THE ROYAL IRISH ACADEMY IS IRELAND'S LEADING BODY OF EXPERTS IN THE SCIENCES AND HUMANITIES

The Royal Irish Academy/Acadamh Ríoga na hÉireann champions research. We identify and recognise Ireland’s world class researchers. We support scholarship and promote awareness of how science and the humanities enrich our lives and benefit society. We believe that good research needs to be promoted, sustained and communicated. The Academy is run by a Council of its members. Membership is by election and considered the highest academic honour in Ireland.

Read more about the RIA

Marstrander agus an Máistir

26 October 2023

Déanann Conchúr Mag Eacháin cur síos achomair ar an turas a rinne Carl Marstrander go dtí an Blascaod Mór in 1907 agus a chaidreamh le Tomás Ó Criomhthain. 

‘Ní fear go dtí é’ – ba é sin mar a rinne Tomás Ó Criomhthain cur síos ar Carl Marstrander agus é ag caint leis an scoláire D.A. Binchy sa bhliain 1926,[i] beagnach 20 bliain tar éis don ‘Lochlannach’ – mar a thugtaí air – cos a leagan ar an Oileán Tiar. Níor chaith sé ach 5 mhí ar an oileán agus níor fhill sé ina dhiaidh sin, ach ba léir gur cothaíodh dlúthchaidreamh idir an bheirt le linn an ama sin.

Rugadh Carl Marstrander in Kristiansand, i ndeisceart na hIorua, in 1883. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois thug sé a aghaidh ar Ollscoil Osló, áit ar cothaíodh a spéis i dteangacha – an tSean-Ghaeilge san áireamh – agus é ina mhac léinn ag Sophus Bugge, Ollamh le Teangeolaíocht Chomparáideach agus an tSean-Lochlainnis, agus Alf Torp, Ollamh le Sanscrait. Lúthchleasaí den scoth a bhí ann agus in 1907 fuair sé cuireadh le bheith ar fhoireann Oilimpeach na hIorua mar léimneoir cuaille. San am chéanna bhí scoláireacht faighte aige dul go hÉirinn agus staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an teanga labhartha. D’áitigh Bugge air dul go hÉirinn agus sin a rinne sé i samhradh na bliana sin.

I mBaile Átha Cliath dó, d’fhan sé le Richard Irvine Best a bhí ina leabharlannaí sa Leabharlann Náisiúnta ag an am, sular thug sé faoin turas fhada go Ciarraí agus Baile an Fheirtéaraigh. Thaitin an tréimhse ansin leis agus é ag stopadh le muintir Lúing ach shocraigh sé dul chuig an Bhlascaod Mhór agus an iomarca Béarla le cluinstin fríd an Ghaeilge ar an tír mór dar leis – ‘ba mhór liom an Béarla bhí ar siubhal tríd an nGhaedhlaing’, ar sé i litir go Best i Meán Fómhair, 1907, agus é ar an oileán le roinnt mhaith seachtainí.[ii]

I mí Lúnasa 1907, bhain Marstrander an tOileán Tiar amach. D’insíodh Marstrander féin scéilín faoina theacht i dtír an chéad uair agus é ag caitheamh aníos rud beag ar léann na leabhar agus an easpa eolais ar an teanga bheo. Bhí cuid de na hoileánaigh cruinn ar an ché agus thug an Rí, Pádraig Ó Catháin, caint uaidh agus é ag cur fáilte roimhe. Nuair a bhí sé críochnaithe, shocraigh Marstrander go dtabharfadh sé féin óráid uaidh i nGaeilge, ach faraor ba í an tSean-Ghaeilge an t-aon Ghaeilge a bhí aige. Agus a chuid focal ráite aige, d’amharc sé ar an Rí agus é ag dúil le freagra uaidh, agus dhearbhaigh an Rí gur teanga álainn go deimhin í an Ioruais![iii]   

‘Fear lom árd geal-chroicinn glas-shúlach dob’ eadh é’ Marstrander arsa Tomás Ó Criomhthain ina leabhar dírbheathaisnéise. Bhí duine ó Marstrander leis an Ghaeilge a mhúineadh dó agus bheartaigh an Rí gurbh é Tomás an duine ceart. Casadh ar a chéile iad agus thug sé leabhar leis an Ath. Peadar do Thomás, nó dá ‘mháistir’, mar a bhaist sé air. Seo mar a chuireann Tomás síos ar chúrsaí:

Do ghaibh sé chugham gan ró mhoill agus do cheistigh mé. Do chuir leabhar chugham, “Niamh.” “Táir go maith, ach a' bhfuil Béarla agat?” ar seisean. “Níl Béarla mór agam, a dhuine uasail,” arsa mise leis. “Déanfaidh san,” ar seisean.

An chéad lá do chuamair le chéile thug sé an teideal máighistir dom!

Carl Marstrandar dob' é é. Fear breagh dob' eadh é, uasal, íseal agus, dar ndóigh, is sin mar bhíonn a lán d'á sórt go mbíonn an fhoghluim go léir ortha. Chúig mhí do chaith sé insa Bhlascaod. Téarma insa ló do bhímís le 'chéile ar feadh leath na h-aimsire, a dó nó a trí huaire 'chluig gach lá …’[iv]

Bhí tobar glan na Gaeilge aimsithe ag Marstrander dar leis: ‘Is dóigh liom gur glainne i bhfaid an chaint ’tá ’ghá labhairt ann so ná in-aon áit eile do bhuail liom ar mo shiubhal’, deir sé i litir i mí Mheán Fómhair go dtí Best. Bhíodh sé i measc na ndaoine i rith an lae agus bhí feabhas mór i ndiaidh teacht ar a chuid Gaeilge dar leis. Ní raibh an saol chomh compordach aige ar an oileán is mar a bhí sé i mBaile Átha Cliath ach bhí sé i Márta a trí mar is léir ón méid seo sa litir chéanna: ‘Caithfead a rádh gurab é an rud is breághtha a chuala agus do chonnac i n-Éirin an teanga Éireannach, an ceol Éireannach, an t-amhrán Éireannach agus an rinnce Éireannach, do fuaras i measc na ndaoine anabhocht anso’.[v]

A fhad is a bhí sé ar an oileán, bhí Marstrander ag stopadh leis an Rí agus seomra dá chuid féin aige sa ‘Phálás’. Bhí sé ar intinn aige tréimhse fhada a chaitheamh ann ach bhí air filleadh abhaile i dtrátha na Nollag 1907. Rinne sé cur síos ar a sheal ar an Bhlascaod Mhór in ‘Lidt af hvert fra Irland’ san iris Det Norske Geografiske Selskabs Aarbog (20, 1908-9). Anuas ar fhoghlaim na Gaeilge, bhí saothar eile idir lámha aige agus é ann cé nár fhoilsigh sé aon staidéar ar Ghaeilge an Bhlascaoid. Thángthas ar lámhscríbhinn roinnt blianta ó shin i measc pháipéir Marstrander i Leabharlann Náisiúnta na hIorua – ‘Fra Blasket (Nedtegninger under et opphold paa Great Blasket Isl. sommeren 1907)’ – nó ‘Ón Bhlascaod (nótaí a breacadh síos ar an Bhlascaod Mhór, samhradh 1907)’. Tá liosta de na focail ó  A go Aimhréidhe ó fhoclóir an Duinnínigh (Foclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904) aige mar aon leis an fhuaimniú Bhlascaodach, comhchiallaigh agus nótaí eile a bhaineas le Gaeilge an oileáin. Tá sé scríofa sa teanga chaighdeánach a bhí in úsáid san Iorua lena linn sin. Tá an lámhscríbhinn tras-scríofa ag Mads Haga mar chuid de thráchtas máistreachta a rinneadh ar Ollscoil Osló: ‘Liosta focal ón mBlascaod agus a údar, Carl Marstrander’ (2005) an teideal atá air sin.[vi] Tá an foclóir féin digitithe agus ar fáil anseo

 

 


Leathanach ó fhoclóir Marstrander, MS 4702, Leabharlann Náisiúnta na hIorua.
Le caoinchead ó mhuintir Marstrander agus ón Leabharlann.

 

Nuair a d’fhág Marstrander an Blascaod Mór in 1907, is dócha nár shíl sé nach gcasfaí a chara Tomás agus an t-oileán leis arís choíche, ach tá an chuma ar an scéal gurbh amhlaidh a tharla. Níor tháinig deireadh leis an chairdeas áfach agus bhíodh an Lochlannach agus an máistir ag scríobh litreacha chuig a chéile agus sheoladh Marstrander síntiúis airgid agus eile chuig a sheanchara ó am go chéile. I measc na rudaí a chuir sé chuig Tomás bhí beart leathanach agus é ag iarraidh air liosta ainmhithe agus plandaí ina chanúint féin a chur chuige. Seo mar a chuireann Tomás féin síos air:

Tháinig litir chugham ó'n Lochlannach lán de pháipéar chun ainm gach ainmhidhe ar an dtalamh, ainm gach éin sa spéir, ainm gach éisc sa bhfairrge agus ainm gach luibhe ag fás a chur chuige anonn go Lochlainn agus órdú agam gan baint le h-aon leabhar ach iad a litriú insa bhlas do bhí agam féin.[vii]

Níor shíl Tomás go mbeadh sé in ann an obair seo a dhéanamh ina aonar óir ní raibh sé ar a chompord ó thaobh litriú na Gaeilge de agus d’iarr sé cúnamh ar Thadhg Ó Ceallaigh, múinteoir Gaeilge, a bhí díreach tar éis teacht chun an oileáin:

Seadh, ní rabhas ró oilte ar an dteangain a bhreacadh san am so agus, a bhuachaill mhaith, níor mhór dom a bheith go sár-mhaith chun na h-ainmneacha so go léir a litriú ceart. Do thagras an scéal le Tadhg. “Ó!” arsa Tadhg, “déanfam le cabhair a chéile iad go rábach.” Ní raibh aon leisce ar Thadhg chun an ghnótha mar do thaithin an obair leis féin thar barr. Do bhíodh tamall gach lá againn ortha nó go rabhadar críochnaithe againn agus gur seoladh chuige anonn iad.[viii]

Maireann an liosta i gcónaí agus é i measc pháipéir Marstrander i Leabharlann Náisiúnta na hIorua. Is i lámh an Chriomhthanaigh féin atá sé cé go bhfuil corrnóta i ndúch eile ag Marstrander féin is dócha. Tá sé roinnte ina rannóga: Na h-éunlaighthe fairge, planndaí, na h-éanluighthe míne, na h-éanluighthe talmhan (móra), na h-éanluighthe talmhan (beaga), na h-éisgeanna, éisgeanna sliogán, insects. Bíonn an focal Gaeilge ann agus an Béarla in éineacht leis nó míniú i mBéarla nuair nach raibh sé sin aige (nó ag Tadhg), is cosúil. Seo roinnt samplaí den dara cás:

Lóma Larger than the féuch mara; has the same habbits; the under feathers are white in the lóma.

Bradhal The same as the cormorant almost – but the bradhal has a white throat, and is something larger.

Fionán “bog-grass” – long white grass used for making súgáin or hay-ropes.

Néunartach A kind of bulb with a few bare leaves and a bluish flower, it was formerly used for tanning leather.

Gobachán The little sparrow that's seen about the cuckoo.

Gealún buidhe The yellow-hammer (is not here – but is out on the mainland).

Cráinn dubh A smaller kind of whale – very plentiful here some years ago – used to annoy the fishermen very much. She always used to keep around the shoals of mackeral.

Sliogán-bó-leid A hard brown small kind of shell – it is very rare.

Méuracán óir a's airgid A small little shell with gold and silver streaks.

Sighle an phíce A slender brownish insect with little wings. It is found under stones and runs quickly for the little holes when the stone is lifted. 


Leathanach ó liosta an Chriomhthanaigh, MS 4702, Leabharlann Náisiúnta na hIorua.
Le caoinchead ón Leabharlann.

Formhór an ama, is féidir teacht ar an leagan canúnach agus an leagan caighdeánach in Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB) (1977) Uí Dhónaill, i bhfoclóir an Duinnínigh, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinn.) (1927) nó i bhfoclóirí eile, rud atá úsáideach nuair atá an leagan Béarla in easnamh, cé nach mbíonn siad ag teacht le chéile i gcónaí. Pléifear roinnt samplaí thíos:

Culúr teine Rock-pigeon.

Colúr tuinne ‘a kind of sea-pigeon’ (Dinn; iarthar Chiarraí); colúr teanna, ‘a rock-pigeon’ (Dinn.); colúr toinne, ‘black guillemot’ (FGB).

Úrlais chríona A bulky kind of herb growing among potatoes. It is gluey to the touch.

Níl an focal seo sna gnáthfhoclóirí ach tá sé i measc bailiúchán ainmneacha plandaí a bhailigh Éamonn Ó hÓgáin i gCorca Dhuibhne agus atá ar fáil ar an tsuíomh Focail Fholaithe: uirlis chríonna, an, ‘Galium aparine / robin-run-the-hedge’.[ix]

Pléann Nicholas Williams an t-ainm seo in alt ar COMHARTaighde 5 (2019).[x]

Amhráin-gléusta A plant with its leaves almost resembling the ivy – but not quite so smooth.

In Focail Fholaithe, tá an méid seo ag an Ógánach: na hamhráin, ‘Heracleum sphondylium’;[xi] odhrán, ‘cow parsley’;[xii] geamhrán gléasta, an, ‘Angelica sylvestrus / angelica’.[xiii]

Leagan malartach é odhrán de feabhrán, ‘Cow-parsnip, hogweed’ in FGB.

Gurradh-préachán A plant growing among potatoes. It is like the fuillig but it is hard.

In Focail Fholaithe, tá na foirmeacha seo i measc chnuasach Uí Ógáin: gora préacháin,[xiv] ach níl aon Bhéarla ná Laidin leis; agus cora préacháin ‘crowsfoot’;[xv] agus tá goradh préacháin ‘(of plant) crowsfoot’ i gcnuasach eile a chuir Seosamh Ó Dálaigh i dtoll a chéile.

Crobh préacháin ‘crowfoot’ an leagan atá in FGB.

Dearg-a-bear A kind of Connor fish, it is quite red, and more slender than the Connor.

In Dinn. tá, ‘dearga-bear a small species of fish found on the beach’, focal a bhfuil Seán Mac Murchadha Caomhánach (‘Seán a Chóta’) luaite leis. Tá tagairt do dearg-bhearg san iontráil chéanna – ‘a bream’ atá i gceist leis sin. Tá sé ag an Chóta ina fhoclóir Croidhe Cainnte Ciarraighe agus dearga-bhear an litriú atá air: ‘éiscín airceach, clipeach a lonnuigheas ameasc log ar an dtráigh (cottas bubalis). Ó n-a dhath a’s a chlipdhe an ainm’.[xvi] Ní dóigh liom go dtagann an cur síos sin leis an méid atá ag an Chriomhthanach. Tá an focal céanna in Uíbh Ráthach agus deirtear gurb ionann é agus ballach Muire nó ‘cuckoo wrasse’ ach luaitear an deargán fosta: ‘Tá breac eile un go dtugann siad an deargadh beara air. Ó mhuise, déanamh an bhallaigh atá ar slí air, ach go ndéarfá gur caoile sa róg siar é ná an ballach; …. An deargadh bear. Goinne garbh air, ar nós an deargáin’.[xvii]

Leathbhíd A very large kind of fish; it goes on the top of the water with the gills on its back in the form of a sail – this gill is about two feet in length.

Tá an focal seo san aguisín ag an Duinníneach agus is cosúil gur focal é nach bhfaightear ach ar an Bhlascaod: Leath-bhíd ‘a sunfish (Blask.)’.

Miothagán An insect similar to the cuil or fly, but a little longer and two yellow wings.

In Dinn. tá an focal meithiagán ‘an insect that appears about 1st of June; cf. meagán’. Faoin iontráil meagán tá ‘the green fly (?)’.

Liosta an-spéisiúil atá ann gan amhras agus is mór an gar é go bhfuil digitiú déanta ar an liosta iomlán fosta agus é ar fáil anseo.

Níor fhill Marstrander ar an Bhlascaod ach d’fhág sé a lorg ar an oileán ar go leor bealaí. Ba é a mhol do Robin Flower, mar shampla, an t-oileán a thabhairt air féin agus dul i mbun fhoghlaim na Gaeilge ag Tomás Ó Criomhthain. Bhí cara sa chúirt ag Bláithín gan amhras agus é ag dul chuig an Bhlascaod. Bhí an-chion go deo ag Tomás ar an ‘Lochlannach’. Chuir sé an méid sin in iúl dó i bhfoirm véarsaíochta, agus cuireadh an méid céanna i gcló fosta mar chuid den dán ‘Is fada mé im stad’:

Marstrander is ainm don Tréan-Fhear, go raibh 

beannacht gheal Dé chuige uaim;

Guidhim feasta saoghal fada óm béal do, gan easba

gan déislin na buadhairt.[xviii]

 

[i] M. Oftedal, ‘Professor Carl Marstrander’, Studia Celtica 2 (1967), 202-4.
[ii] M. Nic Craith, An tOileánach Léannta (Baile Átha Cliath, 1988), lch. 32.
[iii] M. Oftedal, ‘Carl J. S. Marstrander 1883–1965’, Lochlann 4 (1969), 299-303.  
[iv] T. Ó Criomhthain, An tOileánach, An Seabhac (eag.) (1929), lgh. 244-5.
[v] Nic Craith, An tOileánach Léannta, lgh. 34-5.
[vi] Féach fosta J. E. Rekdal, ‘Carl Marstrander’s encounter with the Great Blasket’, Proceedings of the eighth symposium of Societas Celtologica Nordica (2007), 15-20.

[vii] Ó Criomhthain, An tOileánach, lch. 245.

[viii] Ó Criomhthain, An tOileánach, lgh. 245-6.

[ix] http://focailfholaithe.fng.ie/content/uirlis-chr%C3%ADonna [ceadaithe 23/08/2023].

[x] N. Williams, ‘Ainmneacha Gaeilge ar Dhá Phlanda Dhúchasacha’, COMHARTaighde 5 (2019) ar fáil anseo: https://comhartaighde.ie/eagrain/5/williams/ [ceadaíodh 23/08/2023].

[xi] http://focailfholaithe.fng.ie/content/na-hamhr%C3%A1in [ceadaíodh 23/08/2023].

[xii] http://focailfholaithe.fng.ie/content/odhr%C3%A1n [ceadaíodh 23/08/2023].

[xiii] http://focailfholaithe.fng.ie/content/geamhr%C3%A1n-gl%C3%A9asta [ceadaíodh 23/08/2023].

[xiv] http://focailfholaithe.fng.ie/content/gora-pr%C3%A9ach%C3%A1in [ceadaíodh 23/08/2023].

[xv] http://focailfholaithe.fng.ie/content/cora-pr%C3%A9ach%C3%A1in [ceadaíodh 23/08/2023].

[xvi] Ar fáil anseo: https://www.forasnagaeilge.ie/angum/croidhe-cainnte-ciarraighe/ [ceadaíodh 23/08/2023].

[xvii] C. Nic Pháidín, Cnuasach Focal ó Uíbh Ráthach (Baile Átha Cliath, 1987).

[xviii] S. Laoide, Tonn Tóime (Baile Átha Cliath, 1915), lch. 68; An tOileánach Léannta, lch. 37.

Féach fosta MARSTRANDER, Carl (1883–1965), Ainm.ie, https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=460 [ceadaíodh 23/08/2023]; Marstrander, Carl, Dictionary of Irish Biography, https://www.dib.ie/biography/marstrander-carl-a5468 [ceadaíodh 23/08/2023].

Stay up to date with the Royal Irish Academy newsletter

Sign up now