THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Malachy Ó Néill

Ollscoil Uladh

Tá an Dr Malachy Ó Néill ina Phropast ar Champas Mhig Aoidh de chuid Ollscoil Uladh i nDoire. Bhí sé ina Cheann Scoile do Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge (2012-2017) agus tá sé ina bhall de Sheanad na hOllscoile (ó 2012 i leith). Chaith sé seal ina eagarthóir ar 'An tUltach' agus tá baint aige le fada an lá le Gael Linn agus Gaeltacht Thír Chonaill. Tá taithí aige mar bhall de roinnt coistí náisiúnta phléann le cúrsaí teanga: Fóram Forbartha Teanga (Foras na Gaeilge, ó 2017 i leith) agus an Coiste Comhairleach um Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil (2014-2016). 

Pléann a chuid taighde le mórchlann Uí Néill agus bhain a chéim dochtúireachta leis an téacs ‘An Leabhar Eoghanach’, tráchtas ar shliocht Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh, sinsir Uí Néill Chúige Uladh agus go leor clann Gaelach eile. Tá clú air chomh maith mar gheall ar a chuid oibre in earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh, bhí sé ina Chathaoirleach bhunaidh ar Ghaelscoil Eoghain (An Chorr Chríochach), agus tá sé i gceannas ar roinnt scéimeanna d'fhoghlaimeoirí Gaeilge lasmuigh den Ollscoil, Gaeilge sa Chlub (le Comhairle Uladh de CLG) agus Gaeilge do Chách ina measc siúd. 

Is de bhunadh Ard Bó, Co. Thír Eoghain, é agus cónaí air go fóill lena theaghlach ina pharóiste dúchais. 

Support the future of sciences & humanities in Ireland

Make a donation