THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Folúntas: Eagarthóir Cúnta, Cáipéisí ar Pholasaí Eachtrach na hÉireann

07 May 2024

Fáiltítear roimh iarratais ar phost Eagarthóir Cúnta, Cáipéisí ar Pholasaí Eachtrach na hÉireann, atá lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann.

Rannóg: Cáipéisí ar Pholasaí Eachtrach na hÉireann
An Cineál Conartha: Buan
Tuairisciú do: Eagarthóir Feidhmiúcháin DIFP

Léargas Ginearálta

Fáiltítear roimh iarratais ar phost Eagarthóir Cúnta, Cáipéisí ar Pholasaí Eachtrach na hÉireann, atá lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann. Is é maoiniú poiblí a fhaigheann Acadamh Ríoga na hÉireann go príomha agus cuireadh ar bun é chun an léann sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Tá an plean straitéiseach is déanaí de chuid an Acadaimh, a bhaineann leis an tréimhse ó 2019 go 2023, ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.

Bunaíodh DIFP in 1997 mar chlár comhpháirtíochta taighde idir Acadamh Ríoga na hÉireann, an Chartlann Náisiúnta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Cuireann sé ar fáil, trí fhoilseacháin ar bhealach eagraithe agus inrochtana, cáipéisí ó chomhaid de chuid ranna rialtais na hÉireann, agus nuair a iarrtar é, páipéir phríobháideacha de chuid daoine mór le rá, a mheastar a bheith tábhachtach nó úsáideach chun tuiscint a fháil ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm an bheartais eachtraigh Éireannaigh.

Cuireann DIFP le tuiscint níos doimhne ar bheartas eachtrach na hÉireann, agus spreagann sé, in Éirinn agus thar lear, suim an phobail agus taighde ar bheartas eachtrach na hÉireann mar réimse tábhachtach de nua-stair na hÉireann. Tá ról lárnach ag DIFP sa bhonneagar taighde ar nua-stair na hÉireann. Tá ról gníomhach ag an bhfoireann in Éirinn agus go hidirnáisiúnta mar staraithe poiblí. Foilsíodh trí imleabhar déag ó bhí 1998 ann, ina rianaítear an fhorbairt a tháinig ar bheartas eachtrach na hÉireann ó 1919 go 1969. Tasc lárnach de chuid DIFP is ea na himleabhair seo a fhoilsiú.

Príomhchuspóir an róil

Tá gá leis an bpost seo chun freastal ar an bhfás, ó na luath-1970í, ó thaobh líon agus chastacht na dtaifead stairiúil a bhaineann le DIFP ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó ranna rialtais eile.

Iarrfar ar an té a cheapfar déileáil le réimse leathan tascanna taighde, eagarthóireachta, foilsitheoireachta agus cumarsáide. Beidh dlúthbhaint ag an té le tascanna lárnacha le foireann DIFP agus iarrfar ar an té fo-thascanna cláir taighde a eagrú faoi mhaoirsiú an Eagarthóra Chúnta. Beidh an té ag obair i gcomhar leis an bhfoireann DIFP uile agus tuairisceoidh an té don Eagarthóir Cúnta i ngach ábhar a bhaineann leis an bpost le cinntiú go seachadtar spriocanna DFP go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Príomhfhreagrachtaí

  • Tuairisceofar an té d’Eagarthóir Cúnta DIFP agus oibreoidh as a stuaim féin nó le hEagarthóirí Cúnta eile de chuid DIFP maidir le tascanna straitéiseacha agus laethúla mar chuid de chlár taighde agus foilsitheoireachta DIFP, de mar a stiúrann Eagarthóir Feidhmiúcháin DIFP
  • Léifidh an comhaid agus déanfaidh athbhreithniú ar cháipéisí mar chuid den phróiseas roghnúcháin cáipéisí d’imleabhair DIFP; féadfaidh sé go mbeidh obair i réimse cartlann i gceist leis agus teastóidh ardleibhéal inniúlachta sa chinnteoireacht agus ó thaobh obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann níos leithne
  • Obair a dhéanamh taobh le agus i gcomhar leis na comhaltaí eile den fhoireann eagarthóireachta le cinntiú go gcruthaítear agus bhfoilsítear imleabhair DIFP in am. I measc na ndualgas foilsitheoireachta agus táirgeachta tá seiceáil a dhéanamh ar cháipéisí roghnaithe le hais profaí, dréachtaí de théacsanna fo-nótaí agus nótaí beathaisnéise a ullmhú agus liostaí de cháipéisí roghnaithe a chur i dtoll a chéile. I measc na ndualgas eile tá idirchaidreamh a bhunú le cóipeagarthóirí, clóchuradóirí, clódóirí agus soláthraithe eile seirbhísí a mbíonn ionchur acu i bhfoilsiú DIFP
  • Obair a dhéanamh le comhaltaí eile d’fhoireann DIFP chun imleabhair DIFP a fhoilsiú ar líne; ina measc seo beidh téacsanna a phrofáil, feidhmiúlacht an bhonneagair ar líne a sheiceáil agus obair le speisialtóirí TF de réir mar is gá
  • Páirt a ghlacadh i dtionscadail speisialta DIFP de réir mar is gá. Féadfaidh sé go mbeidh obair aonair i gceist leis seo ar thascanna tairmligthe faoi stiúir an Eagarthóra Feidhmiúcháin nó mar chuid d’fhoireann
  • Páirt a ghlacadh san fhor-rochtain mar chuid d’obair for-rochtana staire poiblí an chláir taighde DIFP
  • Freastal ar chruinnithe DIFP agus Acadamh Ríoga na hÉireann, dréacht-mhiontuairiscí a ullmhú agus a scaipeadh, cinntí a chur i bhfeidhm agus cinntiú go leantar le gníomhartha comhaontaithe ar bhealach tráthúil
  • Ionchur a thabhairt do thionscnaimh ag leibhéal na heagraíochta taobh istigh den Acadamh de réir mar is gá
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar DIFP go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, de réir mar is gá
  • Dualgais eile a chur i gcrích, de réir mar a mheasann an tEagarthóir Feidhmiúcháin is cuí, laistigh de scóip an róil

Tabhair faoi deara:  Le bheith cáilithe, is gá d’iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a dtairgfear aon phost dó nó di. Níl sa tsonraíocht poist seo ach treoir ar réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart féachaint air mar liostú cuimsitheach. D'fhéadfadh sé go n-athrófaí an tsonraíocht poist seo i gcás go dtiocfadh struchtúir nua isteach agus / nó go dtiocfadh athrú ar riachtanais an Acadaimh.

Sonraíocht duine

Cáilíochtaí riachtanacha

Staraí oilte a líonfaidh an post ag a mbeidh dochtúireacht agus taithí chruthaithe foilsitheoireachta agus eagarthóireachta i nua-stair na hÉireann nó i réimse gaolmhar. Ba chóir tuiscint mhaith a bheith ag an té a n-éiríonn leis nó léi ar an timpeallacht taighde dhigitigh, ar an bhfoilsitheoireacht ar líne agus ar na daonnachtaí digiteacha. Ba chóir saineolas a bheith ag an té san abhcóideacht ar an stair phoiblí.

  • Dochtúireacht i nua-stair na hÉireann nó réimse gaolmhar
  • Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i ról den chineál céanna
  • Taithí chruthaithe ar an taighde chartlainne
  • Taithí ar ábhair foinsí staire a ullmhú agus a fhoilsiú
  • An cumas sraith tionscadal taighde a bhainistiú, a thacú agus a sheachadadh, ó chéim an chruthaithe go céim an chríochnaithe
  • An cumas obair a dhéanamh faoi bhrú de spriocdhátaí agus obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann
  • Cuntas teiste cruthaithe san fhoilsitheoireacht
  • Líofacht agus cruinneas Béarla ag leibhéal tráchtais
  • An cumas abhcóideacht a dhéanamh ar son DIFP, ionadaíocht a dhéanamh ar son Acadamh Ríoga na hÉireann agus caidrimh a thógáil agus a chothú le príomh-gheallsealbhóirí
  • Scileanna eisceachtúla idirphearsanta agus an cumas caidrimh mhaithe oibre a fhorbairt agus a chothú laistigh agus lasmuigh den eagraíochta
  • Scileanna MS Office den scoth (Word, Excel, PowerPoint)
  • Taithí inléirithe ar líonraí sóisialta
  • Ardleibhéal mionchruinnis i róil léannta agus riaracháin

Cáilíochtaí inmhianaithe

  • Taithí chruthaithe sa taighde ar stair taidhleoireachta agus/nó idirnáisiúnta na hÉireann
  • Taithí ar obair le grianghraif agus ábhair fhísiúla eile staire
  • Taithí ar obair le tionscadail mhóra taighde i réimsí na hoidhreachta cultúrtha, na ndaonnachtaí nó na heolaíochta sóisialta
  • Taithí ar ábhair faisnéise a dhréachtú
  • Taithí inléirithe ar scileanna profála
  • An cumas a bheith acmhainneach, spreagúil agus feidhmiú go maith faoi bhrú
  • Taithí ar obair i dtimpeallacht léannta
  • Buneolas ar an nGaeilge

Tuilleadh Eolais

Tuarastal: Tá an tuarastal ar Scála AES – €51,551– €68,506.

Uaireanta Oibre: Is iad na gnáthuaireanta oibre 35 uair sa tseachtain.

Ní dhéantar íocaíochtaí ragoibre as freastal breise. Má thagann freastal breise chun cinn mar sin féin, glantar é trí am saor ina ionad ag amanna a chomhaontaítear roimh ré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Tá an ról seo oiriúnach d'obair chumaisc.

Saoire: Is é 25 lá in aghaidh na bliana an teidlíocht saoire bliantúla, pro rata i gcás tréimhsí níos giorra. Tá teidlíocht chun saoire le haghaidh laethanta saoire poiblí de réir théarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an dara rogha ann ach suas le ceithre lá saoire bliantúla a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta i gcomhair na Nollag.

Sochair Fostaithe: Ar shamplaí de chuid dár sochair reatha d’fhostaithe tá:

  • Teidlíocht fhlaithiúil saoire bliantúla
  • Beartais a thacaíonn le teaghlaigh
  • Beartas um obair chumaisc
  • Scéim sochair optúil a bheith ar fáil
  • Scéim um rothaíocht chun na hoibre a bheith ar fáil
  • Réimse deiseanna foghlama agus forbartha
  • Beartas um shaoire bhreoiteachta
  • Saoire mháithreachais, uchtála agus atharthachta le pá
  • Curtha isteach go huathoibríoch i scéim pinsin
  • Clár cúnaimh d’fhostaithe

Scrúdú Dochtúra: Rachaidh ball foirne, más gá, agus ar chostas an Acadaimh, faoi scrúdú dochtúra arna dhéanamh ag lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe ag an Acadamh agus údaróidh sé nó sí don lia-chleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus na nithe a eascraíonn as a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh ionas gur féidir leis an Acadamh fáil amach faoi aon nithe a d’fhágfadh, dar leo, nach mbeadh ball foirne in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh i gceart.

Pinsean: Cuirfear sonraí na scéime pinsin cuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an té a cheapfar.

Ranníocaíochtaí le Pinsean Buan: Tá an ceapachán seo faoi réir na Ranníocaíochta Aoisliúntais Bhreise (ASC), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.

An Próiseas Déanta Iarratais

Ní mór an t-iarratas comhlánaithe, é ina chomhad leictreonach amháin (agus na doiciméid go léir i ndoiciméad Word amháin), a chur faoi bhráid recruitment@ria.ie san ord mar atá leagtha amach thíos:

  • Litir chlúdaigh ghairid a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost (700 focal ar a mhéad)
  • Curriculum vitae ina ndéantar achoimre ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí ábhartha (4 leathanach ar a mhéad)

Déanfar iarrthóirí a ghearrliostú ar bhonn an eolais atá ina n-iarratas. 

Tabhair faoi deara, mura gcomhlíontar riachtanais déanta iarratais, go measfar an t-iarratas a bheith neamhbhailí.

Dáta deiridh: 31.05.2024. Ní chuirfear iarratais dhéanacha san áireamh.

Táthar ag súil go reáchtálfar na hagallaimh le linn na seachtaine dar tús an 10.06.2024.

Tabhair faoi deara go mbeidh ceisteanna bunaithe ar inniúlachtaí san agallamh seo.

Ba cheart d'iarrthóirí a thabhairt faoi deara gur féidir painéil a chur ar bun a úsáidfear le poist a líonadh amach anseo.

Ní ghlacfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann le haon fhreagracht as aon chostas arna thabhú agiarrthóirí a aisíoc.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann.

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now