
Marcas Mac Coinnigh
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Tá an Dr Marcas Mac Coinnigh ina Cheann Roinne ar Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit a dteagascann sé cúrsaí éagsúla ar theanga agus ar litríocht na Nua-Ghaeilge. Roimhe sin, bhí sé ina Chomhalta Iardhochtúireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh (2006–7) agus ina Chomhalta Foclóireachta in Ollscoil Uladh (2003–6). Is iad na sainspéiseanna taighde atá aige ná an phairéimeolaíocht, an fhoclóireacht, an béaloideas, agus léann na cuimhne, go háirithe an díchuimhne chultúrtha. Tá ailt acadúla foilsithe i réimse leathan irisí léannta lena n-áirítear Folklore, International Journal of Lexicography, Journal of Ethnology and Folkloristics, Léann, Proverbium: Yearbook of International Proverb Scholarship agus Zeitschrift für celtische Philologie. Sa bhliain acadúil 2018–19, bhí sé ina Scoláire ar Cuairt in Institiúid um Thaighde sna Nua-Theangacha, Ollscoil Londan, áit ar thug sé faoi thionscadal nua ar an Ghaeilge agus an díchuimhne chultúrtha. Bhí sé ina Scoláire Sinsearach Fulbright i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame (2010–11) chomh maith, agus tá baint aige go fóill le Fulbright agus le Cumann Alumnas na hÉireann-na Stát Aontaithe (IUSA).