THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Folúntas: Ceann na gClár agus na Rannpháirtíochta

05 April 2024

Fáiltítear roimh iarratais ar phost Ceann na gClár agus na Rannpháirtíochta, atá lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá an leagan Béarla don phost seo ar fáil anseo

Rannóg: Cláir agus Rannpháirtíocht
An Cineál Conartha: Buan
Tuairisciú do: Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Léargas Ginearálta

Fáiltítear roimh iarratais ar phost Ceann na gClár agus na Rannpháirtíochta, atá lonnaithe in Acadamh Ríoga na hÉireann. Is é maoiniú poiblí a fhaigheann Acadamh Ríoga na hÉireann go príomha agus cuireadh ar bun é chun an léann sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Tá an plean straitéiseach is déanaí de chuid an Acadaimh, a bhaineann leis an tréimhse ó 2019 go 2023, ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.

Príomhchuspóir an róil

Déanann an Roinn Clár agus Rannpháirtíochta bainistiú ar rialachas agus riarachán lárnach an Acadaimh agus Acadamh Óg Éireann; an fheidhm chumarsáide; riarachán deontas agus duaiseanna; obair na gcoistí ildisciplíneacha agus coistí eile; agus an próiseas toghcháin chun ballraíochta. Tacaíonn an Roinn leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun plean straitéiseach an Acadaimh a chur le chéile agus treoraíonn sí a fhorfheidhmiú trí oibriú le comhghleacaithe agus comhaltaí chun spriocanna uileghabhálacha an Acadaimh a chur chun cinn. Trí mheán an Bhoird Acadúil agus líonra de choistí agus de chláir, tugann an roinn saineolaithe le chéile chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna comhleasa agus imní agus chun luach saothair a thabhairt don sármhaitheas.

Príomhfhreagrachtaí

Ag tuairisciú dó don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, beidh an Ceannasaí Clár agus Rannpháirtíochta freagrach as ceannaireacht, bainistíocht agus seachadadh na nithe seo a leanas:

Rialachas:

  • Tacaíocht a thabhairt do Chomhairle an Acadaimh agus don Choiste Feidhmiúcháin, agus obair leis an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha chun cur chuige foriomlán an Acadaimh i leith saincheisteanna rialachais a neartú.
  • Cáipéisí, cláir oibre, páipéir sheasaimh srl. a ullmhú do chruinnithe na Comhairle agus an Choiste Feidhmiúcháin
  • Comhairle a thabhairt ar chairt agus fodhlíthe an Acadaimh, de réir mar is gá
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht na gcruinnithe bliantúla sonraithe

Athrú straitéiseach:

  • Faireachán agus comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme phlean straitéiseach an Acadaimh
  • Maoirseacht a dhéanamh ar thacaíocht riaracháin Acadamh Óg Éireann
  • Comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na moltaí inrochtaineachta agus inbhuanaitheachta ó iniúchóirí seachtracha i gcomhairle leis an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha

Riarachán lárnach:

  • Maoirseacht a sholáthar ar riarachán ARÉ; aontú ar bheartais, nósanna imeachta agus prótacail riaracháin chun seachadadh seirbhíse éifeachtach a chinntiú
  • Gach dualgas riaracháin is gá a dhéanamh chun a chinntiú go seachadtar go héifeachtach cúraimí sonraithe de réir spriocdhátaí agus buiséad aontaithe, ag comhlíonadh na mbeartas inmheánach, an rialachais agus na ceanglais iniúchta uile.
  • Bainistíocht líne dhíreach a sholáthar do bhainisteoirí sinsearacha clár agus, in éineacht leis an gCeannasaí Acmhainní Daonna, tacú le bainisteoirí clár eile agus le cúntóirí sinsearacha feidhmiúcháin chun inniúlachtaí foirne agus pleananna oiliúna a fhorbairt.
  • Bainistiú a dhéanamh ar bharrfheabhsú agus ar leathnú chóras Salesforce ARÉ
  • Bainistiú buiséid ábhartha a dhéanamh agus gníomhú mar shínitheoir cuntais

Coistí agus ballraíocht:

Maoirseacht a dhéanamh ar an tacaíocht riaracháin do choistí ildisciplíneacha an Acadaimh; an Bord Acadúil agus an Coiste Comhairleach maidir le hiarrthóirí ar bhallraíocht a mheasúnú; an Coiste Comhionannais, Ilchineálachta agus Cuimsithe; agus na coistí measúnaithe le haghaidh duaiseanna agus dámhachtainí

Cumarsáid:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar sheachadadh phlean cumarsáide straitéiseach an Acadaimh chun tacú lena chroíchuspóirí ar fud gach réimse, feasacht ar obair ARÉ a leathnú agus a rochtain a mhéadú san earnáil oideachais agus i bpríomh-spriocghrúpaí eile.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt, ar chur in ord tosaíochta agus ar sheachadadh cumarsáide uile an Acadaimh lena n-áirítear gníomhaíocht preasa agus caidrimh phoiblí; gach cumarsáid chlóite lena n-áirítear an tAthbhreithniú Bliantúil; gach cumarsáid dhigiteach lena n-áirítear seachadadh láithreán gréasáin nua ARÉ; straitéisí brandála; agus gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú caidrimh le páirtithe leasmhara
  • Obair go cruthaitheach le réimse páirtithe leasmhara éagsúla chun obair an Acadaimh a chur chun cinn agus a fheabhsú
  • Maoirsiú agus comhordú a dhéanamh ar chlár Dioscúrsa an Acadaimh agus ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
  • Obair le Roinn Cumarsáide an Acadaimh chun tacú le Cairde Corparáideacha / tionscnaimh dearlaice agus urraíochta

Níl an liosta dualgas atá sonraithe thuas ceaptha le bheith eisiach ná sriantach agus beidh gá le solúbthacht maidir le leithdháileadh dualgas sonrach.

Note: Le bheith cáilithe, is gá d’iarrthóirí a bheith incháilithe faoin dáta a dtairgfear aon phost dó nó di. Níl sa tsonraíocht poist seo ach treoir ar réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart féachaint air mar liostú cuimsitheach. D'fhéadfadh sé go n-athrófaí an tsonraíocht poist seo i gcás go dtiocfadh struchtúir nua isteach agus / nó go dtiocfadh athrú ar riachtanais an Acadaimh.

Sonraíocht duine

Cáilíochtaí riachtanacha

  • Céim tríú leibhéal i ndisciplín ábhartha
  • Teist chruthaithe chúig bliana ar a laghad de thaithí, nó a choibhéis, a bhaint amach ar leibhéal bainistíochta san earnáil phríobháideach nó phoiblí, go hidéalach san Earnáil Ardoideachais
  • Féinspreagtha le cur chuige dearfach agus gairmiúil i leith na bainistíochta
  • Cumas soiléir chun ceannaireacht, forbairt agus spreagadh a thabhairt laistigh den fhoireann agus trasna feidhmeanna
  • Scileanna idirphearsanta, idirbheartaíochta agus cumarsáide den scoth agus an cumas caidrimh éifeachtacha a thógáil le comhaltaí, baill foirne, páirtithe leasmhara, comhpháirtithe, gníomhaireachtaí rialtais srl.
  • Scileanna scríbhneoireachta agus láithreoireachta den scoth
  • Eolas agus tuiscint láidir ar threochtaí reatha sna meáin dhigiteacha/sna meáin shóisialta
  • Fianaise ar chumas a bheith i do smaointeoir straitéiseach le taithí inléirithe ag aistriú smaointe ina dtorthaí dearfacha inláimhsithe
  •  Taithí inléirithe ar réiteach fadhbanna agus scileanna bainistíochta coinbhleachta; úinéireacht a ghlacadh ar cheisteanna agus saincheisteanna a fheiceáil go réidh chun críche

Cáilíochtaí inmhianaithe

  • Cáilíocht iarchéime i ndisciplín ábhartha
  • Cáilíocht nó taithí i mbainistíocht tionscadal

Tuilleadh Eolais

Tuarastal: Tá an tuarastal ar Scála SAES – €53,425 - €87,730.

Uaireanta Oibre: Is iad na gnáthuaireanta oibre 35 uair sa tseachtain.

Ní dhéantar íocaíochtaí ragoibre as freastal breise. Má thagann freastal breise chun cinn mar sin féin, glantar é trí am saor ina ionad ag amanna a chomhaontaítear roimh ré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Tá an ról seo oiriúnach d'obair chumaisc.

Saoire: Is é 30 lá in aghaidh na bliana an teidlíocht saoire bliantúla, pro rata i gcás tréimhsí níos giorra. Tá teidlíocht chun saoire le haghaidh laethanta saoire poiblí de réir théarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an dara rogha ann ach suas le ceithre lá saoire bliantúla a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta i gcomhair na Nollag.

Sochair Fostaithe: Ar shamplaí de chuid dár sochair reatha d’fhostaithe tá:

  • Teidlíocht fhlaithiúil saoire bliantúla
  • Beartais a thacaíonn le teaghlaigh
  • Beartas um obair chumaisc
  • Scéim sochair optúil a bheith ar fáil
  • Scéim um rothaíocht chun na hoibre a bheith ar fáil
  • Réimse deiseanna foghlama agus forbartha
  • Beartas um shaoire bhreoiteachta
  • Saoire mháithreachais, uchtála agus atharthachta le pá
  • Curtha isteach go huathoibríoch i scéim pinsin
  • Clár cúnaimh d’fhostaithe

Scrúdú Dochtúra: Rachaidh ball foirne, más gá, agus ar chostas an Acadaimh, faoi scrúdú dochtúra arna dhéanamh ag lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe ag an Acadamh agus údaróidh sé nó sí don lia-chleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus na nithe a eascraíonn as a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh ionas gur féidir leis an Acadamh fáil amach faoi aon nithe a d’fhágfadh, dar leo, nach mbeadh ball foirne in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh i gceart.

Pinsean: Cuirfear sonraí na scéime pinsin cuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an té a cheapfar.

Ranníocaíochtaí le Pinsean Buan: Tá an ceapachán seo faoi réir na Ranníocaíochta Aoisliúntais Bhreise (ASC), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.

An Próiseas Déanta Iarratais

Ní mór an t-iarratas comhlánaithe, é ina chomhad leictreonach amháin (agus na doiciméid go léir i ndoiciméad Word amháin), a chur faoi bhráid recruitment@ria.ie san ord mar atá leagtha amach thíos:

  • Litir chlúdaigh ghairid a léiríonn an chaoi a gcomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost (700 focal ar a mhéad)
  • Curriculum vitae ina ndéantar achoimre ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí ábhartha (4 leathanach ar a mhéad)

Déanfar iarrthóirí a ghearrliostú ar bhonn an eolais atá ina n-iarratas. 

Tabhair faoi deara, mura gcomhlíontar riachtanais déanta iarratais, go measfar an t-iarratas a bheith neamhbhailí.

Dáta deiridh: 25.04.2024. Ní chuirfear iarratais dhéanacha san áireamh.

Táthar ag súil go reáchtálfar na hagallaimh le linn na seachtaine dar tús an 29.04.2024.

Tabhair faoi deara go mbeidh ceisteanna bunaithe ar inniúlachtaí san agallamh seo.

Ba cheart d'iarrthóirí a thabhairt faoi deara gur féidir painéil a chur ar bun a úsáidfear le poist a líonadh amach anseo.

Ní ghlacfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann le haon fhreagracht as aon chostas arna thabhú

Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann.

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now