THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Clárbhainisteoir - Daonnachtaí

09 August 2023

Tá iarratais á lorg ag an Acadamh do Bhainisteoir Cláir - Daonnachtaí. 

Roinn: Cláir agus Teagmháil
Cineál an Chonartha: Téarma Seasta
Tréimhse an Chonartha: 3 bliana
Freagrach do: Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó a (h)Ainmní

Forléargas

Tá fáilte roimh iarratais ar an bpost mar Chlárbhainisteoir – Daonnachtaí in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bunaíodh Acadamh Ríoga na hÉireann chun léann na n-eolaíochtaí agus na ndaonnachtaí  a chur chun cinn ar fud na hÉireann, agus is ón státchiste is mó a fhaigheann sé maoiniú. Tá an plean straitéiseach is déanaí ag an Acadamh ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.

Cuspóir an phoist

Tá cláir taighde náisiúnta á reáchtáil san Acadamh, go háirithe i réimsí a bhaineann le hÉirinn agus a hoidhreacht. Anuas air sin, déanann an tAcadamh ionadaíocht idirnáisiúnta ar son léann na hÉireann, tá leabharlann ann a n-aithnítear a tábhacht uathúil ar fud an domhain, agus is foilsitheoir acadúil den scoth é.

Tá de chuspóir ag coistí léinn ildisciplíneacha an Acadaimh (MDC) an comhoibriú a chur sa tsiúl ar fud na réimsí léinn agus laistigh díobh, agus comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir le rannpháirtíocht an Acadaimh i réimsí atá i mbéal an phobail, ar bhonn uile-oileáin.

Cuireann na coistí saineolas scolártha ar fáil agus cuireann luach na n-eolaíochtaí, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta chun cinn. Bíonn clár oibre acu leis seo a dhéanamh, ina mbíonn imeachtaí poiblí i gceist, chomh maith le ráitis saineolacha, freagairtí do chomhairliúcháin an Rialtais agus obair le cumainn idirnáisiúnta ábhartha.

Tá an tAcadamh ag glacadh le hiarratais ar phost mar Chlárbhainisteoir chun bainistiú a dhéanamh ar na cúig choiste daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta agus dhá choiste sheasta, agus chun forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Acadaimh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta.

Tá mionsonraí faoi na coistí ar fáil anseo: https://www.ria.ie/humanities-and-social-sciences-committees

Dualgais

Is gá go mbeidh scileanna den scoth sa bhainistiú tionscadail, imeachtaí agus caidrimh ag an té a cheapfar, lena n-áirítear cumas cumarsáide agus riaracháin, chomh maith le cumas scríobh go beacht achomair agus cumarsáid shoiléir dhíograiseach a dhéanamh ar fud an Acadaimh agus le réimse leathan páirtithe leasmhara. Duine féintionscanta thú, a bhaineann sult as bheith ag obair i gcomhar le foireann le cur chuige dearfach agus súil i gcónaí ar na mionsonraí, spriocamanna agus soláthar.

Seo a leanas príomhdhualgais an Chlárbhainisteora:

  • Bainistiú a dhéanamh ar choistí ildisciplíneacha ina bhfuil ballraíocht uile-oileánda, ó réimse earnálacha – lena n-áirítear gníomhaíochtaí a eagrú ar nós léachtaí a bheidh i mbéal an phobail, fóraim phlé, comhdhálacha, máistir-ranganna, dámhachtana.
  • Ullmhúchán a dhéanamh i gcóir cruinnithe, idir ábhar faisnéisithe, moltaí, dualgais rúnaíochta, urraíocht agus tiomsú airgid, freagairtí agus tuarascálacha chomh maith le tacú le dearcadh an Acadaimh a chur in iúl do bhaill coiste, Oifigigh an Acadaimh agus comhlachtaí agus daoine ábhartha lasmuigh.
  • Tacú leis an mBord Acadúil agus obair go solúbtha ar réimse coistí.
  • Bainistiú a dhéanamh ar sholáthar agus ar chumarsáid maidir le hobair na gcoistí.
  • Cabhrú le cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach 2019-2023, agus an Phlean a bheidh ina dhiaidh sin ann.
  • Cabhrú le caidreamh an Acadaimh a thógáil agus a bhainistiú le páirtithe leasmhara tábhachtacha laistigh agus lasmuigh.
  • Cabhrú leis an obair tionscadail, agus leis an gcomhoibriú laistigh den Acadamh, mar is riachtanach.
  • Cúraimí eile a cheapann an Bainisteoir Líne atá oiriúnach, laistigh de scóip an phoist.

Sonraíocht an Duine

Cáilíochtaí Riachtanacha

  • Céim tríú leibhéil nó a cómhaith de cháilíocht i réimse gaolmhar
  • Fianaise ar chumas bainistiú a dhéanamh ar iomad tascanna laistigh d’amscálaí atá géar.
  • Scileanna cumarsáide den scoth, idir scríofa agus labhartha.
  • Scileanna eagrúcháin agus bainistiú tionscadail den scoth.
  • Scileanna idirphearsanta den scoth, agus taithí i gcaidreamh le páirtithe leasmhara.
  • Taithí maidir le taighde agus dréachtú a dhéanamh ar ábhar faisnéisithe.
  • An cumas bheith seiftiúil, agus feidhmiú go maith faoi bhrú.
  • Taithí trí bliana ar a laghad in dhá réimse díobh seo a leanas: riarachán ardoideachais nó ealaíon, bainistiú cultúrtha, earnáil phoiblí, bainistiú imeachtaí, taighde, gnó agus/nó abhcóideacht.

Eolas Breise

Tuarastal: Beidh an tuarastal ar scála an Chlárbhainisteora €39,979 - €52,112. Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gur ag bun an scála a bheifear ag teacht isteach agus gur féidir an ráta íocaíochta a athrú ó am go ham de réir bheartas pá an rialtais. Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire go mbeidh feidhm le pá agus coinníollacha difriúla sa chás, díreach roimh an gceapachán, gur státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí é/í an t-iarrthóir.

Uaireanta Oibre: 35 uair an gnáthlíon uaireanta a oibrítear sa tseachtain.

Ní íoctar ragobair i gcás tinrimh bhreise, ach, sa chás go dtarlódh sé, le ham saor in lieu ag tréimhsí a aontaítear roimhré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Tá an post seo oiriúnach don obair chumaisc.

Saoire: Is é 25 lá sa bhliain, pro rata do thréimhsí níos giorra, an teidlíocht laethanta saoire. Beidh an teidlíocht ar shaoire do laethanta saoire poiblí i gcomhréir le téarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Is riachtanach suas le ceithre lá saoire a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta um Cháisc agus um Nollaig.

Leigheas: Ní mór don fhoireann, más riachtanach, agus sin ar chostas an Acadaimh, glacadh le scrúdú leighis ag liachleachtóir a ainmneoidh an tAcadamh, agus a thabhairt d’údarás don liachleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus a n-éiríonn dá mbun a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh, sa chaoi go mbeidh an tAcadamh ábalta a mheas an bhfuil aon cheist ann a chuirfeadh isteach, dar leo, ar bhall foirne a d(h)ualgais a chur de/di.

Pinsean: Beidh mionsonraí faoin scéim phinsin oiriúnach ar fáil ach stádas an té a cheapfar bheith socraithe.

Ranníocaíocht Pinsin Bhuan: Tá an ceapachán seo faoi réir ag an Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreis (ASC) i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2019.

Próiseas Iarratais

Ní mór cóip amháin leictreonach d’iarratais chomhlánaithe (gach cáipéis faoi iamh aon doiciméad Word amháin) a chur isteach chuig recruitment@ria.ie san ord atá leagtha amach thíos:

  • litir chlúdaigh achomair ina léireofar conas a chomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost seo (700 focal ar a mhéad)
  • curriculum vitae a dhéanann achoimre ar do cháilíochtaí agus an taithí ábhartha atá agat (4 leathanach ar a mhéad)

Cuirfear na hiarrthóirí ar ghearrliosta bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil ar an iarratas. 

Tabhair do d’aire: ní ghlacfar le hiarratais nach gcomhlíonann riachtanais ar fad an phróisis iarratais.

Spriocdháta: 21 Lúnasa ag 12:00 meán lae. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta seo.

Meastar gur sa tseachtain dar tús 28 Lúnasa 2023 a bheidh na hagallaimh á reáchtáil.

Beidh ceisteanna bunaithe ar inniúlacht i gceist san agallamh seo.

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now