
Meidhbhín Antoin Ní Úrdail
BA(NUI 1987) HDip.Ed(NUI 1988), MA(NUI 1991), Dr Phil(Freiburg 1997)Professor UCD
Member PL&AElected in 2021
Corcaíoch ó dhúchas agus Ceann ar an Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Údar áitithe ar oidhreacht lámhscríbhinní Gaeilge an ochtú agus an naoú céad déag. D'fhoilsigh Cumann Staire Bhéarra an leabhar is déanaí dá cuid, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula (2021). Ghnóthaigh sé seo Duais Foilseacháin Scolártha ar Ardchaighdeán Acadúil ó Ollscoil na hÉireann. Toghadh ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann í i Márta 2021.