Clárbhainisteoir - Daonnachtaí
09 August 2023Tá iarratais á lorg ag an Acadamh do Bhainisteoir Cláir - Daonnachtaí.
Roinn: Cláir agus Teagmháil
Cineál an Chonartha: Téarma Seasta
Tréimhse an Chonartha: 3 bliana
Freagrach do: Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó a (h)Ainmní
Forléargas
Tá fáilte roimh iarratais ar an bpost mar Chlárbhainisteoir – Daonnachtaí in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bunaíodh Acadamh Ríoga na hÉireann chun léann na n-eolaíochtaí agus na ndaonnachtaí a chur chun cinn ar fud na hÉireann, agus is ón státchiste is mó a fhaigheann sé maoiniú. Tá an plean straitéiseach is déanaí ag an Acadamh ar fáil anseo: https://www.ria.ie/strategic-plan.
Cuspóir an phoist
Tá cláir taighde náisiúnta á reáchtáil san Acadamh, go háirithe i réimsí a bhaineann le hÉirinn agus a hoidhreacht. Anuas air sin, déanann an tAcadamh ionadaíocht idirnáisiúnta ar son léann na hÉireann, tá leabharlann ann a n-aithnítear a tábhacht uathúil ar fud an domhain, agus is foilsitheoir acadúil den scoth é.
Tá de chuspóir ag coistí léinn ildisciplíneacha an Acadaimh (MDC) an comhoibriú a chur sa tsiúl ar fud na réimsí léinn agus laistigh díobh, agus comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir le rannpháirtíocht an Acadaimh i réimsí atá i mbéal an phobail, ar bhonn uile-oileáin.
Cuireann na coistí saineolas scolártha ar fáil agus cuireann luach na n-eolaíochtaí, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta chun cinn. Bíonn clár oibre acu leis seo a dhéanamh, ina mbíonn imeachtaí poiblí i gceist, chomh maith le ráitis saineolacha, freagairtí do chomhairliúcháin an Rialtais agus obair le cumainn idirnáisiúnta ábhartha.
Tá an tAcadamh ag glacadh le hiarratais ar phost mar Chlárbhainisteoir chun bainistiú a dhéanamh ar na cúig choiste daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta agus dhá choiste sheasta, agus chun forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Acadaimh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta.
Tá mionsonraí faoi na coistí ar fáil anseo: https://www.ria.ie/humanities-and-social-sciences-committees
Dualgais
Is gá go mbeidh scileanna den scoth sa bhainistiú tionscadail, imeachtaí agus caidrimh ag an té a cheapfar, lena n-áirítear cumas cumarsáide agus riaracháin, chomh maith le cumas scríobh go beacht achomair agus cumarsáid shoiléir dhíograiseach a dhéanamh ar fud an Acadaimh agus le réimse leathan páirtithe leasmhara. Duine féintionscanta thú, a bhaineann sult as bheith ag obair i gcomhar le foireann le cur chuige dearfach agus súil i gcónaí ar na mionsonraí, spriocamanna agus soláthar.
Seo a leanas príomhdhualgais an Chlárbhainisteora:
- Bainistiú a dhéanamh ar choistí ildisciplíneacha ina bhfuil ballraíocht uile-oileánda, ó réimse earnálacha – lena n-áirítear gníomhaíochtaí a eagrú ar nós léachtaí a bheidh i mbéal an phobail, fóraim phlé, comhdhálacha, máistir-ranganna, dámhachtana.
- Ullmhúchán a dhéanamh i gcóir cruinnithe, idir ábhar faisnéisithe, moltaí, dualgais rúnaíochta, urraíocht agus tiomsú airgid, freagairtí agus tuarascálacha chomh maith le tacú le dearcadh an Acadaimh a chur in iúl do bhaill coiste, Oifigigh an Acadaimh agus comhlachtaí agus daoine ábhartha lasmuigh.
- Tacú leis an mBord Acadúil agus obair go solúbtha ar réimse coistí.
- Bainistiú a dhéanamh ar sholáthar agus ar chumarsáid maidir le hobair na gcoistí.
- Cabhrú le cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach 2019-2023, agus an Phlean a bheidh ina dhiaidh sin ann.
- Cabhrú le caidreamh an Acadaimh a thógáil agus a bhainistiú le páirtithe leasmhara tábhachtacha laistigh agus lasmuigh.
- Cabhrú leis an obair tionscadail, agus leis an gcomhoibriú laistigh den Acadamh, mar is riachtanach.
- Cúraimí eile a cheapann an Bainisteoir Líne atá oiriúnach, laistigh de scóip an phoist.
Sonraíocht an Duine
Cáilíochtaí Riachtanacha
- Céim tríú leibhéil nó a cómhaith de cháilíocht i réimse gaolmhar
- Fianaise ar chumas bainistiú a dhéanamh ar iomad tascanna laistigh d’amscálaí atá géar.
- Scileanna cumarsáide den scoth, idir scríofa agus labhartha.
- Scileanna eagrúcháin agus bainistiú tionscadail den scoth.
- Scileanna idirphearsanta den scoth, agus taithí i gcaidreamh le páirtithe leasmhara.
- Taithí maidir le taighde agus dréachtú a dhéanamh ar ábhar faisnéisithe.
- An cumas bheith seiftiúil, agus feidhmiú go maith faoi bhrú.
- Taithí trí bliana ar a laghad in dhá réimse díobh seo a leanas: riarachán ardoideachais nó ealaíon, bainistiú cultúrtha, earnáil phoiblí, bainistiú imeachtaí, taighde, gnó agus/nó abhcóideacht.
Eolas Breise
Tuarastal: Beidh an tuarastal ar scála an Chlárbhainisteora €39,979 - €52,112. Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gur ag bun an scála a bheifear ag teacht isteach agus gur féidir an ráta íocaíochta a athrú ó am go ham de réir bheartas pá an rialtais. Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire go mbeidh feidhm le pá agus coinníollacha difriúla sa chás, díreach roimh an gceapachán, gur státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí é/í an t-iarrthóir.
Uaireanta Oibre: 35 uair an gnáthlíon uaireanta a oibrítear sa tseachtain.
Ní íoctar ragobair i gcás tinrimh bhreise, ach, sa chás go dtarlódh sé, le ham saor in lieu ag tréimhsí a aontaítear roimhré leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Tá an post seo oiriúnach don obair chumaisc.
Saoire: Is é 25 lá sa bhliain, pro rata do thréimhsí níos giorra, an teidlíocht laethanta saoire. Beidh an teidlíocht ar shaoire do laethanta saoire poiblí i gcomhréir le téarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Is riachtanach suas le ceithre lá saoire a thógáil nuair a bhíonn an tAcadamh dúnta um Cháisc agus um Nollaig.
Leigheas: Ní mór don fhoireann, más riachtanach, agus sin ar chostas an Acadaimh, glacadh le scrúdú leighis ag liachleachtóir a ainmneoidh an tAcadamh, agus a thabhairt d’údarás don liachleachtóir sin torthaí an scrúdaithe agus a n-éiríonn dá mbun a nochtadh agus a phlé leis an Acadamh, sa chaoi go mbeidh an tAcadamh ábalta a mheas an bhfuil aon cheist ann a chuirfeadh isteach, dar leo, ar bhall foirne a d(h)ualgais a chur de/di.
Pinsean: Beidh mionsonraí faoin scéim phinsin oiriúnach ar fáil ach stádas an té a cheapfar bheith socraithe.
Ranníocaíocht Pinsin Bhuan: Tá an ceapachán seo faoi réir ag an Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreis (ASC) i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2019.
Próiseas Iarratais
Ní mór cóip amháin leictreonach d’iarratais chomhlánaithe (gach cáipéis faoi iamh aon doiciméad Word amháin) a chur isteach chuig recruitment@ria.ie san ord atá leagtha amach thíos:
- litir chlúdaigh achomair ina léireofar conas a chomhlíonann tú na cáilíochtaí agus an taithí don phost seo (700 focal ar a mhéad)
- curriculum vitae a dhéanann achoimre ar do cháilíochtaí agus an taithí ábhartha atá agat (4 leathanach ar a mhéad)
Cuirfear na hiarrthóirí ar ghearrliosta bunaithe ar an eolas a chuirfear ar fáil ar an iarratas.
Tabhair do d’aire: ní ghlacfar le hiarratais nach gcomhlíonann riachtanais ar fad an phróisis iarratais.
Spriocdháta: 21 Lúnasa ag 12:00 meán lae. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta seo.
Meastar gur sa tseachtain dar tús 28 Lúnasa 2023 a bheidh na hagallaimh á reáchtáil.
Beidh ceisteanna bunaithe ar inniúlacht i gceist san agallamh seo.