse Mac Clúin’s 1922 collection of Gaeltacht speech Réilthíní Óir (completed with the aid of Tomás Ó Criomhthain of the Great Blasket island) with a further meaning noted:

‘díthreóch bocht garsúin é sin ná mairean a athair ná a mhathair: gan éinne bheith ‘na chúram, agus é bocht. Tugtar díthreóch ar an uan go séanfadh a mháthair é agus mar sin de’

‘it is a poor ‘díthreóch’ of a child whose mother or father are no longer living: a poor child with no-one to care for him. Also called a ‘díthreóch’ is the lamb which is rejected by its mother, and so on’

The west-Kerry writer Seán Óg Caomhánach (Seán a’ Chóta) expands this meaning further in Croidhe Cainnte Chiarraighe, his collection of speech from his native Gaeltacht, compiled between 1937 and 1942. In a long explanation of díthreabhach (díthreóch), he offers ‘aindeiseoir, duine ar an bhfán nó n-a aonair de dheascaibh cailleamhna a mhuinntire nó a chairde; truaghán’ as definitions, which might be translated as ‘a miserable person, one who is wandering or alone having lost his relations and friends; a wretch’. Máirtín Ó Cadhain, for his part, in his collection of speech in Conamara from the same period, illustrates his unparalleled range of vocabulary in glossing díthreabhach with a comprehensive description of its meanings (and for which my poor attempt at a translation to English must suffice):

goróir, díol trua; dúradán dona; frídeoirín; feithideach; séacla; duine nó beithíoch atá an-tugtha anuas ag amhgar, ag fuacht, ag tinneas nó eile; duine, beithíoch nó rud gan aon téagar; crupach; dílleachta nó duine a bheadh fágtha ar an bhfaraor géar (níl an tseanchiall — “hermit” — sa gcaint anois chomh fada le m’eolas).

someone who can only sit by the fire, a pitiful type; a puny unfortunate person; a little article; someone wasted away; a tiny creature; a person or animal stricken by ill-fortune, by cold, by illness or other; a person, animal or thing without substance; a shrunken thing; an orphan or a person left in a bad state (the old meaning – “hermit” – is no longer heard now, as far as I know).

And so Ó Cadhain, in finishing his definition, gives us to believe that the use of the word díthreabhach to denote ‘a hermit’ was not one he had encountered in the vernacular of his own time, but furnishes examples of how it is used in new, figurative ways in a perfect illustration of how words gather and lose meanings over centuries of use.

Image: St. Macduach’s cell, at Kinallia / Thomas J. Westropp (RIA 3 A 49/262) le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann

Idir 1937 agus 1946 bhí an scríbhneoir Connachtach Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid An Gúm ag cnuasach focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig An Gúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1000 ceannfhocal.

Cuireadh síos ar scéim seo na Roinne in alt ar an Irish Independent i mí na Bealtaine 1937, tráth a rabhthas ag iarraidh daoine a mhealladh chun cabhrú le An Gúm bailiúcháin a dhéanamh de ‘liostaí focal agus leaganacha cainnte a bhaineas le gnáth-shaoghal na Gaeltachta agus le gach céird agus gach slighe bheatha ar leith’. Dá bharr, cuireadh daoine ar obair ar fud na gceantar Gaeltachta gur cruthaíodh stóras mór focal agus samplaí a bheadh mar dhúshraith ar ball do Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977).

Ba bheacht an treoir a chuir Oifigeach Foilseacháin An Gúm, Seán Mac Lellan, ar fáil dóibh siúd a bheadh ag bailiú an ábhair:

‘Caithfear an focal nó an téarma atá i gceist a mhíniú agus a chur le h-obair ins an leagan (nó na leaganacha) nádúrtha Gaedhilge a ghabhann leis de ghnáth. Chuige sin béidh sé riachtanach abairteacha agus samplaí a thabhairt chun an chiall atá leis a chur i n-iúl go soiléir…’

Chuaigh Máirtín Ó Cadhain i mbun an chúraim go dícheallach, óir bhí sé ag obair ar chnuasach leaganacha dá leithéid, as a stuaim féin, le cúig bliana déag an t-am sin! Is ón chaint bheo is mó a tharraing sé na samplaí a chuir sé ar fáil mar léiriú ar leagan cainte a úsáid, agus tá doimhneacht agus téagar sna leaganacha uaidh a thugann léargas dúinn, ní amháin ar an chur amach a bhí aige ar an teanga, ach ar fhorbairt a intinne agus a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach chomh maith. Chomh maith leis sin tharraing sé ar a stór amhrán agus seanchais nuair a bhí sampla oiriúnach ar fáil ansin. Tá an greann i gcuid mhaith de na leaganacha, agus tá an ghaois i gcuid mhaith eile, ach thar aon rud eile, tá gus agus gearradh na Gaeilge iontu.

Tá foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, ag obair ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne, óir tá luach as cuimse leis an ábhar i dtaca leis an fhoclóireacht. Táimid buíoch de An Gúm agus d’Iontaobhas Uí Chadhain as a dtacaíocht maidir leis an obair seo.

Mar chomóradh le linn 2020 ar 50 bliain ó d’éag Máirtín Ó Cadhain, beidh samplaí spéisiúla á gcur amach againn tríd an chuntas Twitter @OCadhain_RIA.

Leantar muid, caithfear muid a leanacht!

‘Foclóir an Acadaimh’

Tá stair agus traidisiún fada ag Acadamh Ríoga na hÉireann i dtaca le scoláireacht na Gaeilge, agus le foclóireacht na Gaeilge go háirithe. Is faoi choimirce an Acadaimh a tiomsaíodh an foclóir mór Gaeilge ‘Dictionary of the Irish Language, Based Mainly on Early and Middle Irish Materials‘. Is iomaí scoláire iomráiteach Gaeilge a chaith seal ag obair ar fhascúil éagsúla an fhoclóra sin sular foilsíodh sa deireadh é ina iomláine i 1976. Is dócha gur fearr an t-eolas atá anois air mar eDIL; is leagan digiteach é sin den fhoclóir, agus tá foireann eDIL ag leanúint den taighde ar an bhfoclóir, á leasú agus ag cur leis mar is gá.

Tar éis gur foilsíodh an Dictionary of the Irish Language, cinneadh mar chéad chéim eile Foclóir dá leithéid don Nua-Ghaeilge a chur á dhéanamh san Acadamh. Ba é a bhí i gceist ná an obair chuimsitheach a rinneadh i dtaca leis na foinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge a dhéanamh leis na foinsí Nua-Ghaeilge (.i. ó c.1600 anall go dtínár linn féin) agus tosaíodh láithreach ar fheachtas léitheoireachta agus cruinnithe sliopanna foclóireachta. Is ionann sliopanna (slips) agus nótaí gearra a léiríonn focail roghnaithe ina gcomhthéacs, agus an fhoinse breactha in éineacht leo. Le linn na tréimhse 20 bliain ina dhiaidh sin, cruinníodh breis agus aon mhilliún díobh seo.

Chonacthas ansin, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige an Fhoclóra nua seo, go raibh gá aird a thabhairt ar mhodhanna nua-theicneolaíochta a bhí tagtha i réim i saol na foclóireachta ó ceapadh tionscnamh an Acadaimh i 1976. Bhí gá anois le corpas teanga ollmhór digiteach, rud a bhféadfaí comhchordachtaí a bhunú air agus a léireodh samplaí d’úsáid na teanga, maille le dáta, údar agus sonraí ábhartha eile, ar bhealach tapaidh cuimsitheach a bheadh inoibrithe ag ríomhchláir. Cuireadh tús le téacsanna stairiúla ilchineálacha a dhigitiú agus leanann an obair sin ar aghaidh go dtí an lá inniu. Faoi láthair tá corpas timpeall 70 milliún focal againn.

Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926

Is dócha go mbeidh an léitheoir eolach ar an CD-ROM Corpas na Gaeilge 1600-1882. Ba é sin an chéad fhoilseachán ag an Acadamh a bhí bunaithe ar na téacsanna a bhí réidh san fhormáid nua dhigiteach faoin bhliain 2004. Nuair a eisíodh é, bhíothas ábalta téarma cuardaigh a aimsiú i gcorpas ina bhfuil breis agus 700 téacs de chuid na tréimhse. Ba iontach an léiriú cuardach dá leithéid ar acmhainn na teicneolaíochta cabhrú le taighde ar fhoclóireacht agus ar theangeolaíocht na Gaeilge. Mar sin féin, tá ar ár gcumas anois, i ngeall ar fhorbairtí suntasacha i saol na ríomhtheangeolaíochta, cur leis an acmhainn seo. Tá corpas ar líne á sheoladh anois againn ina bhfuil na leasuithe seo a leanas:

  • tá síneadh curtha le tréimhse ama na dtéacsanna, a fhad le 1926, agus le líon na dtéacsanna dá reir;
  • tá filíocht, prós, agus tréimhseacháin san áireamh;
  • is féidir cuardaigh éagsúla a dhéanamh bunaithe ar cheannfhocal, ar an bhunfhoirm, nó ar fhocal caighdeánach.

Is é an cuardach ceannfhocail an t-athrú is suntasaí – mar shampla, ach cuardach amháin a dhéanamh ar an cheannfhocal ‘bád’ tiocfaidh torthaí a chuimseoidh ‘bád’ chomh maith leis na foirmeacha infhillte agus neamhchaighdeánacha go léir a d’fhéadfadh bheith sa chorpas: báid, bádaí, mbád, bhád, bháid, bádaibh, seanbhád, báidín, drochbhád srl. Is féidir cliceáil ar thoradh ar bith agus seolfar thú go dtí an téacs ina bhfuil an focal, le go bhfeicfear comhthéacs iomlán an fhocail de réir mar is mian.

Is forbairt shuntasach atá i gceist anseo agus táimid lánchinnte go mbeidh ráchairt ag teangeolaithe, ag foclóirithe agus ag an phobal i gcoitinne air. Bhí dúshláin mhóra le sárú le go mbeadh an cuardach chomh cruinn agus chomh cuimsitheach agus atá, mar a thuigfeadh éinne a bhíonn ag plé le foinsí Gaeilge na coda luaithe den tréimhse seo, ina mbíonn éagsúlachtaí móra sna coinbhinsiúin litrithe ó théacs go téacs. Sáraíodh na dúshláin chéanna trí uirlisí den scoth domhanda a úsáid, agus is mór atáimid faoi chomaoin ag an Ollamh Kevin Scannell (Ollscoil St. Louis) agus ag an Dr Elaine Nic Dhonnchadha (Coláiste na Tríonóide) as na huirlisí atá forbartha acu a chur in oiriúint agus ar fáil dúinn. Táimid buíoch freisin de Choiste Eagarthóireachta an Fhoclóra Stairiúil as an dua a caitheadh leis an dearbhú cáilíochta a chur i gcrích. Faighimid maoiniú ón Roinn Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus táimid faoi chomaoin mhór ag an Roinn as sin a chur ar fáil.

Na chéad cheimeanna eile

Tá an corpas stairiúil iomlán (1600-c2000), a bheidh mar bhunús don obair ar an Fhoclóir Stairiúil, á réiteach i gcónaí le go mbeidh sé leordhóthanach don obair sin. Tá timpeall 70 milliún focal cruinn ann faoi láthair, agus is é 90 milliún an sprioc atá againn. Mar sin féin, is féidir tosú ar iontrálacha samplacha a dhréachtú agus tá súil cuid díobh sin a fhoilsiú ar an suíomh seo gan mhoill. Anuas air sin, beifear ag foilsiú dhá mhionchorpas eile go leictreonach is é Corpas an Bhlascaoid an chéad cheann díobh sin, agus beidh Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ag teacht fosta. Cuirfidh an dá áis seo go mór leis an mhéid atá ann cheana, idir an Corpas Stairiúil seo atá seolta anois agus an dá mhionchorpas eile, Irisleabhar na Gaedhilge (2016) agus Focail Fholaithe (2014).

Dr Charles Dillon

Eagarthóir, Foclóir Stairiúil na Gaeilge