
Eamonn Nollaig Ó Muraíle
BA, MA, PhD(NUI 1970, 1971, 1991)Senior Lecturer in Modern Irish University of Galway
Member PL&AElected in 2009
Iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, agus roimhe sin Léitheoir le Gaeilge agus Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Céimí (BA, MA agus PhD) de chuid Choláiste Phádraig, Maigh Nuad (Ollscoil Mhaigh Nuad anois). Saineolaí ar ainmeolaíocht na hÉireann, idir logainmneacha, ainmneacha pearsanta agus sloinnte. Chaith breis is fiche bliain mar oifigeach logainmneacha leis an tSuirbhéireacht Ordanáis, beagnach deich mbliana mar stiúrthóir ar Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, agus tréimhse fhada mar bhall den Choimisiún Logainmeacha. Ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann ó 2009 i leith. Cuid mhór saothar foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla, idir leabhair agus ailt -- ina measc eagrán, i gcúig imleabhar, de Leabhar Mór na nGenealach. The Great Book of Irish Genealogies, compiled (1645-1666) by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (2003-4), mar aon le Irish Leaders and Learning through the Ages. Essays by Paul Walsh (2003) agus Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn: From Ráth Maoláin to Rome (2007), agus go leor eile.